Íseáia 53:1-12

53  “Cé a chreidfeadh an scéal is clos dúinn,agus neart an Tiarna, cé dó a nochtadh é?”  Amhail bachlóg is ea a d’fhás sé os ár gcomhaira mbeadh a fréamh i dtalamh tirim.Níl cruth ná cumthacht air, dá bhfaca sinnená scéimh ar bith go mbeadh dúil againn ann;  ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine,fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air;a ndála siúd a gclúdaímid ar n-aighthe ina bhfianaise,ba tháir agus ba tharcaisne linn é.  Ní hea! ach ár mbreoiteachtaí a bhí sé a iomparagus ár bpianta, ba iad a thromualach.Sinne, áfach, dar linn gur milleadh é,gur leag Dia lámh air agus go raibh sé cloíte.  Goineadh é as ucht ár gcoireanna,bascadh é as ucht ár gcionta.Airsean a cuireadh an pionós a thug sláinte dúinnagus trína fhearbacha tháinig cneasú orainne.  Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán,gach aon ag dul a bhealach féin.Agus d’aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.  Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin,agus níor oscail sé a bhéal.Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas,mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha,níor oscail sé a bhéal.  Le barr éigin agus le breithiúnas tugadh ar shiúl é;cé atá buartha faoina chríoch?Sea! Teascadh é as tír na mbeo;as ucht ár gcoireanna a ciorraíodh é.  Tugadh uaigh dó i measc na gcoirpeachagus tuama i gcuideachta na saibhre,cé nach ndearna sé éagóir ar aon duineagus nach raibh cluain ná cealg ina bhéal. 10  Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht.Má thugann sé a anam in éiric an pheaca,feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol,agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha. 11  “Tar éis saothar a anama,feicfidh sé an solas agus beidh sásamh air.Lena phianta déanfaidh mo ghiolla fíréin de na sluaite,á luchtú féin le hualach a gcionta. 12  Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite airagus roinnfidh sé an chreach leis na tréana,cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbásagus gur áiríodh é ar líon na bpeacach,cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aigeagus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.”

Fonótaí