Íseáia 8:1-22
8 Dúirt an Tiarna liom: “Tóg séala mór agus scríobh air i ngnáthlitreacha: Machaer Seálál Hais Baz.
2 Ansin faigh finnéithe dom atá inmhuinín: an sagart Úiriá agus Zacairiá, mac Ibiricia.”
3 Chuaigh mé i leith an bhanfháidh. Ghabh sí agus shaolaigh mac. Dúirt an Tiarna liom: “Tabhair Machaer Seálál Hais Baz mar ainm air,
4 óir sula mbeidh an gasúr seo in ann ‘daidí’ na ‘mamaí’ a rá, iomprófar saibhreas na Damaisce agus creach na Samáire os comhair rí na hAsaíre.”
5 Labhair an Tiarna liom arís agus dúirt:
6 “As siocair go bhfuil an pobal seo ag cur suas d’uiscí Shileoa shileann go suaimhneach,agus go bhfuil sé ag creathnú roimh Reizínagus mac Ramailiá,
7 cuirfidh an Tiarna ag líonadh in bhur gcoinneuiscí tréana domhaine na hAbhann(rí na hAsaíre agus a ghlóir go hiomlán).Sceithfidh sí as a grinneallagus cuirfidh sí thar a bruacha ar fad;
8 beidh sí ina tuile ar fud Iúdá, á bhá,agus líonfaidh sí suas go dtí an muineál,agus beidh a sciatháin spréitethar leithead do dhúiche, a Ímeánuéil.”
9 Bíodh fhios agaibh é, a náisiúna, scriosfar sibh;éistigí, a chiníocha i gcéin,ceanglaígí oraibh bhur n-airm, ach scriosfar sibh,ceanglaígí oraibh bhur n-airm, ach scriosfar sibh.
10 Beart má cheapann sibh, tá sé ó rath;focal má labhraíonn sibh, níl aon bhrí ann,mar tá Dia linne.
11 Óir is amhlaidh seo a labhair an Tiarna liom,nuair a rug a lámh orm chun mé a cheapadhó shlí an phobail seo a leanúint.
12 “Ná tabhair comhcheilgar gach a dtugann an pobal seo comhcheilg air;an ní is eagal leo,ná bíodh eagla ortsa roimhe, ná uamhan.
13 Tiarna na Slua,is é nach mór a naomhú;roimhesean a bheidh eagla oraibh, agus uamhan.
14 Eisean an sanctóir agus an ceap tuisleeisean an charraig a bhainfidh leaganas dhá theaghlach Iosrael;é ina shás agus ina ghaistedo mhuintir Iarúsailéim.
15 Agus bainfear tuisle as mórán díobh,titfidh siad agus brisfear iad;rachaidh siad sa dol agus béarfar orthu.”
16 Tá an tiomna faoi chlúdach,an teagasc faoi shéala agami gcroí mo dheisceabal.
17 Tá mé ag fanacht leis an Tiarna,atá ag ceilt a ghnúise ar theaghlach Iacóib,is ann atá mo dhóchas.
18 Mé féin agus an chlann a thug an Tiarna dom,is tuar agus mana sinn in Iosraeló Thiarna na Slua,a bhfuil a chónaí ar Shliabh Shíón.
19 Agus beidh siad á rá libh: “Fiafraígí de na taibhsíagus de lucht feasa a bhíonn ag bíogarnach agus ag durdáil;—cinnte, ní foláir do phobal dul i gcomhairle lena dhéitheagus ar mhaithe leis na beo, comhairle a ghlacadh ó na mairbh,
20 chun teagasc agus tiomna a fháil.”Nach cinnte gur mar sin a labhróidh siad,mar níl breacadh lae i ndán dóibh.
21 Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocrasagus leis an ocras tiocfaidh fearg orthuagus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia;ag amharc in airde dóibh
22 nó ag breathnú síos ar an talamh,níl ann ach anbhroid agus dorchadas,gruamacht na hanbhuaine,agus ní fheicfidh siad ach an oíche.