Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Cén Fáth ar Cheart an Bíobla a Scrúdú?

Cén Fáth ar Cheart an Bíobla a Scrúdú?

An bhfuil taithí agat ar an mBíobla? Is é an saothar eisceachtúil seo an leabhar is mó a bhfuil dáileadh déanta air i stair an duine. Tá a theachtaireacht ina fhoinse sóláis agus dóchais ag daoine as gach cultúr agus glacann siad lena chomhairle mar threoir phraiticiúil do shaol na linne seo. Mar sin féin, tá go leor daoine inniu ar bheagán eolais faoin mBíobla. Bíodh creideamh agat nó ná bíodh, b’fhéidir go bhfuil tú fiosrach ina thaobh. Is é cuspóir an bhróisiúir seo léargas ginearálta a thabhairt duit ar an mBíobla.

SULA dtosaíonn tú ag léamh an Bhíobla is fiú duit roinnt eolais a bheith agat maidir leis an leagan amach atá air. Tugtar na Scrioptúir Naofa air freisin, agus is bailiúchán é de 66 leabhar, ag tosú le Geineasas agus ag críochnú le Taispeáint, nó Apacailipsis.

Cé hé údar an Bhíobla? Is ceist spéisiúil í sin. Is fíor gur tuairim is 40 fear in imeacht 1,600 bliain a scríobh na Scrioptúir. Go suntasach, níor mhaígh na fir seo gurbh iad féin údair an Bhíobla. Scríobh duine de na peannairí: “Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi.” (2 Tiomóid 3:16) Dúirt duine eile de na scríbhneoirí: “Labhraíonn Spiorad an Tiarna tríomsa, tá a bhriathar ar mo theanga.” (2 Samúéil 23:2) Dá réir sin, mhaígh na scríbhneoirí gurbh é Iehova Dia, Rialtóir Ardcheannasach na cruinne, Údar an Bhíobla. Léiríonn na scríbhneoirí gur mian le Dia teanntás a dhéanamh ar dhaoine.

Tá rud eile atá riachtanach chun an Bíobla a thuiscint. Tá mór-théama amháin ag na Scrioptúir: ceart Dé an cine daonna a rialú trína Ríocht neamhaí. Ar na leathanaigh a leanas, tabharfaidh tú faoi deara go bhfuil an téama seo mar shnáth ó Gheineasas go dtí Apacailipsis.

Leis an méid sin san áireamh, déan breathnú anois ar an teachtaireacht atá sa leabhar is mó tóir ar domhan, an Bíobla.

^ Alt 9 Tá bealaí éagsúla le dátaí a chur in iúl. Sa bhróisiúr seo seasann CR do “Comh-Ré” agus RCR do “Roimh Chomh-Ré.” Tá sé seo léirithe sa líne ama atá ag ritheacht le bun na leathanach.