Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 1

Tugann an Cruthaitheoir Parthas Don Duine

Tugann an Cruthaitheoir Parthas Don Duine

Cruthaíonn Dia an chruinne fhisiceach agus gach rud atá beo ar an talamh; cruthaíonn sé fear agus bean fhoirfe, lonnaíonn sé iad i ngairdín álainn, agus tugann sé aitheanta dóibh le comhlíonadh

TÁ SIAD ar na chéad fhocail is cáiliúla dár scríobhadh riamh. “I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh.” (Geineasas 1:1) Leis an abairt shimplí mhórga sin, cuireann an Bíobla Príomhphearsa na Scrioptúir Naofa in aithne dúinn—Dia uilechumhachtach, Iehova. Léiríonn an chéad véarsa sa Bhíobla gurb é Dia Cruthaitheoir na cruinne fisicí, lena n-áirítear an pláinéad ar a mairimidne. Sna véarsaí a leanann tugtar laethanta go fáthchiallach ar an tsraith tréimhsí fada inar ullmhaigh Dia an talamh le cónaí air agus inar chruthaigh sé iontais an nádúir.

Ba é an duine an ní ba iontaí a chruthaigh Dia ar an talamh. Bhí sé déanta ar dheilbh Dé—bhí ar a chumas tréithe pearsanta Iehova, a ghrá agus a eagna mar shampla, a léiriú. Rinne Dia an fear as cré na talún. Thug Dia Ádhamh mar ainm air agus ansin lonnaigh sé é in áit a bhí ina pharthas—Gairdín Éidin. Is é Dia é féin a shaothraigh an gairdín sin, á líonadh le crainn áille, torthúla.

Chonaic Dia gur theastaigh céile cúnta ón bhfear. Ag úsáid ceann d’easnacha Ádhaimh, rinne Dia bean agus thug don fhear í mar chéile. Tugadh Éabha mar ainm uirthi níos déanaí. Le lúcháir chuir Ádhamh reacht filíochta as: “Is cnámh de mo chnámha-sa í seo ar deireadh, agus is feoil de m’fheoilse í.” Mhínigh Dia: “Uime sin, fágann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amháin díobh.”—Geineasas 2: 22-24; 3:20.

Thug Dia dhá aithne d’Ádhamh agus Éabha. Ar dtús, d’ordaigh sé dóibh an talamh a bhí mar bhaile acu a shaothrú agus aire a thabhairt dó agus in am trátha é a líonadh lena sliocht. Ansin, dúirt sé leo gan ithe de thoradh aon chrainn amháin sa ghairdín ollmhór sin, ‘crann fhios na maitheasa agus an oilc.’ (Geineasas 2:17) Dá mbeidís easumhal, gheobhaidís bás. Trí na haitheanta sin, thug Dia deis don fhear agus don bhean a léiriú go raibh siad ag glacadh leis mar a Rialtóir. Trína bheith umhal léireoidís grá agus buíochas freisin. Ní raibh leithscéal ar bith acu gan glacadh lena riail chineálta. Ní raibh locht ná marach ar na daoine foirfe sin. Insíonn an Bíobla dúinn: “Chonaic Dia gach a ndearna sé agus, féach! bhí sé go sármhaith.”—Geineasas 1:31.

—Bunaithe ar Geineasas caibidil 1 agus 2.