Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 9

Is Mian Leis na hIosraeilítigh go gCeapfaí Rí

Is Mian Leis na hIosraeilítigh go gCeapfaí Rí

Rí easumhal é Sól, an chéad rí ar Iosrael. Tagann Dáiví i gcomharbacht air. Déanann Dia conradh le Dáiví maidir le ríocht shíoraí

TAR éis ré Shamsón, bhí Samúéil ag feidhmiú mar fháidh agus mar bhreitheamh in Iosrael. Bhí na hIosraeilítigh go síoraí ag rá leis gur mhaith leo rí daonna a bheith orthu cosúil leis na náisiúin eile. Cé gur mhasla siad Iehova leis an achainí seo, d’ordaigh sé do Shamúéil géilleadh dóibh. Roghnaigh Dia fear umhal darbh ainm Sól le bheith ina rí. Le himeacht ama, áfach, d’éirigh Sól uaibhreach agus easumhal. Dhiúltaigh Iehova dó mar rí agus dúirt sé le Samúéil rí eile a cheapadh—fear óg darbh ainm Dáiví. Mar sin féin, d’imeodh roinnt blianta sula mbeadh Dáiví ina rí.

De réir dealraimh agus é fós ina dhéagóir, thug Dáiví cuairt ar a dheartháireacha a bhí in arm Shóil. Bhí an t-arm ar fad scanraithe roimh laoch áirithe a bhí ag a namhad, fathach darbh ainm Góla, a bhí ag tabhairt tarcaisne dóibh féin agus dá nDé. Bhí Dáibhí an-mhíshásta. Ghlac sé le dúshlán an fhathaigh é a throid. Gan aige ach crann tabhaill agus cúpla cloch, chuaigh an fear óg amach leis an bhfód a sheasamh in aghaidh a chéile comhraic, a bhí beagnach trí mhéadar ar airde. Nuair a thosaigh Góla ag magadh faoi, dúirt Dáiví go raibh sé féin armáilte níos fearr ná an fathach, mar go raibh sé ag troid in ainm Iehova Dia! Leag Dáiví Góla le haon chloch amháin agus ansin bhain sé an cloigeann dó le claíomh an fhathaigh féin. Theith arm na bhFilistíneach agus scéin iontu.

Ar dtús, bhí Sól an-tógtha le crógacht Dháiví agus chuir sé an fear óg i gceannas ar a arm. Ach chuir rathúlacht Dháiví éad ar Shól. Bhí beatha Dháiví i mbaol agus b’éigean dó blianta a chaitheamh mar theifeach. Mar sin féin, d’fhan Dáiví dílis don rí a bhí ag iarraidh é a mharú, ag glacadh leis gurbh é Iehova a cheap Sól mar rí. Sa deireadh, maraíodh Sól i gcath. In am trátha, déanadh rí de Dháiví, mar a bhí geallta ag Iehova.

“Daingneoidh mé a chathaoir ríoga go deo.”2 Samúéil 7:13

Nuair a bhí sé ina rí, bhí an-fhonn ar Dháiví teampall a thógáil do Iehova. Ach dúirt Iehova le Dáiví gur dhuine dá shliocht a thógfadh é. Mac Dháiví, Solamh, an té a bhí i gceist. Mar sin féin, thug Dia luach saothair do Dháiví, rinne sé conradh leis: Trína shliocht a thiocfadh an ríshliocht ríoga nach mbeadh cinneadh ar bith leis. Faoi dheireadh, is uaidh a thiocfadh an Fuascailteoir, nó an Síol, a gealladh in Éidin. Eisean an Meisias, nó an “tUngthach,” atá ceaptha ag Dia. Gheall Iehova go mbeadh an Meisias ina Rialtóir ar rialtas, nó Ríocht, a sheasfadh go deo.

Bhí Dáiví an-bhuíoch, agus bhailigh sé cuid mhaith ábhair tógála agus miotail luachmhara don teampall. Chomh maith leis sin, chum sé go leor sailm agus é faoi inspioráid ó Dhia. I ndeireadh a shaoil, d’admhaigh Dáiví: “Labhraíonn Spiorad an Tiarna tríomsa, tá a bhriathar ar mo theanga.”—2 Samúéil 23:2.

—Bunaithe ar 1 Samúéil; 2 Samúéil; 1 Croinicí; Íseáia 9:6 (9:7 i mBíoblaí eile); Matha 21:9; Lúcás 1:32; Eoin 7:42.