Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 18

Déanann Íosa Míorúiltí

Déanann Íosa Míorúiltí

Tríd a chuid míorúiltí léiríonn Íosa an bealach a n-úsáidfidh sé a chumhacht nuair a bheidh sé ina Rí

THUG Dia cumhacht d’Íosa rudaí a dhéanamh nach raibh aon duine eile ábalta a dhéanamh. Rinne Íosa go leor míorúiltí—agus na sluaite ina bhfinnéithe aige go minic. Léirigh na míorúiltí sin go bhfuil Íosa in ann an ceann is fearr a fháil ar naimhde agus go bhfuil cumhacht aige dul i ngleic le fadhbanna nach raibh daoine neamhfhoirfe in ann déileáil leo go héifeachtach riamh. Féach ar roinnt samplaí.

Ocras. Fíon a dhéanamh den uisce an chéad mhíorúilt a rinne Íosa. Ar dhá ócáid eile, bheathaigh sé na mílte duine ocrach le cúpla builín agus cúpla iasc. Sa dá chás, bhí fuílleach bia ann don uile dhuine.

Tinneas. Leigheas Íosa daoine a raibh “gach galar agus gach éagruas” orthu. (Matha 4:23) Leigheas sé daille, bodhaire, lobhra, agus titimeas. Leigheas sé na bacaigh, na mairtínigh, agus na cithréimigh chomh maith. Ní raibh aon chineál tinnis nach raibh sé in ann a leigheas.

Doineann. Le linn d’Íosa agus a dheisceabail a bheith ag seoladh trasna Mhuir na Gailíle, d’éirigh cuaifeach mór gaoithe. Bhí scéin sna deisceabail. D’fhéach Íosa ar an stoirm agus dúirt sé: “Éist, bí socair!” Leis sin, lagaigh an ghaoth agus chiúnaigh an fharraige. (Marcas 4:37-39) Ar ócáid eile, shiúil sé ar an uisce le linn stoirm scanrúil.—Matha 14:24-33.

Ainspridí. Tá ainspridí ina naimhde fíochmhara ag Dia. Tá siad i bhfad níos cumhachtaí ná an duine agus tá go leor daoine ar chinn sé orthu iad féin a shaoradh óna ngreim. Mar sin féin, arís agus arís eile, nuair a d’ordaigh Íosa amach iad, bhris sé an smacht a bhí ag na spioraid seo ar dhaoine. Ní raibh aon fhaitíos air roimh na spioraid seo. Ach a mhalairt ar fad, bhí a fhios acusan cén t-údarás a bhí aige agus bhí eagla orthu roimhe.

An Bás. Go tráthúil, tugtar an “namhaid deireanach,” ar an mbás mar is namhaid é nach bhfuil aon duine in ann a chloí. (1 Corantaigh 15:26) Ach thóg Íosa na mairbh ón mbás. Thug sé fear óg ar ais dá mháthair a bhí ina baintreach agus cailín óg ar ais dá tuismitheoirí a bhí faoi bhrón. I gcás a bhfuil suntas ar leith le tabhairt dó, thóg Íosa a chara dhil Lazaras ó na mairbh os comhair lucht a chaointe, cé go raibh an fear básaithe le beagnach ceithre lá! D’admhaigh fiú na naimhde ba mhó a bhí ag Íosa go ndearna sé an mhíorúilt seo.—Eoin 11:38-48; 12:9-11.

Cén fáth a ndearna Íosa na míorúiltí seo go léir? Ar deireadh thiar, nach bhfuair na daoine sin ar fad ar chabhraigh Íosa leo bás? Fuair, ach chuaigh míorúiltí Íosa chun buantairbhe. Chruthaigh siad go raibh bunús fíriciúil ag na tairngreachtaí spreagúla maidir le rialú an Rí Meisiasach. Ná bíodh aon amhras ort, tá an Rí atá ceaptha ag Dia in ann deireadh a chur le hocras, le tinneas, le doineann, le hainspridí agus leis an mbás fiú. Léirigh sé cheana féin go bhfuil an chumhacht sin ar fad tugtha ag Dia dó.

—Bunaithe ar leabhair Matha, Marcas, Lúcás, agus Eoin.