Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 21

Tá Íosa Beo!

Tá Íosa Beo!

Taispeánann Íosa é féin dá lucht leanúna chun iad a threorú agus a spreagadh

AR AN tríú lá tar éis bhás Íosa, thug roinnt de na mná a bhí mar dheisceabail aige faoi deara go raibh an chloch a bhí i mbéal an tuama ar leataobh agus go raibh an tuama folamh!

Tháinig beirt aingeal i láthair. “Íosa an Nazairéanach . . . atá sibh a lorg,” a dúirt aingeal acu. “D’éirigh sé.” (Marcas 16:6) Gan mhoill, rith na mná chun é a insint do na haspail. Ar an mbealach, chas siad le hÍosa. “Ná bíodh eagla oraibh!” a dúirt sé leo. “Imígí, beirigí scéala chun mo bhráithre iad a dhul go dtí an Ghailíl, agus feicfidh siad ansiúd mé.”—Matha 28:10.

Níos déanaí an lá sin, bhí beirt dheisceabail ag siúl ó Iarúsailéim go dtí baile darbh ainm Eamáus. Tháinig strainséir suas leo agus d’fhiafraigh sé dóibh céard a bhí faoi chaibidil acu. Íosa aiséirithe, a bhí ann, ach é i riocht nár aithin siad ar dtús. D’fhreagair siad go brónach gur faoi Íosa a bhí siad ag caint. Thosaigh an strainséir ag míniú na nithe a bhí sna scrioptúir uile maidir leis an Meisias. Go deimhin, bhí tairngreachtaí a bhain leis an Meisias comhlíonta go mion ag Íosa. * Nuair a thuig na deisceabail gurbh é Íosa, aiséirithe i riocht spioraid, an strainséir, d’imigh sé as amharc orthu.

Chuaigh an bheirt deisceabal ar ais go hIarúsailéim láithreach. Fuair siad na haspail bailithe le chéile agus na doirse faoi ghlas acu. Le linn don bheirt a bheith ag cur síos ar an méid a tharla dóibh, tháinig Íosa ina measc. Is ar éigean a bhí a lucht leanúna in ann é a chreidiúint! “Cad chuige a bhfuil ceisteanna ag teacht in bhur gcroí!” a d’fhiafraigh Íosa. “Is amhlaidh sin atá scríofa, go bhfulaingeodh an Críost agus go n-éireodh sé ó mhairbh an treas lá.”—Lúcás 24:38, 46.

Ar feadh 40 lá tar éis a aiséirí, thaispeáin Íosa é féin dá dheisceabail ar ócáidí éagsúla. Ar ócáid amháin, thaispeáin sé é féin do bhreis is 500 duine! De réir dealraimh, is ar an ócáid seo a leag sé an cúram tromchúiseach orthu: “Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, . . . ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”—Matha 28:19, 20.

Ag an gcruinniú deiridh a bhí aige leis an 11 aspal dílis, gheall Íosa: “Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa . . . a fhad le himeall an domhain.” (Gníomhartha 1:8) Ansin ardaíodh suas Íosa agus thóg scamall as a n-amharc é agus é ag dul suas ar neamh.

—Bunaithe ar Matha caibidil 28; Marcas caibidil 16; Lúcás caibidil 24; Eoin caibidil 20 agus 21; 1 Corantaigh 15:5, 6.

^ Alt 6 Tá samplaí de na tairngreachtaí a comhlíonadh in Íosa, le fáil i gCuid 14, Cuid 15, agus Cuid 16 den bhróisiúr seo, agus in Aguisín 5 “Tairngreachtaí Faoin Mesias” sa leabhar Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla?