Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Teachtaireacht an Bhíobla—Achoimre

Teachtaireacht an Bhíobla—Achoimre
  1. Cruthaíonn Iehova Ádhamh agus Éabha agus é i gceist go mairfidís go deo i bParthas. Tugann Sátan míchlú ar ainm Dé agus caitheann sé amhras ar an gceart atá Aige rialú. Taobhaíonn Ádhamh agus Éabha le héirí amach Shátain, rud a thug faoi thionchar an pheaca agus an bháis iad féin agus a sliocht

  2. Daorann Iehova lucht an éirí amach agus geallann sé go dtiocfaidh Fuascailteoir, nó Síol, a scriosfaidh Sátan agus a chuirfidh ar neamhní toradh an éirí amach agus an pheaca

  3. Geallann Iehova d’Abrahám agus do Dháiví gur óna sliocht siúd a thiocfaidh an Síol, nó an Meisias, a rialóidh mar Rí go deo

  4. Faoi inspioráid ó Iehova tuarann na fáithe go gcuirfidh an Meisias leigheas ar fáil in aghaidh an pheaca agus an bháis. Rialóidh sé, lena chomhrialtóirí, mar Rí ar Ríocht Dé. Cuirfidh sé deireadh le cogaí, le tinneas, agus fiú leis an mbás

  5. Cuireann Iehova a Mhac chun na talún agus tugann sé le fios gurb é Íosa an Meisias. Craobhscaoileann Íosa i dtaobh Ríocht Dé agus tugann sé a bheatha mar íobairt. Tógann Iehova ón mbás é mar spiorad

  6. Déanann Iehova Rí dá Mhac sna flaithis mar chomhartha go bhfuil tús curtha le laethanta deireanacha an reachta seo. Stiúrann Íosa a lucht leanúna agus iad ag craobhscaoileadh Ríocht Dé ar fud an domhain

  7. Ordaíonn Iehova dá Mhac riail na Ríochta a chur i bhfeidhm ar an talamh. Scriosann an Ríocht na drochrialtais ar fad, déanann sé Parthas den domhan agus tugann sé daoine dílse chun foirfeachta. Tá dearbhú déanta ar an gceart atá ag Iehova rialú agus tá a ainm naomhaithe go deo