Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 2

Cé hÉ an Fíor-Dhia?

Cé hÉ an Fíor-Dhia?

Níl ann ach Fíor-Dhia amháin, agus Iehova is ainm dó. (Salm 83:19) Is Spiorad é Dia, cónaíonn sé sna flaithis agus ní féidir linn é a fheiceáil. Tá Dia ag iarraidh go dtabharfaimid grá dó mar a ghránn sé féin muid. Ba mhaith leis go mbeadh grá againne do dhaoine eile. (Matha 22:35-40) Is é an tUilechumhachtach é agus Cruthaitheoir an uile ní.

Pearsa spioraid mhórchumhachtaigh a bhí sa chéad ní a chruthaigh Dia. Tugadh Íosa Críost mar ainm air nuair a tháinig sé chun na talún. Chruthaigh Iehova na haingil freisin.

Chruthaigh Iehova gach ní ar neamh . . . agus ar talamh. Apacailipsis 4:11

Chruthaigh Iehova na réalta, an talamh, agus gach ní dá bhfuil air.—Geineasas 1:1.

As cré na talún rinne sé Ádhamh, an chéad fhear.—Geineasas 2:7.