Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 6

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ón Díle Mhór?

Céard Atá Le Foghlaim Againn Ón Díle Mhór?

Scrios Dia na drochdhaoine ach shábháil sé Naoi agus a chlann. Geineasas 7:11, 12, 23

Bhí sé ag báisteach ar feadh 40 lá agus 40 oíche, agus chlúdaigh an t-uisce an talamh ar fad. Fuair na drochdhaoine go léir bás.

D’fhág na haingil a d’éirigh amach in aghaidh Dé an múnla daonna agus as sin amach ba dheamhain iad.

Tháinig siad siúd a bhí san áirc slán. Le himeacht ama fuair Naoi agus a chlann bás, ach tabharfaidh Dia aiséirí dóibh agus beidh deis acu maireachtáil go deo.

Cuirfidh Dia deireadh leis na drochdhaoine agus sábhálfaidh sé na daoine maithe. Matha 24:37-39

Tá Sátan agus na deamhain fós ag cur dallamullóg ar dhaoine.

Diúltaíonn daoine inniu don treoir ghrámhar a thugann Iehova, mar a rinne formhór na ndaoine in aimsir Naoi. Is gearr go gcuirfidh Iehova deireadh leis na drochdhaoine.—2 Peadar 2:5, 6.

Tá daoine ann atá cosúil le Naoi. Éisteann siad le Dia agus déanann siad a chomhairle; sin iad Finnéithe Iehova.