Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 7

Cérbh é Íosa?

Cérbh é Íosa?

Chuir Iehova Íosa go dtí an talamh. 1 Eoin 4:9

Más linn Dia a shásamh, caithfimid éisteacht le duine tábhachtach eile. I bhfad sular cruthaíodh Ádhamh, chruthaigh Iehova pearsa spioraid mhórchumhachtaigh ar neamh.

In imeacht ama, d’aistrigh Iehova an té seo go dtí broinn maighdine darbh ainm Muire agus rugadh i mBeithil é. Tugadh Íosa mar ainm air.—Eoin 6:38.

Mar dhuine daonna ar an talamh, léirigh sé tréithe Dé go foirfe. Bhí sé cineálta, lách, agus éasca labhairt leis. D’inis sé an fhírinne faoi Dhia gan fuacht ná faitíos.

Rinne Íosa dea-rudaí ach bhí gráin air. 1 Peadar 2:21-24

Bhí an ghráin ag na ceannairí reiligiúnacha ar Íosa mar gur nochtaigh sé a gcuid teagaisc bhréagacha agus a ndrochgníomhartha.

Leigheas Íosa an té a bhí tinn agus thóg sé daoine ón mbás.

Spreag na ceannairí reiligiúnacha na Rómhánaigh le hÍosa a bhualadh agus a chur chun báis.