Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CUID 8

Cén Difríocht a Dhéanann Bás Íosa Duitse?

Cén Difríocht a Dhéanann Bás Íosa Duitse?

Fuair Íosa bás ionas go mairfimidne. Eoin 3:16

Trí lá tar éis a bháis, thug roinnt ban cuairt ar thuama Íosa ach bhí an tuama folamh. Bhí Íosa tógtha ón mbás ag Iehova.

Ina dhiaidh sin thaispeáin Íosa é féin dá chuid aspal.

Bhí Iehova tar éis aiséirí a thabhairt d’Íosa mar phearsa spioraid mhórchumhachtaigh nach bhfaighidh bás choíche. Chonaic na deisceabail Íosa ag dul suas ar neamh.

Thóg Dia Íosa ó na mairbh agus cheap sé mar Rí ar a Ríocht é. Dainéil 7:13, 14

Thug Íosa a bheatha dhaonna mar éiric ar son an chine daonna. (Matha 20:28) De thoradh na héirice sin, tugann Dia deis dúinn maireachtáil go deo.

Cheap Iehova Íosa mar rí leis an talamh a rialú. Beidh 144,000 duine dílis a thógfar ó na mairbh in éineacht leis ar neamh. Cruthaíonn Íosa agus an 144,000 rialtas fíréanta ar neamh—Ríocht Dé.—Apacailipsis 14:1-3.

Déanfaidh Ríocht Dé parthas den talamh. Ní bheidh cogadh, coiriúlacht, bochtanas, ná ocras ann níos mó. Beidh daoine fíor shásta.—Salm 145:16.