Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Céard í Toil Dé?

Céard í Toil Dé?

Is mian le Dia go mairfeadh muid go sona sásta i bparthas ar talamh go deo!

B’fhéidir go ndéarfá leat féin, ‘Cén chaoi a bhféadfadh sé sin tarlú?’ Deir an Bíobla go ndéanfaidh Ríocht Dé amhlaidh. Is mian le Dia go bhfoghlaimeodh muid faoin Ríocht sin agus faoina chuspóir dúinne.—Salm 37:11, 29; Íseáia 9:6.

Is ar mhaithe linn atá Dia.

Tá ár nAthair ar neamh ag iarraidh go mbeidh muid sona sásta go síoraí. (Íseáia 48:17, 18) Geallann sé: “An té, áfach, a dhéanann toil Dé mairfidh seisean go deo.”—1 Eoin 2:17.

Is mian le Dia go leanfadh muid a threoir.

Deir an Bíobla go bhfuil ár gCruthaitheoir ag iarraidh orainn aird a thabhairt air chun “go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.” (Íseáia 2:2, 3) Tá dream daoine eagraithe aige dó féin, chun a thoil a fhoilsiú ar fud na cruinne.—Gníomhartha 15:14.

Tá Iehova ag iarraidh orainn é a adhradh i dteannta a chéile.

Tarraingíonn an fíor-adhradh daoine le chéile agus cothaíonn sé fíorghrá eatarthu, in ionad a bheith á ndeighilt. (Eoin 13:35) Cé atá ag múineadh d’fhir agus do mhná i ngach áit le Dia a adhradh i dteannta a chéile, sa lá atá inniu ann? Tugann muid cuireadh duit fáil amach tríd an mbróisiúr seo.