Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 2

Cén Fáth a dTugtar Finnéithe Iehova Orainn?

Cén Fáth a dTugtar Finnéithe Iehova Orainn?

Naoi

Abrahám agus Sárá

Maois

Íosa Críost

Ceapann go leor daoine go mbaineann an t-ainm Finnéithe Iehova le reiligiún nua. Breis agus 2,700 bliain ó shin, áfach, thug an Bíobla “finnéithe” ar shearbhóntaí an Fhíor-Dhia. (Íseáia 43:10-12) Mic Léinn an Bhíobla an t-ainm a bhí luaite linn, go dtí 1931. Cén fáth ar thóg muid an t-ainm Finnéithe Iehova?

Tugann sé le fios cé hé ár nDia. De réir lámhscríbhinní ársa, tá ainm Dé, Iehova, luaite sa mBíobla thart ar seacht míle uair. Tá ainm Dé fágtha ar lár i gcuid mhaith d’aistriúcháin an Bhíobla. Tá teidil ar nós Tiarna agus Dia curtha ina áit. Ach chuir an Fíor-Dhia é féin in aithne do Mhaois trína ainm pearsanta, Iehova, ag rá: “Sin é m’ainm ar feadh na síoraíochta.” (Eaxodus 3:15) Ar an mbealach seo rinne sé idirdhealú idir é féin agus na déithe bréige. Tá muid an-bhródúil as ainm naofa Dé a bheith tugtha orainn.

Cuireann sé ár gcuspóir in iúl. Ó aimsir Áibil i leith, thug go leor daoine fianaise faoina gcreideamh in Iehova. Anuas trí na glúnta, bhí Naoi, Abrahám, Sárá, Maois, Dáiví, agus go leor eile áirithe sa ‘slua mór sin d’fhinnéithe.’ (Eabhraigh 11:4–12:1) Tá muid diongbháilte an fhírinne faoinár nDia a fhoilsiú, díreach mar a thugann duine fianaise i gcúirt ar son duine atá neamhchiontach.

Tá muid ag déanamh aithris ar Íosa. Tugann an Bíobla “an finné dílis fírinneach” air. (Apacailipsis 3:14) Dúirt Íosa é féin gur ‘fhoilsigh sé ainm Dé’ agus gur choinnigh sé air ag ‘tabhairt fianaise ar an bhfírinne’ faoi Dhia. (Eoin 17:6; 18:37) Dá bhrí sin, caithfidh lucht leanúna dílse Chríost ainm Iehova a bheith luaite leo, agus é a fhoilsiú. Tá Finnéithe Iehova ag déanamh a ndíchill é seo a dhéanamh.

  • Cén fáth ar thóg Mic Léinn an Bhíobla an t-ainm Finnéithe Iehova?

  • Cé chomh fada is atá finnéithe ag Iehova ar an talamh?

  • Cé hé an phríomh-fhinné atá ag Iehova?