Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 4

Cén Fáth ar Fhoilsigh Muid Aistriúchán Nua Den Bhíobla, an New World Translation?

Cén Fáth ar Fhoilsigh Muid Aistriúchán Nua Den Bhíobla, an New World Translation?

Congó (Kinshasa)

Ruanda

Píosa de lámhscríbhinn Symmachus ina bhfuil an t-ainm diaga i Salm 69:31, tríú nó ceathrú aois CR.

Le blianta fada d’úsáid, phriontáil agus dháil Finnéithe Iehova leaganacha éagsúla den Bhíobla. Ach ansin thug muid faoi deara gur theastaigh aistriúchán nua a chabhródh le daoine “teacht chun eolais na fírinne,” mar gurb é sin toil Dé. (1 Tiomóid 2:3, 4, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn) I 1950 thosaigh muid ag eisiúint codanna dár n-aistriúchán den Bhíobla, an New World Translation, i mBéarla soléite. Tá an Bíobla seo aistrithe go dílis agus go cruinn i mbreis agus 130 teanga.

Bhí gá le Bíobla a bheadh éasca a thuiscint. Tagann athrú ar theangacha le himeacht ama, agus tá cuid mhaith aistriúcháin a úsáideann focail atá doiléir nó atá imithe i léig. Chomh maith leis sin, thángthas ó shin ar lámhscríbhinní ársa atá níos cruinne agus níos gaire don bhuntéacs, rud a thugann tuiscint níos fearr ar na teangacha Bíobalta, Eabhrais, Aramais, agus Gréigis.

Bhí gá le haistriúchán a bhí dílis do Bhriathar Dé. Ba chóir d’aistritheoirí an Bhíobla a bheith dílis don bhuntéacs, atá scríofa faoi inspioráid Dé. Mar sin féin tá ainm Dé, Iehova, fágtha ar lár sa gcuid is mó de leaganacha an Bhíobla.

Bhí Bíobla ag teastáil a thabharfadh creidiúint dá Údar. (2 Samúéil 23:2) Tá an t-ainm diaga, Iehova, curtha ar ais againn san New World Translation thart ar seacht míle uair, sna scrioptúir chéanna ina bhfuil sé sna lámhscríbhinní is sine den Bhíobla, mar a thaispeántar sa sampla thíos. (Salm 83:19) Caitheadh blianta fada ag déanamh taighde dúthrachtach agus dhá thoradh sin tá Bíobla againn atá taitneamhach le léamh, mar go dtugann sé léargas soiléir ar smaointe Dé. Bíodh an New World Translation ar fáil i do theanga nó ná bíodh, molann muid duit an Bíobla a léamh go rialta gach lá.—Iósua 1:8; Salm 1:2, 3.

  • Cén fáth ar chinn muid aistriúchán nua den Bhíobla a chur ar fáil?

  • Céard is cheart duit a dhéanamh gach lá chun eolas a chur ar Dhia?