Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 6

Cén Chaoi a dTéann Comhluadar ár gComhchríostaithe Chun Tairbhe Dúinn?

Cén Chaoi a dTéann Comhluadar ár gComhchríostaithe Chun Tairbhe Dúinn?

Madagascar

An Iorua

An Liobáin

An Iodáilc

Bíonn muid i láthair ag ár gcruinnithe Críostaí go rialta, fiú má bhíonn orainn taisteal achar fada nó má bhíonn drochaimsir ann. Cén fáth a ndéanann Finnéithe Iehova a míle dícheall a bheith i gcomhluadar a gcomhchreidmhigh in ainneoin anró an tsaoil agus tuirse an lae?

Cabhraíonn sé linn déileáil le dúshláin an tsaoil. “Tugaimis aird ar a chéile,” a scríobh Pól, ag tagairt dóibh siúd atá sa bpobal Críostaí céanna linn. (Eabhraigh 10:24) Ciallaíonn sé seo go bhfuil orainn aithne mhaith a chur ar a chéile. Mar sin, spreagann focail an aspail muid chun breathnú amach dá chéile. Nuair a chuireann muid aithne ar bhaill eile den phobal faigheann muid amach faoi na dúshláin atá sáraithe acusan, rud a chabhraíonn linne dul i ngleic le dúshláin den chineál céanna inár saol féin.

Cothaíonn sé dlúthchairdeas buan. Tagann muid le chéile ag ár gcruinnithe, ní mar strainséirí, ach mar dhlúthchairde. Tagann muid le chéile ag amanna eile le sult a bhaint as caitheamh aimsire folláin. Cén tairbhe atá sna himeachtaí sóisialta seo? Cabhraíonn siad linn dea-mhuinín a bheith againn as a chéile, rud a neartaíonn an grá eadrainn. Ansin, nuair a bhíonn fadhbanna ag ár gcairde, téann muid i gcabhair orthu láithreach, mar gheall ar an gcairdeas buan atá cothaithe againn. (Seanfhocail 18:24) Nuair a bhíonn sé de chleachtadh againn am a chaitheamh i gcuideachta gach ball dár bpobal, taispeánann sé go bhfuil muid go léir ar mhaithe lena chéile.—1 Corantaigh 12:25, 26.

Molann muid duit cairde a roghnú atá ag déanamh toil Dé. Tá na cairde seo le fáil i measc Fhinnéithe Iehova. Ná stopadh aon ní thú ó chomhluadar a choinneáil linn.

  • Cén fáth gurb é ár leas é a bheith i gcomhluadar a chéile ag na cruinnithe?

  • Cén uair ar mhaith leat a theacht ag ár gcruinniú agus aithne a chur orainn?