Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 7

Céard a Bhíonn ar Bun ag ár gCruinnithe?

Céard a Bhíonn ar Bun ag ár gCruinnithe?

An Nua-Shéalainn

An tSeapáin

Uganda

An Liotuáin

Tháinig na chéad Chríostaithe le chéile chun amhráin a chanadh, guí a dhéanamh, agus an Bíobla a léamh agus a phlé—saor ó aon chineál deasghnátha reiligiúnacha. (1 Corantaigh 14:26) Tá ár gcruinnithe mar a chéile inniu.

Tá an teagasc bunaithe ar an mBíobla agus tá sé praiticiúil. Tagann gach pobal le chéile ar an deireadh seachtaine chun éisteacht le caint phoiblí 30 nóiméad atá bunaithe ar an mBíobla. Pléitear an bhaint atá ag na Scrioptúir lenár saol inniu, agus leis an aois ina maireann muid. Moltar do gach a bhfuil i láthair na scrioptúir a luaitear a léamh ina mBíobla féin. Tar éis na cainte poiblí, déantar plé ar ábhar as an “Watchtower” ar feadh uair an chloig, agus is féidir le gach duine a bheith páirteach ann. Cabhraíonn sé seo linn prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm inár saol. Déantar staidéar ar an ábhar céanna i ngach ceann den bhreis agus 110,000 pobal ar fud an domhain.

Cabhraítear linn ár scileanna múinteoireachta a fheabhsú. Bíonn cruinniú eile againn oíche amháin i rith na seachtaine, ar a dtugtar Ár Saol agus Ár Ministreacht Chríostaí. Bíonn an cruinniú seo roinnte ina thrí chuid, agus bíonn sé bunaithe ar an ábhar i Leabhar Oibre an Chruinnithe, a chuirtear ar fáil go míosúil. Sa gcéad chuid den chruinniú, dar teideal Seoda as Briathar Dé, cabhraítear linn tuiscint níos fearr a fháil ar shliocht as an mBíobla a bhíonn léite roimh ré ag an bpobal. Sa dara cuid, dar teideal Caith Dúthracht Leis an gCraobhscaoileadh, cuirtear cainteanna agus taispeántais i láthair a chabhraíonn linn teachtaireacht an Bhíobla a phlé le daoine eile. Déanann comhairleoir léirmheas ar na cainteanna agus na taispeántais chun cabhrú linn ár scileanna léitheoireachta agus cainte a fheabhsú. (1 Tiomóid 4:13) Ar deireadh, bíonn an tríú cuid, dar teideal Ag Maireachtáil Mar Chríostaithe, ina mbíonn seisiún ceist agus freagra. Tugtar tuiscint níos doimhne dúinn ar an mBíobla, agus ar an gcaoi ar féidir linn prionsabail an Bhíobla a chur i bhfeidhm inár saol laethúil.

Nuair a thosóidh tú ag freastal ar ár gcruinnithe, tá muid cinnte go mbeidh tú an-tógtha leis an gcaighdeán ard teagaisc ar an mBíobla a chuirtear ar fáil.—Íseáia 54:13.

  • Céard a bhíonn ar siúl ag cruinnithe Fhinnéithe Iehova?

  • Céard é an chéad chruinniú eile ar mhaith leat freastal air?