Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 12

Cén Chaoi a nDéanann Muid An Dea-Scéal a Chraobhscaoileadh?

Cén Chaoi a nDéanann Muid An Dea-Scéal a Chraobhscaoileadh?

An Spáinn

An Bhealarúis

Hong Cong

Peiriú

Go gairid sula bhfuair sé bás, dúirt Íosa: “Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.” (Matha 24:14) Ach cén chaoi a ndéanfaí an deá-scéal faoi Ríocht Dé a chraobhscaoileadh ar fud an domhain? Ar an mbealach céanna a chraobhscaoil Íosa é nuair a bhí sé ar an talamh.—Lúcás 8:1.

Déanann muid iarracht castáil le daoine ag baile. Thraenáil Íosa a chuid deisceabail chun an dea-scéal a chraobhscaoileadh ó theach go teach. (Matha 10:11-13; Gníomhartha 5:42; 20:20) Leagadh amach limistéir faoi leith do na chéad Chríostaithe chun an dea-scéal a chraobhscaoileadh iontu. (Matha 10:5, 6) Mar an gcéanna sa lá atá inniu ann, tá ord agus eagar ar ár gcuid oibre. Tá a limistéar féin leagtha amach do gach pobal chun an dea-scéal a chraobhscaoileadh ann. Cuireann sé seo ar ár gcumas ordú Chríost a chomhlíonadh agus an dea-scéal faoi Ríocht Dé a fhógairt do na daoine.—Gníomhartha 10:42.

Déanann muid iarracht labhairt le daoine pé áit ina bhfuil siad. Chomh maith leis sin, chraobhscaoil Íosa in áiteanna poiblí—cois na farraige mar shampla, agus ag tobar. (Marcas 4:1; Eoin 4:5-15) Labhraíonn muidne le daoine faoin mBíobla pé áit ar féidir linn—ar na sráideanna, in ionaid gnó, i bpáirceanna, nó ar an teileafón. Chomh maith leis sin, labhraíonn muid lenár gcomharsana, ár gcomhghleacaithe, ár gcomhscoláirí, agus ár ngaolta nuair a fhaigheann muid an deis chuí. Is é an toradh atá ar na hiarrachtaí seo uile ná go bhfuil dea-scéal an tslánaithe á chloisteáil ag na milliúin duine ar fud na cruinne.—Salm 96:2.

An bhfuil tú in ann cuimhneamh ar aon duine gur mhaith leat insint dhó faoi Ríocht Dé? Ná coinnigh an teachtaireacht dóchais seo duit féin. Inis dóibh faoi chomh luath agus is féidir leat!

  • Cén “dea-scéal” a chaithfear a chraobhscaoileadh?

  • Cén chaoi a bhfuil Finnéithe Iehova ag leanúint an eiseamláir a d’fhág Íosa acu?