Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 13

Céard é Ceannródaí?

Céard é Ceannródaí?

Ceanada

Ó theach go teach

Ag staidéar an Bhíobla

Staidéar pearsanta

Tugtar “ceannródaí” go minic ar dhuine a réitíonn an bealach roimh ré chun gur féidir le daoine eile a lorg a leanúint. Ba cheannródaí é Íosa sa méid is gur cuireadh chun na talún é chun bealach an tslánaithe a réiteach dúinn. (Matha 20:28) Tá a lucht leanúna ag leanúint a lorg inniu, iad ag caitheamh an méid ama agus is féidir leo ‘ag déanamh deisceabail’. (Matha 28:19, 20) Tá cuid acu atá in ann níos mó ama ná a chéile a chaitheamh ag craobhscaoileadh agus tugtar ceannródaithe orthu seo.

Is craobhscaoilteoir lánaimseartha é an ceannródaí. Bíonn gach duine d’Fhinnéithe Iehova ag craobhscaoileadh an dea-scéil. Tá a gcuid cúraimí eagraithe ag cuid acu, áfach, chun freastal mar cheannródaithe, ag caitheamh 70 uair in aghaidh na míosa ag craobhscaoileadh. Oibríonn go leor acu go páirtaimseartha chun a bheith in ann é seo a dhéanamh. Roghnaítear cuid eile chun freastal mar cheannródaithe speisialta in áiteanna a bhfuil cúnamh ag teastáil leis an dea-scéal a fhógairt, iad ag caitheamh 130 uair in aghaidh na míosa ag craobhscaoileadh. Tá na ceannródaithe sásta saol simplí a chaitheamh. Tá siad muiníneach go gcuirfidh Iehova riar a gcáis ar fáil dóibh. (Matha 6:31-33; 1 Tiomóid 6:6-8) Is féidir leo siúd nach bhfuil in ann freastal mar cheannródaithe lánaimseartha, freastal mar cheannródaithe cúntacha ag caitheamh 30 nó 50 uair in aghaidh na míosa ag craobhscaoileadh, de réir mar a atá siad in ann.

Grá do Dhia agus do dhaoine a spreagann an ceannródaí. Ar nós Íosa, tugann muid faoi deara an drochbhail atá ar spioradáltacht fhormhór na ndaoine inniu. (Marcas 6:34) Ach tá eolas againn atá in ann cabhrú leo anois, agus atá in ann dóchas buan a thabhairt dóibh don todhchaí. Grá dá chomharsa a spreagann an ceannródaí chun a chuid ama agus a chuid fuinnimh a úsáid le cabhair spioradálta a thabhairt go fial flaithiúil do dhaoine eile. (Matha 22:39; 1 Teasalónaigh 2:8) Bíonn dea-thoradh ar seo mar neartaítear creideamh an cheannródaí, druideann sé isteach le Dia agus bíonn gliondar ar a chroí.—Gníomhartha 20:35.

  • Céard é ceannródaí?

  • Cén fáth a bhfreastalaíonn cuid d’Fhinnéithe Iehova mar cheannródaithe lánaimseartha?