Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 14

Cén Oiliúint Atá Curtha ar Fáil do Cheannródaithe?

Cén Oiliúint Atá Curtha ar Fáil do Cheannródaithe?

Na Stáit Aontaithe

Scoil Ghileád, Patterson, Nua Eabhrach

Panama

Tá an t-oideachas dialathach mar shainmharc ar Fhinnéithe Iehova le fada an lá. Tá oiliúint speisialta curtha ar fáil do craobhscaoilteoirí lánaimseartha, chun go mbeidh siad in ann a ndualgas a chomhlíonadh.—2 Tiomóid 4:5.

Scoil na gCeannródaithe. Nuair atá bliain caite ag duine mar cheannródaí, is féidir leis nó léi freastal ar scoil sé lá, a reáchtáiltear i Ríocht-halla de ghnáth. Is é cuspóir na scoile cabhrú leis an gceannródaí aithne níos fearr a chur ar Iehova, a bheith níos éifeachtaí sna gnéithe éagsúla den chraobhscaoileadh, agus leanúint orthu go dílis ina gcuid seirbhíse.

Scoil do Chraobhscaoilteoirí na Ríochta. Is cúrsa dhá mhí é seo atá curtha ar fáil do cheannródaithe a bhfuil cuid mhaith taithí acu ag craobhscaoileadh an dea-scéil agus atá toilteanach a gceantar féin a fhágáil agus a dhul cibé áit ina bhfuil siad ag teastáil. Tá siad ag leanúint eiseamláir an chraobhscaoilteoir ba mhó le rá, Íosa Críost, agus iad ag rá, “Seo anseo mise, cuir mise.” (Íseáia 6:8; Eoin 7:29) B’fhéidir go mbeadh orthu siúd a bhogann i bhfad ó bhaile cur suas le caighdeán maireachtála atá níos ísle ná mar atá acu sa mbaile. D’fhéadfadh sé go mbeadh an cultúr, an aeráid, agus an bia difriúil ar fad ón rud a chleacht siad. B’fhéidir go mbeidh orthu teanga nua a fhoghlaim fiú. Cabhraíonn an scoil seo le Finnéithe atá singil agus lánúineacha pósta, atá idir 23 agus 65 bliain d’aois, na tréithe spioradálta agus na scileanna a bheidh ag teastáil uathu a chothú, rud a chuirfidh ar a gcumas seirbhís níos fearr a thabhairt d’Iehova agus dá eagraíocht.

Scoil Ghileád. San Eabhrais ciallaíonn “Gileád” “Carnán na Fianaise.” Ó bunaíodh Scoil Ghileád i 1943, tá breis agus 8,000 céimithe curtha amach mar mhisinéirí chun fianaise a thabhairt “go himeall an domhain” agus tá ag éirí go hiontach leo. (Gníomhartha 13:47) Nuair a thosaigh ár misinéirí ag freastal sa tSeapáin bhí níos lú ná deichniúr Finné sa tír sin. Anois tá breis agus 200,000 ann. Bíonn cúrsa Scoil Ghileád ar bun ar feadh cúig mhí agus déantar dian-staidéar ar Bhriathar Dé mar chuid de. Tugtar cuireadh chuig Scoil Ghileád do cheannródaithe speisialta, do mhisinéirí, dóibh siúd atá ag obair ag craobh-oifigí, nó atá i bhfeighil ceantair. Cuirtear oiliúint orthu chun go mbeidh siad in ann craobhscaoileadh an dea-scéil a bhuanú agus a neartú go domhanda.

  • Cén cuspóir atá ag Scoil na gCeannródaithe?

  • Cé a fhreastalaíonn ar an Scoil do Chraobhscaoilteoirí na Ríochta?