Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 17

Cén Chaoi a gCabhraíonn An Feighlí Ceantair Linn?

Cén Chaoi a gCabhraíonn An Feighlí Ceantair Linn?

An Mhaláiv

Meitheal Craobhscaoilteoirí

Ag Craobhscaoileadh

Cruinniú Seanóirí

Tá Barnabas agus an t-aspal Pól luaite go minic sna Scrioptúir Gréigise Críostaí. D’fhreastal na fir seo mar fheighlithe taistil ag tabhairt cuairte ar na pobail Chríostaí a bhí ann ag an am. Cén fáth? Mar bhí siad ag déanamh imní dá mbráithre a bhí sna pobail sin. Dúirt Pól go raibh sé ag iarraidh dul ar ais agus cuairt a thabhairt ar na bráithre go bhfeicfeadh sé cén chaoi a raibh siad. Bhí sé sásta cúpla céad ciliméadar a chur de chun a dhul agus iad a neartú. (Gníomhartha 15:36) Sin é an meon céanna atá ag feighlithe taistil na linne seo.

Tagann siad le muid a spreagadh. Tugann gach feighlí ceantair cuairt ar suas le 20 pobal, ag caitheamh seachtaine le gach ceann acu faoi dhó sa mbliain. Is féidir linn tairbhe a bhaint as an taithí atá ag an bhfeighlí ceantair, agus taithí a bhean chéile má tá sé pósta. Déanann siad a ndícheall aithne a chur ar idir óg agus aosta agus is maith leo a dhul linn ag craobhscaoileadh agus ag múineadh an Bhíobla do dhaoine. Déanann na feighlithe seo aoireacht ar an bpobal in éineacht leis na seanóirí, agus tugann siad cainteanna spreagúla ag na cruinnithe agus na tionóil chun muid a neartú.—Gníomhartha 15:35.

Bíonn suim acu i gcách. Tá an-suim ag an bhfeighlí ceantair i staid spioradálta na bpobal atá faoina chúram. Casann siad leis na seanóirí agus na cúntóirí chun an dul chun cinn a mheas. Tugann siad comhairle phraiticiúil dóibh lena gcuid dualgais a láimhseáil. Cabhraíonn siad leis na gceannródaithe barr feabhais a chur ar an gcaoi a gcraobhscaoileann siad an dea-scéal. Is maith leo aithne a chur ar dhaoine nach bhfuil i bhfad ag freastal ar na cruinnithe, agus an dul chun cinn spioradálta atá siad a dhéanamh a fheiceáil. Oibríonn an feighlí ceantair go dícheallach in éineacht linn ar son ár leasa. (2 Corantaigh 8:23) Ba chóir dúinn aithris a dhéanamh ar a gcreideamh agus ar a ndílseacht do Dhia.—Eabhraigh 13:7.

  • Cén fáth a dtugann an feighlí ceantair cuairt ar na pobail atá faoina chúram?

  • Cén chaoi ar féidir leat tairbhe a bhaint as cuairt an fheighlí ceantair?