Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 20

Cén Chaoi a bhFeidhmíonn An Bord Stiúrtha Sa Lá Atá Inniu Ann?

Cén Chaoi a bhFeidhmíonn An Bord Stiúrtha Sa Lá Atá Inniu Ann?

Bord Stiúrtha na chéad aoise

Ag léamh litir ón mbord stiúrtha

Sa gcéad aois, d’fhreastal grúpa beag d’aspail agus de sheanóirí a bhí lonnaithe in Iarúsailéim, mar bhord stiúrtha don phobal Críostaí go léir. Rinne siad cinntí tábhachtacha thar cheann an phobail. (Gníomhartha 15:2) Rinne siad a gcinntí tar éis plé a dhéanamh ar na Scrioptúir agus chloí siad le treoir an spioraid naoimh. (Gníomhartha 15:25) Leantar an modh céanna inniu.

Úsáideann Dia é chun a thoil a dhéanamh. Tá an-spéis ag na bráithre ungtha a fhreastalaíonn ar an mBord Stiúrtha i mBriathar Dé, agus tá a lán taithí acu ar a bheith ag déileáil le cúrsaí praiticiúla agus spioradálta. Tagann siad le chéile gach seachtain chun riachtanais an bhráithreachais dhomhanda a mheas. Mar a dhéantaí sa gcéad aois, cuirtear treoir atá bunaithe ar an mBíobla ar fáil, trí litreacha, trí fheighlithe taistil, nó ar bhealaí eile. Cothaíonn sé seo aontas i measc phobal Dé. (Gníomhartha 16:4, 5) Déanann an Bord Stiúrtha ullmhú an bhia spioradálta agus ceapacháin bráithre a riaradh, agus cuireann siad dlús le craobhscaoileadh dhea-scéal na Ríochta.

Géilleann siad do threoir an Spioraid Naoimh. Bíonn an Bord Stiúrtha ag faire ar an Té is airde os cionn an domhain go léir, Iehova, agus ar Cheann an phobail, Íosa, chun a dtreoir a fháil. (1 Corantaigh 11:3; Eifisigh 5:23) Ní mhaíonn baill an Bhoird Stiúrtha gur ceannairí iad ar phobal Dé. Leanann siadsan, chomh maith le gach Críostaí ungtha eile, “an tUan cibé áit a dtéann sé.” (Apacailipsis 14:4, Tiomna Nua le Cosslett Ó Cuinn) Is mór ag an mBord Stiúrtha ár bpaidreacha ar a son.

  • Cé a bhí ar an mbord stiúrtha sa gcéad aois?

  • Cén chaoi a ndéanann Bord Stiúrtha an lae inniu treoir Dé a lorg?