Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 25

Ríocht-hallaí—Cén Fáth Agus Cén Chaoi a dTógtar Iad?

Ríocht-hallaí—Cén Fáth Agus Cén Chaoi a dTógtar Iad?

An Bholaiv

An Nigéir, an sean agus an nua

Taihítí

Mar a thugann an t-ainm le fios, tá gach a mhúintear ón mBíobla ag an Ríocht-halla bunaithe ar Ríocht Dé—croílár na teachtaireachta a chraobhscaoil Íosa—Lúcás 8:1.

Is ionaid fíoradhartha sa gceantar iad. Is ón Ríocht-halla a eagraítear craobhscaoileadh an dea-scéil sa gceantar. (Matha 24:14) Ní mar a chéile gach Ríocht-halla; níl siad ardnósach, tá cuid acu níos mó ná a chéile, agus ní hé an leagan amach céanna atá orthu ar fad. Bíonn níos mó ná pobal amháin d’Fhinnéithe Iehova ag baint úsáide as cuid acu. Tá na mílte Ríocht-halla tógtha againn le blianta beaga anuas (cúig cinn in aghaidh an lae ar an meán) chun freastal ar an éileamh de réir mar a théann líon na bpobal i méid. Cén chaoi a bhfuiltear in ann é seo a dhéanamh?—Matha 19:26.

Tógtar iad le síntiúis dheonacha a chuirtear i gciste lárnach. Seoltar na síntiúis dheonacha seo go dtí an chraobh-oifig, ionas gur féidir an t-airgead a chur ar fáil do phobail a dteastaíonn uathu Ríocht-halla a thógáil nó a athchóiriú.

Tógann oibrithe deonacha ó chúlraí éagsúla iad. Foirne Tógála d’oibrithe deonacha, nach bhfaigheann aon phá, eagraithe i go leor tíortha. Téann na foirne seo ó phobal go pobal sa tír chéanna, fiú go dtí áiteanna iargúlta, ag tabhairt cúnamh do na pobail áitiúla lena Ríocht-hallaí a thógáil. Tá Finnéithe cáilithe i dtíortha eile ceaptha chun treoir a thabhairt i dtógáil agus athchóiriú Ríocht-hallaí. Cé go mbíonn go leor ceardaithe oilte ón gceantar ag obair ag gach suíomh, is baill den phobal áitiúil d’Fhinnéithe Iehova iad an chuid is mó den lucht oibre. Is le cabhair ó spiorad Iehova agus obair dhíograiseach a shearbhóntaí atáthar in ann an obair seo a dhéanamh.—Salm 127:1; Colosaigh 3:23.

  • Cén fáth a dtugtar Ríocht-hallaí ar ár n-ionaid adhartha?

  • Cén chaoi a bhfuiltear in ann Ríocht-hallaí a thógáil ar fud an domhain?