Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 26

Cén Chaoi Ar Féidir Linn Ár Ríocht-halla a Choinneáil i gCóir Mhaith?

Cén Chaoi Ar Féidir Linn Ár Ríocht-halla a Choinneáil i gCóir Mhaith?

An Eastóin

An tSiombáib

An Mhongóil

Pórtó Ríce

Tá ainm naofa Dé luaite le gach Ríocht-halla de chuid Fhinnéithe Iehova. Dá bhrí sin, is páirt thábhachtach dár n-adhradh é an phribhléid atá againn cúnamh a thabhairt obair deisiúcháin a dhéanamh ar an Ríocht-halla agus é a choinneáil glan. Is féidir le gach duine an phribhléid seo a bheith acu.

Tabhair cúnamh an glanadh a dhéanamh tar éis an chruinnithe. Déanann na bráithre, idir fhir is mhná, glanadh éadrom tar éis na gcruinnithe, chun slacht a choinneáil ar an Ríocht-halla. Tugtar glanadh maith dó uair sa tseachtain. Eagraíonn seanóir nó cúntóir an obair de réir liosta oibre. Déantar an t-urlár a scuabadh agus a níochán; na cathaoireacha a shocrú, na leithris a ghlanadh agus a dhíghalrú, na fuinneoga agus na scátháin a ghlanadh, an bruscar a fholmhú, agus an taobh amuigh den halla agus an clós a choinneáil glan. Glantar ó bhun go barr é, uair amháin sa mbliain ar a laghad. Foghlaimíonn ár bpáistí le meas a bheith acu ar ár n-ionad adhartha nuair a thugann muid cead dóibh cúnamh a thabhairt leis an obair seo.—Cóheilit 4:17.

Tabhair cúnamh le hobair deisiúcháin a dhéanamh. Déantar cigireacht gach bliain ar an Ríocht-halla taobh istigh agus taobh amuigh. De réir na cigireachta sin, déantar obair deisiúcháin go rialta chun slacht a choinneáil ar an Ríocht-halla agus chun costais nach bhfuil gá leo a sheachaint. (2 Croinicí 24:13; 34:10) Bíonn Ríocht-halla atá glan agus coinnithe i gcóir mhaith feiliúnach chun Dia a adhradh ann. Léiríonn muid ár ngrá d’Iehova, agus an meas atá againn ar ár n-ionad adhartha nuair a thugann muid cúnamh an obair seo a dhéanamh. (Salm 122:1) Téann sé i bhfeidhm ar phobal na háite chomh maith.—2 Corantaigh 6:3.

  • Cén fáth nár cheart dúinn faillí a dhéanamh ar ár n-ionad adhartha?

  • Cé na socruithe atá déanta chun an Ríocht-halla a choinneáil glan?