Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 27

Ag Baint Tairbhe As Leabharlann An Ríocht-halla

Ag Baint Tairbhe As Leabharlann An Ríocht-halla

Iosrael

Poblacht na Seice

Beinin

Oileáin Cayman

Ar mhaith leat taighde a dhéanamh chun cur le do stór eolais ar an mBíobla? An bhfuil tú ag iarraidh tuilleadh eolais faoi scrioptúr, duine, nó áit atá luaite sa mBíobla? Ar smaoinigh tú riamh go mb’fhéidir go mbeadh Briathar Dé in ann cabhrú leat déileáil le rud éigin atá ag déanamh imní duit? Más sin é an cás, tabhair cuairt ar leabharlann an Ríocht-halla.

Tá uirlisí taighde ar fáil ann. B’fhéidir nach bhfuil na foilseacháin go léir atá ar fáil i do theanga agat. Ach gheobhaidh tú an chuid is mó de na foilseacháin is déanaí i leabharlann an Ríocht-halla. Bíonn aistriúcháin éagsúla den Bhíobla ann, foclóir maith, agus leabhair tagartha. Tá saorchead agat an leabharlann a úsáid, roimh agus tar éis na gcruinnithe. Má tá ríomhaire ann, beidh an Watchtower Library air. Is ríomhchlár é seo a bhfuil bailiúchán dár bhfoilseacháin air agus is féidir é a úsáid chun focal, ábhar, nó scrioptúr a chuardach.

Tá sé áisiúil chun taighde a dhéanamh i gcomhair na gcruinnithe. Má tá caint le tabhairt agat ag an gcruinniú, is féidir leat leabharlann an Ríocht-halla a úsáid chun réiteach lena aghaidh. Bíonn an leabharlann faoi chúram duine de na seanóirí. Bíonn sé de dhualgas airsean a chinntiú go bhfuil na foilseacháin is déanaí sa leabharlann agus go bhfuil siad in ord agus in eagar. Is féidir leisean nó le do mhúinteoir taispeáint duit an chaoi leis an eolas atá uait a aimsiú. Ní cheadaítear aon leabhar a thógáil as an Ríocht-halla. Ar ndóigh, tá muid ag iarraidh aire mhaith a thabhairt do na leabhair agus gan aon mharcanna a chur orthu.

Tá sé ráite sa mBíobla má tá tú ag iarraidh aithne a chur ar Dhia go gcaithfidh tú cuardach a dhéanamh ar nós “mar a lorgófá airgead.” (Seanfhocail 2:1-5) Cabhróidh leabharlann an Ríocht-halla leat tús a chur le do chuardach.

  • Cé na huirlisí taighde atá ar fáil i leabharlann an Ríocht-halla?

  • Cé atá in ann cabhrú leat an úsáid is fearr a bhaint as an leabharlann?