CEACHT 28
Céard Atá Le Fáil Ar Ár Láithreán Gréasáin?
An Fhrainc
An Pholainn
An Rúis
Dúirt Íosa lena lucht leanúna: “Bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndea-ghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.” (Matha 5:16) Chun é sin a dhéanamh, tá muid ag baint úsáid mhaith as an teicneolaíocht nua-aimseartha. Is foinse oifigiúil faisnéise faoi chreideamh agus imeachtaí Fhinnéithe Iehova é ár láithreán gréasáin, jw.org. Céard atá le fáil air?
Freagraí ón mBíobla ar cheisteanna a chuirtear go minic. Mar shampla, tá na bileoga An mBeidh Deireadh go Deo le Fulaingt? agus An Féidir Leis na Mairbh Maireachtáil Arís? ar fáil ar líne i mbreis agus 600 teanga. Tá an New World Translation ar fáil air, i mbreis agus 130 teanga, chomh maith leis na heagráin is déanaí den Watchtower agus Awake! Tá áiseanna i gcomhair staidéar an Bhíobla air, an bróisiúr Dea-Scéala Ó Dhia! ina measc. Is féidir na foilseacháin seo a léamh ar líne, nó éisteacht leo, nó iad a íoslódáil i bhformáid éagsúla, ar nós MP3, PDF, nó EPUB. Is féidir leat cúpla leathanach a phriontáil chun iad a thabhairt do dhaoine eile ina dteanga féin fiú! Tá físeáin ar fáil i go leor de na teangacha comharthaíochta. Is féidir leat léitheoireacht dhrámata ón mBíobla, drámaí atá bunaithe ar an mBíobla, agus ceol álainn a íoslódáil le taitneamh a bhaint astu ar do sháimhín só.
Eolas cruinn faoi Fhinnéithe Iehova. Tá an nuacht agus na físeáin is déanaí maidir lenár n-obair dhomhanda, imeachtaí a bhaineann le Finnéithe Iehova, agus an obair fóirithinte a dhéanann muid le fáil air. Gheobhaidh tú eolas air faoi chomhdhálacha agus faoin mbealach le teagmháil a dhéanamh linn.
Ar an mbealach seo, tá muid ag soilsiú solas na fírinne sna háiteanna is iargúlta ar domhan. Tá daoine as gach mór-roinn ag baint tairbhe as. Guíonn muid go gcoinneoidh an dea-scéala air ag scaipeadh go tapa ar fud an domhain go léir, chun glóire Iehova.—2 Teasalónaigh 3:1.
-
Cén chaoi a bhfuil jw.org ag cabhrú le níos mó daoine fírinne an Bhíobla a fhoghlaim?
-
Céard a thaitneodh leat a fheiceáil ar ár láithreán gréasáin?