Ceacht 15
Cén Fáth ar Cheart Duit Leanúint Ort?
1. Cén mhaith a dhéanfaidh sé duit leanúint ort ag staidéar an Bhíobla?
Gan amhras neartaigh an achoimre seo ar theagasc bunúsach an Bhíobla do ghrá do Iehova. Ní mór an grá sin a chothú go leanúnach. (1 Peadar 2:2) Caithfidh tú leanúint ort ag cothú dlúthchairdis le Dia trí staidéar ar a Bhriathar más leat an bheatha shíoraí a bhaint amach.—Léigh Eoin 17:3; Iúd 21.
Láidreoidh do chreideamh de réir mar a chuireann tú leis an eolas atá agat ar Dhia. Cabhróidh do chreideamh leat toil Dé a dhéanamh. (Eabhraigh 11:1, 6) Cuirfidh sé ar do chumas aithrí a dhéanadh agus athraithe fóinteacha a dhéanamh i do shaol.—Léigh Gníomhartha 3:19.
2. Cén chaoi ar féidir le daoine eile tairbhe a bhaint as an eolas atá agatsa ar Dhia?
Ar ndóigh, beidh fonn ort na rudaí atá foghlamtha agat a roinnt le daoine eile—is maith linn go léir dea-scéala a insint. Le linn duit a bheith ag staidéar an Bhíobla foghlaimeoidh tú leis an mBíobla a úsáid chun do chreideamh i Iehova agus sa dea-scéala a mhíniú.—Léigh Rómhánaigh 10:13-15.
Is iondúil gur le cairde agus gaolta a roinneann daoine an dea-scéala ar dtús. Bí go deas tuisceanach. In ionad a bheith ag rá leo go bhfuil an reiligiún atá acu mícheart, inis dóibh faoi ghealltanais Dé. Is minic go mbíonn daoine níos tógtha leis an mbealach cineálta ina n-iompraíonn tú thú féin, ná leis na rudaí a deir tú.—Léigh 2 Tiomóid 2:24, 25.
3. An féidir leatsa a bheith mór le Dia?
De réir mar a dhéanann tú staidéar ar Fhocal Dé beidh tú ag cur le do spioradáltacht. In am trátha, d’fhéadfá caidreamh speisialta a 2 Corantaigh 6:18.
bheith agat le hIehova. Go fiú agus go nglacfaidh Iehova leat mar bhall dá theaghlach.—Léigh4. Cén chaoi ar féidir leat dul chun cinn a dhéanamh?
Is féidir leat dul chun cinn spioradálta a dhéanamh má choinníonn tú le dostaidéar ar Bhriathar Dé. (Eabhraigh 5:13, 14) Iarr ar dhuine d’Fhinnéithe Iehova staidéar a dhéanamh ar an mBíobla leat ag úsáid an leabhair Céard go Díreach a Mhúineann an Bíobla? Dá mhéad a fhoghlaimíonn tú ó Bhriathar Dé, is ea is fearr a éireoidh leat sa saol.—Léigh Salm 1:1-3; 73:27, 28.
Tagann an dea-scéala ó Iehova, an Dia sonasach. Is féidir leat dlúthchairdeas a chothú leis trí dhlúthchairdeas a chothú lena phobal. (Eabhraigh 10:24, 25) Má leanann tú ort le d’iarrachtaí chun Iehova a shásamh gheobhaidh tú greim ar an mbeatha shíoraí. Cinnte, níl rud níos fearr le déanamh ná dlúthchairdeas a chothú le Dia.—Léigh 1 Tiomóid 1:11; 6:19.