Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 3

Chreid Rácháb in Iehova

Chreid Rácháb in Iehova

Ligimis orainn féin go bhfuilimid i gcathair Ireachó. Tá an chathair seo i dtír Chanán, áit nach gcreideann na daoine in Iehova. Tá bean darb ainm Rácháb ina cónaí inti.

Nuair a bhí Rácháb ina cailín óg chuala sí scéalta faoi mar a scar Maois an Mhuir Rua agus mar a threoraigh sé na hIosraeilítigh amach as an Éigipt. Chuala sí freisin faoin gcaoi ar chabhraigh Iehova leo an bua a fháil sna cogaí in aghaidh a namhad. Cloiseann sí anois go bhfuil na hIosraeilítigh campáilte in aice Ireachó!

Chosain Rácháb na spiairí mar gur chreid sí in Iehova

Tráthnóna amháin, téann beirt spiairí Iosraeilíteach go dtí Ireachó chun eolas a fháil ar an gcathair. Sroicheann siad teach Rácháb. Tugann sí cuireadh dóibh teacht isteach agus fanacht léi. I rith na hoíche, cloiseann rí Ireachó go bhfuil spiairí sa chathair agus go bhfuil siad imithe go dtí teach Rácháb. Mar sin, cuireann an rí a chuid fir amach chun iad a ghabháil. Cuireann Rácháb an bheirt spiairí i bhfolach ar dhíon cothrom a tí agus deir sí le fir an rí: ‘Bhí na spiairí anseo, ach tá siad imithe as an gcathair cheana féin. Má imíonn sibh anois béarfaidh sibh orthu!’ An bhfuil a fhios agat cén fáth a bhfuil Rácháb ag cosaint na spiairí?— Mar creideann sí in Iehova agus tá a fhios aici go dtabharfaidh sé talamh thír Chanán do na hIosraeilítigh.

Sula bhfágann na spiairí teach Rácháb, geallann siad di go sábhálfar í féin agus a teaghlach nuair a scriosfar Ireachó. An bhfuil a fhios agat céard a deir siad léi a dhéanamh?— Deir siad: ‘Tóg an rópa dearg seo, agus croch as d’fhuinneog é. Má dhéanann tú é seo, sábhálfar gach duine atá i do theach.’ Déanann Rácháb díreach mar a dúirt na spiairí léi. An bhfuil a fhios agat céard a tharlaíonn ina dhiaidh sin?—

Shábháil Iehova Rácháb agus a teaghlach

Cúpla lá ina dhiaidh sin, máirseálann na hIosraeilítigh timpeall na cathrach go ciúin. Máirseálann siad timpeall na cathrach, uair amháin in aghaidh an lae ar feadh sé lá. Ach ar an seachtú lá, máirseálann siad timpeall na cathrach seacht n-uaire. Ansin béiceann siad go léir os ard a gcinn. Leagann Iehova go talamh na ballaí atá mórthimpeall na cathrach. Ach tá an teach leis an rópa dearg crochta amach as an bhfuinneog, fós ina sheasamh! An bhfeiceann tú sa phictiúr é?— Tá Rácháb agus a teaghlach slán sábháilte!

Céard is féidir leatsa a fhoghlaim ó Rácháb?— Chreid Rácháb in Iehova mar gheall ar na rudaí iontacha a bhí foghlamtha aici ina thaobh. Tá tusa freisin ag foghlaim go leor rudaí iontacha faoi Iehova. An gcreideann tusa ann mar a chreid Rácháb?— Tá mé cinnte go gcreideann!