Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 4

Bhí a hAthair agus Iehova Sásta Léi

Bhí a hAthair agus Iehova Sásta Léi

Cén gealltanas atá á thabhairt ag Iaftá do Iehova?

Cé nach raibh sé éasca, rinne iníon Iaftá an rud a bhí geallta ag a hathair

An bhfeiceann tú an cailín sa phictiúr?— Is iníon í le fear darb ainm Iaftá. Cé nach luann an Bíobla a hainm, insíonn sé dúinn go raibh a hathair agus Iehova sásta léi. Tá tuilleadh le foghlaim againn fúithi féin agus a hathair, Iaftá.

B’fhear maith é Iaftá agus chaith sé go leor ama ag múineadh dá iníon faoi Iehova. B’fhear láidir é freisin agus ceannaire maith. Sin é an fáth ar iarr na hIosraeilítigh air ceannas a ghlacadh sa troid in aghaidh a naimhde.

Ghuigh Iaftá chun Dé ag iarraidh air an bua a thabhairt dó. Gheall Iaftá dá mbeadh an bua aige, go dtabharfadh sé do Iehova an chéad duine a thiocfadh amach as a theach nuair a d’fhillfeadh sé abhaile. Bheadh ar an té sin an chuid eile dá shaol a chaitheamh ina chónaí agus ag obair ag taibearnacal Dé. Ba é an taibearnacal an áit a théadh na daoine chun Dia a adhradh ag an am sin. Bhuel, bhí an bua ag Iaftá! An bhfuil a fhios agat cén chéad duine a tháinig amach as a theach nuair a d’fhill sé abhaile?—

Sea, a iníon! Cé nach raibh aige ach í, chaithfeadh sé scaradh léi. Chuir sé seo an-bhrón air. Ach ná déan dearmad ar a ghealltanas. Ar an bpointe dúirt a iníon: ‘A athair, thug tú gealltanas do Iehova, caithfidh tú é a chomhlíonadh.’

Thug a cairde cuairt ar iníon Iaftá gach bliain

Bhí iníon Iaftá faoi bhrón freisin. Ag an taibearnacal ní fhéadfadh sí pósadh agus páistí a bheith aici. Ach ba é mian a croí gealltanas a hathar a chomhlíonadh agus Iehova a shásamh. Ba thábhachtaí di é seo ná pósadh nó páistí a bheith aici. Mar sin, d‘fhág sí an baile agus chaith sí an chuid eile dá saol ina cónaí ag an taibearnacal.

An gceapann tú gur chuir an rud a rinne sí áthas ar Iehova agus ar a hathair?— Cinnte chuir! Má bhíonn tusa umhal do Iehova agus má thugann tú grá dó, is féidir leat a bheith cosúil le hiníon Iaftá. Cuirfidh tusa áthas ar do thuismitheoirí agus ar Iehova, mar a rinne sise.