Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 9

Ní Stopadh Irimia Ag Labhairt Faoi Iehova

Ní Stopadh Irimia Ag Labhairt Faoi Iehova

Cén fáth a bhfuil na daoine feargach le hIrimia?

Shábháil Iehova Irimia

Go minic bíonn daoine ag magadh fúinn nó feargach linn nuair a labhraímid leo faoi Iehova. D’fhéadfadh sé seo fonn a chuir orainn gan labhairt faoi Dhia níos mó. Ar mhothaigh tusa mar seo riamh?— Déanann an Bíobla cur síos ar fhear óg a raibh grá aige do Iehova, ach is beag nár stop sé ag labhairt faoi. Irimia an t-ainm a bhí air. Cuirfimid aithne anois air le chéile.

Nuair a bhí Irimia ina fhear óg, dúirt Iehova leis go gcaithfeadh sé fainic a chur ar na daoine éirí as na drochrudaí a bhí siad a dhéanamh. Bhí sé seo an-deacair ag Irimia, agus bhí faitíos air. Dúirt sé le Iehova: ‘Níl a fhios agam céard a dhéarfaidh mé. Níl ionam ach buachaill.’ Ach dúirt Iehova: ‘Ná bíodh faitíos ort. Cabhróidh mise leat.’

Mar sin thosaigh Irimia ag cur fainic ar na daoine go gcuirfí pionós orthu mura n-athróidís. Meas tú an ndearna na daoine mar a dúirt Irimia leo?— Ní dhearna. Bhí siad ag magadh faoi, nó bhí siad an-fheargach leis. Bhí cuid acu ag iarraidh é a mharú fiú! Meas tú cén chaoi ar mhothaigh Irimia?— Bhí faitíos air agus dúirt sé: ‘Ní labhróidh mé go deo arís faoi Iehova.’ Ach ar thug sé suas a chás?— Níor thug. Bhí an oiread grá aige do Iehova is nárbh fhéidir leis gan a bheith ag labhairt faoi. Ós rud é nár thug Irimia suas a chás, choinnigh Iehova slán sábháilte é.

Mar shampla, uair amháin chaith drochfhir Irimia isteach i bpoll domhain a bhí lán de phuiteach. Ní raibh bia ná uisce aige. Bhí na fir sin ag iarraidh Irimia a fhágáil ansin go ngeobhadh sé bás. Ach le cabhair Iehova, d’éalaigh sé!

Céard is féidir leatsa a fhoghlaim ó dhea-shampla Irimia?— Níor stop sé ag labhairt faoi Iehova, cé go raibh faitíos air go minic. Nuair a labhraíonn tusa faoi Iehova, b’fhéidir go mbíonn daoine ag magadh fút nó feargach leat. B’fhéidir go mbíonn náire ort nó faitíos fiú. Ach ná stopadh sé sin thú ó bheith ag labhairt faoi Iehova. Cabhróidh sé leat i gcónaí, díreach mar a chabhraigh sé le hIrimia.