Ná bac leis seo

Céard í Ríocht Dé?

Céard í Ríocht Dé?

An ndéarfá . . .

  • rud éigin i do chroí?

  • leagan cainte?

  • rialtas sna flaithis?

DEIR AN BÍOBLA

“Cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche.”—Dainéil 2:44, An Bíobla Naofa.

“Tugadh mac dúinn; tá an tiarnas ar a ghualainn.”—Íseáia 9:5.

AN TAIRBHE ATÁ ANN DUITSE

AN FÉIDIR AN BÍOBLA A CHREIDIÚINT?

Is féidir, agus tá ar a laghad dhá chúis leis seo:

  • Thaispeáin Íosa an rud a dhéanfaidh Ríocht Dé. Mhúin Íosa dá lucht leanúna le guí go dtiocfadh Ríocht Dé agus go ndéanfaí toil Dé ar an talamh. (Matha 6:9, 10) Léirigh Íosa an chaoi a gcomhlíonfar an phaidir sin.

    Nuair a bhí sé ar an talamh, bheathaigh Íosa na hocraigh, leigheas sé daoine tinne, agus thóg sé na mairbh ón mbás! (Matha 15:29-38; Eoin 11:38-44) Thug Íosa réamhthaispeántas álainn ar an rud a dhéanfadh an Ríocht sin dá ngéillsineach nuair a bheadh sé féin ina Rialtóir ar Ríocht Dé.—Apacailipsis 11:15.

  • Deimhníonn cúinsí domhanda go dtiocfaidh Ríocht Dé go luath. Thuar Íosa go mbeadh cogaí, gortaí agus creathanna talún go forleathan ar fud an domhain sula gcuirfeadh Ríocht Dé síocháin i bhfeidhm ar an domhan.—Matha 24:3, 7.

    Tá na rudaí céanna seo le feiceáil inniu. Mar sin is féidir linn a bheith dóchasach go gcuirfidh Ríocht Dé deireadh go luath leis na fadhbanna seo ar fad.

ÁBHAR MACHNAIMH

Cén sórt saoil a bheidh ann nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú?

Freagraíonn an Bíobla an cheist sin ag SALM 37:29 agus ÍSEÁIA 65:21-23.