Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Cén Cuspóir Atá Ag Dia Dúinn?

Cén Cuspóir Atá Ag Dia Dúinn?

NUAIR a bhíonn tú ag léamh na bpáipéar nuachta, ag breathnú ar an teilifís, nó ag éisteacht leis an raidió, feiceann tú agus cloiseann tú go leor tuairiscí faoi choiriúlacht, sceimhlitheoireacht, agus cogaí. B’fhéidir go bhfuil tú féin ag fulaingt de bharr tinnis nó mar go bhfuair duine éigin a raibh cion agat air bás.

Fiafraigh díot féin:

  • An é seo toil Dé dom féin agus do mo chlann?

  • Cén áit ar féidir liom cabhair a fháil chun déileáil le mo chuid fadhbanna?

  • An mbeidh síocháin ann choíche?

Tugann an Bíobla freagraí sásúla ar na ceisteanna seo.

MÚINEANN AN BÍOBLA GO nDÉANFAIDH DIA RUDAÍ IONTACHA AR AN TALAMH.

BAIN TAIRBHE AS TEAGASC AN BHÍOBLA

B’fhéidir go gceapfá nach bhfuil sa méid atá ráite sna chéad leathanaigh den leabhar seo ach brionglóid. Ach tá sé geallta ag Dia sa mBíobla go ndéanfaidh sé na hathruithe sin ar an domhan go han-luath.

Déanann an Bíobla níos mó ná sin. Tugann sé eolas dúinn a chabhraíonn linn taitneamh a bhaint as an saol san am i láthair. Smaoinigh ar na rudaí a bhíonn ag déanamh imní duit. B’fhéidir go bhfuil cúrsaí airgid, an teaghlach, drochshláinte, nó bás duine éigin ar chuid acu. Is féidir leis an mBíobla cabhrú leat le dul i ngleic leis na fadhbanna seo, agus sólás a thabhairt duit trí cheisteanna mar iad seo a leanas a fhreagairt:

Is dócha go bhfuil suim agat sa méid a mhúineann an Bíobla. Cabhróidh an leabhar seo leat. Tá ceisteanna ar na hailt a chabhróidh leat tuiscint níos fearr a fháil ar an mBíobla. Tá na milliúin duine ag baint taitneamh as a bheith ag déanamh plé ar an mBíobla le Finnéithe Iehova. Tá súil againn go mbainfidh tusa taitneamh as freisin. Go raibh beannacht Dé ort agus tú ag fiosrú céard go díreach a mhúineann an Bíobla!