Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL A DÓ

An Bíobla—Leabhar Ó Dhia

An Bíobla—Leabhar Ó Dhia

1, 2. Cén fáth gur bronntanas iontach ó Dhia é an Bíobla?

CÉN chaoi a mothaíonn tú nuair a thugann cara leat bronntanas duit? Is fada leat go n-osclóidh tú é, agus bíonn áthas ort gur chuimhnigh do chara ort.

2 Is bronntanas ó Dhia é an Bíobla. Tá eolas ann nach bhfuil le fáil in aon áit eile. Mar shampla, insíonn sé dúinn gur chruthaigh Dia neamh agus talamh, agus an chéad fhear agus bean. Tá prionsabail ann atá in ann cabhrú linn nuair atá fadhbanna againn. Cuireann sé síos ar an gcaoi a bhfuil Dia chun a chuspóir a thabhairt chun críche agus barr feabhais a chur ar an domhan.

3. Céard a thabharfaidh tú faoi deara de réir mar a dhéanann tú staidéar ar an mBíobla?

3 De réir mar a dhéanann tú staidéar ar an mBíobla, tabharfaidh tú faoi deara gur mian le Dia go mbeifeá mar chara aige. Neartóidh do chairdeas leis, de réir mar a fhoghlaimíonn tú faoi.

4. Cé acu de na fíricí seo faoin mBíobla is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

4 Tá an Bíobla aistrithe go dtí tuairim is 2,800 teanga, agus tá na billiúin cóip de curtha i gcló. Is féidir le breis agus 90 faoin gcéad de dhaonra an domhain an Bíobla a léamh ina dteanga féin, agus faigheann breis agus milliún duine cóip den Bhíobla gach seachtain! Níl aon leabhar eile ar nós an Bhíobla.

5. Cén fáth ar féidir linn a rá gur scríobhadh an Bíobla “faoi luí an Spioraid Naoimh”?

5 Tá “tinfeadh [nó, inspioráid] Dé” faoi na scrioptúir go léir. (Léigh 2 Tiomóid 3:16.) Ach b’fhéidir go bhfuil daoine ann a déarfadh, ‘Is fir a scríobh an Bíobla, mar sin cé chaoi a bhféadfadh sé gur leabhar ó Dhia é?’ Freagraíonn an Bíobla: “Labhair daoine ó Dhia agus iad faoi luí an Spioraid Naoimh.” (2 Peadar 1:21) Tá sé mar a bheadh fear gnó ag deachtú litir dá rúnaí. Cé hé údar na litreach? An fear gnó, ní an rúnaí. Ar an gcaoi chéanna, is é Dia Údar an Bhíobla, agus ní na fir a d’úsáid sé chun é a scríobh. Scríobh siad síos smaointe Dé faoi thionchar a spioraid. Mar sin, is é an Bíobla “briathar Dé.”—1 Teasalónaigh 2:13; féach Aguisín 2.

Tá anNew World Translation of the Holy Scriptures ar fáil i go leor teangacha

TÁ AN BÍOBLA CRUINN

6, 7. Cén fáth ar féidir linn a rá go bhfuil leabhair an Bhíobla ar aon fhocal?

6 Thóg sé breis agus 1,600 bliain an Bíobla a scríobh. Níor mhair na scríbhneoirí ar fad ag an am céanna. Bhí an-oideachas ar chuid acu agus cuid eile acu nach raibh. Mar shampla, ba dhochtúir é duine acu. B’fheirmeoirí, aoirí, fáithe, breithiúna agus ríthe iad cuid eile acu. Mar sin féin, tá leabhair an Bhíobla ar aon fhocal. Níl rud amháin ráite i gcaibidil amháin agus a mhalairt i gcaibidil eile. *

7 Cuirtear síos sna chéad chaibidlí den Bhíobla ar an gcaoi ar thosaigh fadhbanna an tsaoil. Cuirtear síos sna caibidlí deirí ar an gcaoi a réiteoidh Dia na fadhbanna sin. Déanann an Bíobla trácht ar na mílte bliain de stair an duine agus taispeánann sé go gcomhlíontar toil Dé i gcónaí.

8. Tabhair samplaí a thaispeánann go bhfuil an Bíobla cruinn ó thaobh na heolaíochta de.

8 Ní le haghaidh eolaíocht a mhúineadh a scríobhadh an Bíobla, ach nuair a dhéanann sé tagairt de chúrsaí eolaíochta, bíonn sé cruinn i gcónaí. Bheadh muid ag súil leis sin ó Bhriathar Dé. Mar shampla, tá na treoracha a thug Dia chun galair a stopadh ó bheith ag scaipeadh luaite i leabhar Léivític. Scríobhadh é seo i bhfad sula raibh a fhios ag daoine aon rud faoi bhaictéir agus víris. Múineann an Bíobla go bhfuil an domhan crochta ar neamhní. (Iób 26:7) Nuair a chreid formhór na ndaoine go raibh an domhan cothrom, dúirt an Bíobla go raibh sé cruinn, mar a bheadh roth.—Íseáia 40:22.

9. Céard a léiríonn ionracas scríbhneoirí an Bhíobla?

9 Nuair a dhéanann an Bíobla cur síos ar eachtraí stairiúla, bíonn sé cruinn i gcónaí. Ach tá go leor leabhair staire nach bhfuil iomlán na fírinne iontu. Mar shampla, is minic nár chuir siad síos ar na cathanna a chaill a náisiún. Ar an lámh eile, bhí scríbhneoirí an Bhíobla ionraic fiú nuair a chaill siad an cath. Scríobh siad freisin faoi na botúin a rinne siad féin. Mar shampla, i leabhar na nUimhreacha, cuireann Maois síos ar an mbotún a rinne seisean agus ar an gcaoi ar smachtaigh Dia é. (Uimhreacha 20:2-12) Léiríonn ionracas scríbhneoirí an Bhíobla gur leabhar ó Dhia é, agus gur féidir linn muinín a bheith againn as.

LEABHAR ATÁ LÁN DE DHEA-CHOMHAIRLE

10. Cén fáth a bhfuil comhairle an Bhíobla in ann cabhrú linn inniu?

10 “Gach cuid den scrioptúr tá tinfeadh [nó, inspioráid] Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhréagnú, chun daoine a cheartú.” (2 Tiomóid 3:16) Go deimhin, tá comhairle an Bhíobla in ann cabhrú linn inniu. Tá a fhios ag Dia cén sórt mianach atá ionainn. Tá níos mó tuisceana aige orainn ná mar atá againn orainn féin, agus is mian leis go mbeidh muid sona sásta. Tá a fhios aige céard a théann chun tairbhe dúinn agus céard nach dtéann.

11, 12. (a) Cén dea-chomhairle a thug Íosa i Matha caibidlí 5 go dtí 7? (b) Céard eile is féidir linn a fhoghlaim ón mBíobla?

11 Tugann Íosa dea-chomhairle dúinn i leabhar Mhatha caibidlí 5 go dtí 7. Déanann sé cur síos ar an mbealach le bheith sona sásta, le ceart a bhaint de dhaoine eile, le guí, agus ar an dearcadh is ceart dúinn a bheith againn ar airgead. Cé gur thug sé an chomhairle seo 2,000 bliain ó shin, tá sí chomh héifeachtach céanna don lá inniu.

12 Sa mBíobla, múineann Iehova prionsabail dúinn a chuireann go mór le sonas an teaghlaigh, a chuireann ar ár gcumas a bheith inár n-oibrithe maithe, agus a chabhraíonn linn maireachtáil go síochánta le daoine eile. Is féidir le prionsabail an Bhíobla cabhrú linn is cuma cé muid féin, cá gcónaíonn muid, nó cé na fadhbanna atá againn.—Léigh Íseáia 48:17; féach Aguisín 3.

BÍODH MUINÍN AGAT AS TAIRNGREACHTAÍ AN BHÍOBLA

Thuar duine de scríbhneoirí an Bhíobla, Íseáia, go scriosfaí an Bhablóin

13. Céard a dúirt Íseáia a tharlódh do chathair na Bablóine?

13 Tá go leor de thairngreachtaí an Bhíobla comhlíonta cheana féin. Mar shampla, thuar Íseáia go scriosfaí an Bhablóin. (Íseáia 13:19) Chuir sé síos ar an gcaoi a scriosfaí í. Bhí geataí móra agus abhainn ag cosaint na cathrach. Thuar Íseáia go dtriomófaí an abhainn, go bhfágfaí na geataí oscailte, agus go dtógfaí an chathair gan cath a throid. Thuar sé freisin, gur fear darbh ainm Cíoras a chloífeadh an Bhablóin.—Léigh Íseáia 44:27–45:2; féach Aguisín 4.

14, 15. Cén chaoi ar comhlíonadh tairngreacht Íseáia?

14 Dhá chéad bliain tar éis scríobh na tairngreachta sin, d’ionsaigh arm an Bhablóin. Cé a bhí i gceannas an airm? Cíoras, rí na Peirse, díreach mar a thuar Íseáia. Ba ghearr go gcomhlíonfaí an chuid eile den tairngreacht.

15 Bhí féasta ar siúl ag na Bablónaigh ar an oíche a rinneadh an t-ionsaí. Bhí siad ag ceapadh go raibh siad slán sábháilte de bhrí go raibh ballaí móra arda agus abhainn á gcosaint. Bhain Cíoras trinse taobh amuigh den chathair chun leibhéal an uisce san abhainn a ísliú. Thosaigh an t-uisce ag ísliú go dtí go raibh na saighdiúirí Peirseacha in ann siúl tríd. Ach cén chaoi a dtiocfadh an t-arm thar bhallaí na Bablóine? Mar a bhí ráite sa tairngreacht, fágadh geataí na cathrach oscailte, agus thóg na saighdiúirí an chathair gan cath a throid.

16. (a) Céard a thuar Íseáia faoin mBablóin? (b) Cén chaoi ar comhlíonadh tairngreacht Íseáia?

16 Thuar Íseáia go dtiocfadh an lá nach gcónódh aon duine sa mBablóin go deo arís. Scríobh sé: “Ní bheidh cónaí ansin níos mó, ná áitreabh ann ó ghlúin go glúin go deo.” (Íseáia 13:20) Ar tharla sé sin? Níl anois ach fothraigh san áit a mbíodh an Bhablóin, 50 míle ó dheas de Bhagdad san Iaráic. Ní chónaíonn aon duine ann. Ghlan Iehova an Bhablóin de dhromchla an domhain “le scuab an scriosta.”—Íseáia 14:22, 23. *

Fothraigh na Bablóine

17. Cén fáth ar féidir linn muinín a bheith againn as gealltanais Dé?

17 Tá muinín againn go gcomhlíonfar na tairngreachtaí atá déanta sa mBíobla don todhchaí, de bharr na dtairngreachtaí atá comhlíonta cheana féin. Is féidir linn a bheith cinnte go gcomhlíonfaidh Iehova a ghealltanas parthas a dhéanamh den domhan. (Léigh Uimhreacha 23:19.) Tá dóchas againn go mbainfidh muid amach “an bheatha shíoraí. “Gheall Dia, nár thug éitheach [nó, nár inis bréag] riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire.”—Títeas 1:2. *

IS FÉIDIR LEIS AN mBÍOBLA DO SHAOL A ATHRÚ

18. Cén chaoi a gcuireann Pól síos ar “bhriathar Dé”?

18 Tá sé foghlamtha againn nach bhfuil aon leabhar eile ar nós an Bhíobla. Tá leabhair an Bhíobla ar fad ar aon fhocal, agus nuair a dhéanann sé tagairt de nithe a bhaineann le heolaíocht nó stair, bíonn sé cruinn i gcónaí. Tugann sé dea-chomhairle dúinn freisin, agus tá a lán tairngreachtaí ann atá comhlíonta cheana féin. Ach déanann an Bíobla níos mó ná sin fós. Scríobh an t-aspal Pól: “Tá briathar Dé beoúil bríomhar.” Céard a chiallaíonn sé sin?—Léigh Eabhraigh 4:12.

19, 20. (a) Cén chaoi a gcabhraíonn an Bíobla leat léargas a fháil ort féin? (b) Cén chaoi ar féidir leat a chur in iúl go bhfuil tú buíoch as ucht an Bhíobla?

19 Is féidir leis an mBíobla do shaol a athrú. Tugann sé léargas duit ar an sórt duine atá ionat. Is féidir leis cabhrú leat na smaointe agus na mothúcháin is doimhne a bhíonn agat a thuiscint. Mar shampla, b’fhéidir go gceapann muid go bhfuil grá againn do Dhia. Ach chun é sin a chruthú, ní mór dúinn an méid a iarrann Dia orainn sa mBíobla, a dhéanamh.

20 Is cinnte gur leabhar ó Dhia é an Bíobla. Is mian Leis go léifidh tú é, go ndéanfaidh tú staidéar air, agus go dtaitneoidh sé leat. Bí buíoch as ucht an bhronntanais seo, agus lean ort á staidéar. Tuigfidh tú ansin, cuspóir Dé don duine. Gheobhaidh muid tuilleadh eolais ar chuspóir Dé sa gcéad chaibidil eile.

^ Alt 6 Ceapann daoine nach bhfuil scríbhneoirí an Bhíobla ar aon fhocal, ach níl sé sin fíor. Féach caibidil 7 den leabhar The Bible—God’s Word or Man’s? atá foilsithe ag Finnéithe Iehova.

^ Alt 16 Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thairngreachtaí an Bhíobla, léigh leathanaigh 27-29 den bhróisiúr A Book for All People, atá foilsithe ag Finnéithe Iehova.

^ Alt 17 Níl i scrios na Bablóine ach tairngreacht amháin de chuid an Bhíobla a comhlíonadh. Is féidir leat eolas a fháil ar thairngreachtaí faoi Íosa Críost in Aguisín 5.