Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL A CEATHAIR

Cé hÉ Íosa Críost?

Cé hÉ Íosa Críost?

1, 2. (a) An féidir leat a rá go bhfuil aithne agat ar dhaoine cáiliúla mura bhfuil a fhios agat dada fúthu ach a n-ainm? Mínigh. (b) Céard a chreideann daoine faoi Íosa?

IS IOMAÍ duine cáiliúil ar an domhan seo. B’fhéidir go bhfuil a fhios agat cén t-ainm atá ar dhuine nó beirt acu. Ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil aithne mhaith agat orthu. Ní féidir leat a rá ach an oiread go bhfuil a fhios agat gach rud faoina saol ná cén sórt daoine iad féin.

2 B’fhéidir gur chuala tú trácht ar Íosa Críost, cé go bhfuil sé thart ar 2,000 bliain ó bhí sé ar an talamh. Ach níl a fhios ag an gcuid is mó de na daoine cén sórt duine a bhí in Íosa. Creideann daoine gur fear maith a bhí ann, creideann daoine eile gur fáidh a bhí ann agus creideann daoine eile fós gurb é Dia é. Céard a cheapann tusa?—Féach Aguisín 12.

3. Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach aithne a chur ar Iehova Dia agus ar Íosa Críost?

3 Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat an fhírinne faoi Íosa. Cén fáth? Deir an Bíobla: “Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.” (Eoin 17:3) Má bhíonn a fhios agat an fhírinne faoi Iehova agus Íosa, beidh tú in ann maireachtáil go deo i bparthas ar talamh. (Eoin 14:6) D’fhág Íosa eiseamláir againn maidir leis an gcaoi ar cheart dúinn ár saol a chaitheamh agus déileáil le daoine eile. (Eoin 13:34, 35) I gCaibidil 1, d’fhoghlaim muid an fhírinne faoi Dhia. Anois gheobhaidh muid amach céard a mhúineann an Bíobla faoi Íosa.

TÁ AN MEISIAS FAIGHTE AGAINN!

4. Céard a chiallaíonn “Meisias” agus “Críost”?

4 Blianta fada sular rugadh Íosa, gheall Iehova sa mBíobla go gcuirfeadh sé an Meisias, nó Críost, chun na talún. Tagann an focal “Meisias” ón Eabhrais, agus tagann an focal “Críost” ón nGréigis. Ciallaíonn an dá theideal seo go roghnódh Dia an Meisias a bhí geallta aige, agus go dtabharfadh sé ról speisialta dó. Tabharfaidh an Meisias chun críche gealltanais Dé go léir. Is féidir le hÍosa cabhrú leat inniu freisin. Sular rugadh Íosa, bhí go leor daoine ag fiafraí, ‘Meas tú cé a bheidh ina Mheisias?’

5. Ar chreid a dheisceabail gurbh é Íosa an Meisias?

5 Bhí deisceabail Íosa cinnte dearfa gurbh é Íosa an Meisias. (Eoin 1:41) Mar shampla, dúirt Síomón Peadar le hÍosa: “Is tú an Críost.” (Matha 16:16) Cén chaoi ar féidir linne a bheith cinnte gurbh é Íosa an Meisias?

6. Cén chaoi ar chabhraigh Iehova le daoine ionraice an Meisias a aithint?

6 I bhfad sular rugadh Íosa, scríobh fáithe Dé cuntas cruinn faoin Meisias, rud a chabhródh le daoine é a aithint nuair a thiocfadh sé. Cén chaoi a gcabhródh an t-eolas seo linne? Cuir i gcás go raibh ort duine nár casadh riamh cheana leat, a bhailiú ag stáisiún traenach. Theastódh cuntas cruinn uait chun é a aithint. Sin é a rinne Iehova, d’úsáid sé na fáithe chun cuntas cruinn a thabhairt dúinn ar na rudaí a dhéanfadh an Meisias agus na rudaí a tharlódh dó. Tugann comhlíonadh na dtairngreachtaí seo le fios do dhaoine ionraice gurb é Íosa an Meisias.

7. Céard iad péire de na tairngreachtaí a chruthaíonn gurb é Íosa an Meisias?

7 Seo a leanas péire de na tairngreachtaí sin: (1) 700 bliain sular rugadh Íosa, thuar Míocá go saolófaí an Meisias i mBeithil. (Míocá 5:1 [5:2 i mBíoblaí eile]) Sin é an áit ar rugadh Íosa! (Matha 2:1, 3-9) (2) Thuar Dainéil go dtiocfadh an Meisias sa mbliain 29 CR. (Dainéil 9:25) Níl anseo ach péire de na tairngreachtaí a chruthaíonn gurb é Íosa an Meisias.—Féach Aguisín 13.

Rinneadh an Meisias nó an Críost d’Íosa nuair a baisteadh é

8, 9. Céard a tharla ag baisteadh Íosa a chruthaíonn gurb é an Meisias é?

8 Tá sé déanta an-soiléir ag Iehova gurb é Íosa an Meisias. Gheall Dia d’Eoin Baiste go dtabharfadh sé comhartha dó sa gcaoi is go mbeadh a fhios aige cérbh é an Meisias. Nuair a bhaist Eoin Íosa in abhainn na hIordáine sa mbliain 29 CR, chonaic Eoin an comhartha sin. Déanann an Bíobla cur síos ar an méid a tharla: “An túisce is a baisteadh é, tháinig Íosa aníos as an uisce, agus osclaíodh na flaithis dó, agus chonaic sé Spiorad Dé ag teacht anuas mar a bheadh colm agus é ag tuirlingt air. Agus tháinig glór ó na flaithis a dúirt: ‘Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi.’” (Matha 3:16, 17) Nuair a chonaic agus a chuala Eoin an comhartha seo, bhí a fhios aige gurb é Íosa an Meisias. (Eoin 1:32-34) Rinneadh an Meisias d’Íosa an lá sin, nuair a dhoirt Iehova a spiorad air. Is é Íosa atá roghnaithe ag Dia le bheith ina Cheannaire agus ina Rí.—Íseáia 55:4.

9 Cruthaíonn na tairngreachtaí atá sa mBíobla, agus na comharthaí a thug Iehova ag baisteadh Íosa, gurb é Íosa an Meisias. Ach cárbh as a tháinig Íosa, agus cén sórt duine a bhí ann? Feicfidh muid céard atá ráite sa mBíobla faoi.

CÁRBH AS A THÁINIG ÍOSA?

10. Céard atá ráite sa mBíobla faoi shaol Íosa sular tháinig sé go dtí an talamh?

10 Tá sé ráite sa mBíobla gur chónaigh Íosa ar neamh ar feadh tamall fada sular tháinig sé go dtí an talamh. Dúirt Míocá go “dtéann a shinsearacht na cianta siar go dtí an t-am fadó.” (Míocá 5:1 [5:2 i mBíoblaí eile]) Dúirt Íosa é féin go minic gur chónaigh sé ar neamh sular rugadh mar dhuine é. (Léigh Eoin 3:13; 6:38, 62; 17:4, 5.) Bhí caidreamh speisialta idir Íosa agus Iehova, sular tháinig sé go dtí an talamh.

11. Cén fáth a bhfuil an-chion ag Iehova ar Íosa?

11 Tá an-chion ag Iehova ar Íosa. Cén fáth? Mar chruthaigh Dia é roimh gach ní agus gach duine eile. Mar sin, tugtar “céadghin gach dúile cruthaithe” * air. (Colosaigh 1:15) Tá an-chion ag Iehova air freisin, mar gurbh é an t-aon ní é a chruthaigh Sé uaidh féin. Sin é an fáth a dtugtar “a Aonghin Mic” air. (Eoin 3:16) Is trí Íosa amháin a chruthaigh Iehova gach ní eile. (Colosaigh 1:16) Is ar Íosa amháin a thugtar ‘an Briathar,’ mar gur úsáid Iehova é chun teachtaireachtaí agus comhairle a thabhairt d’aingil agus do dhaoine.—Eoin 1:14.

12. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nach ionann Íosa agus Dia?

12 Creideann daoine gur ionann Íosa agus Dia. Ach ní shin é atá ráite sa mBíobla. Deir an Bíobla gur cruthaíodh Íosa, mar sin bhí tús aige. Ach ní raibh tús ar bith ag Iehova, cruthaitheoir an uile ní. (Salm 90:2) Ní fiú gur smaoinigh Íosa riamh Dia a dhéanamh dó féin. Deir an Bíobla go soiléir gur mó an tAthair ná an Mac. (Léigh Eoin 14:28; 1 Corantaigh 11:3.) Is é Iehova amháin an “Dia Uilechumhachtach.” (Geineasas 35:11) Is é an té is mó agus is cumhachtaí sa gcruinne.—Féach Aguisín 14.

13. Cén fáth a dtugann an Bíobla “íomhá den Dia dofheicthe” ar Íosa?

13 D’oibrigh Iehova agus a Mhac as lámh a chéile ar feadh na billiúin bliain sular cruthaíodh neamh agus talamh. Chaithfeadh sé go raibh an-chion acu ar a chéile! (Eoin 3:35; 14:31) Rinne Íosa aithris ar thréithe a athar agus dá bhrí sin tugann an Bíobla “íomhá den Dia dofheicthe” air.—Colosaigh 1:15.

14. Cén chaoi ar tharla sé gur saolaíodh Mac Dé mar dhuine?

14 Bhí Mac muirneach Iehova sásta neamh a fhágáil agus a theacht ar an saol seo. Cén chaoi arbh fhéidir é sin a dhéanamh? D’aistrigh Iehova beatha a Mhic ó neamh go dtí broinn maighdine darbh ainm Muire. Ní raibh athair daonna ag Íosa. Dá bhrí sin, saolaíodh mac foirfe do Mhuire, agus thug sí Íosa mar ainm air.—Lúcás 1:30-35.

CÉN SÓRT DUINE A BHÍ IN ÍOSA?

15. Cén chaoi ar féidir leat aithne níos fearr a chur ar Iehova?

15 Is féidir leat go leor a fhoghlaim faoi Íosa, a shaol, agus a thréithe, trí na leabhair seo sa mBíobla a léamh: Matha, Marcas, Lúcás agus Eoin. Na Soiscéil a thugtar ar na leabhair seo. Tá Íosa an-chosúil lena Athair agus dá réir sin cuirfidh tú aithne níos fearr ar Iehova freisin. Sin é an fáth a ndúirt Íosa: “An té a chonaic mise, chonaic sé an tAthair.”—Eoin 14:9.

16. Céard a mhúin Íosa? Cárbh as a tháinig teagasc Íosa?

16 Thugadh a lán daoine “Máistir” ar Íosa. (Eoin 1:38; 13:13) Bhí “dea-scéal na ríochta” ar cheann de na rudaí is tábhachtaí a mhúin sé. Céard í an Ríocht seo? Is rialtas ó Dhia í a rialóidh an domhan ó neamh agus a chuirfidh beannachtaí ar dhaoine atá umhal do Dhia. (Matha 4:23) Is ó Iehova a tháinig an méid a mhúin Íosa. Dúirt Íosa: “An teagasc seo a thugaim . . . ní liomsa é ach leis an té a chuir uaidh mé.” (Eoin 7:16) Bhí a fhios ag Íosa gurb é toil Iehova é go gcloisfeadh daoine an dea-scéal go bhfuil Ríocht Dé chun an domhan seo a rialú.

17. Cár mhúin Íosa? Cén fáth ar oibrigh sé chomh dúthrachtach chun daoine a mhúineadh?

17 Cár mhúin Íosa? Gach áit a raibh daoine. Mhúin sé amuigh faoin tuath, sna cathracha, sna bailte beaga, ag na margaí, ag ionaid adhartha, agus i dtithe cónaithe. Níor fhan sé go dtáinig daoine chuige. Is minic a chuaigh seisean chucu. (Marcas 6:56; Lúcás 19:5, 6) D’oibrigh Íosa go dúthrachtach ag caitheamh go leor ama agus fuinnimh ag múineadh daoine. Cén fáth? Mar bhí a fhios aige gurb é toil Dé é agus bhí sé umhal dá Athair i gcónaí. (Eoin 8:28, 29) Chraobhscaoil sé an dea-scéal freisin mar go raibh trua aige do dhaoine. (Léigh Matha 9:35, 36.) Bhí a fhios aige nach raibh na ceannairí reiligiúnacha ag múineadh na fírinne faoi Dhia agus a Ríocht. Mar sin, bhí sé ag iarraidh go gcloisfeadh an oiread agus ab fhéidir an dea-scéal.

18. Cén ceann de thréithe Íosa is fearr leat?

18 Bhí grá ag Íosa do dhaoine. Bhí sé cineálta agus b’fhurasta labhairt leis. Bhí páistí ar a suaimhneas ina chomhluadar. (Marcas 10:13-16) Thug Íosa cothrom na féinne do gach duine. Bhí an ghráin aige ar chaimiléireacht agus ar éagóir. (Matha 21:12, 13) Mhair sé ag am nach raibh mórán cearta ag mná agus nach raibh aon mheas orthu. Ach bhí an-mheas ag Íosa ar mhná i gcónaí. (Eoin 4:9, 27) Bhí sé fíor-umhal. Mar shampla, oíche amháin nigh sé cosa a chuid aspal, cúram a bheadh ar shearbhónta de ghnáth.—Eoin 13:2-5, 12-17.

Chraobhscaoil Íosa gach áit a raibh daoine

19. Cén eachtra a léiríonn go raibh a fhios ag Íosa céard a theastaigh uaidh dhaoine agus go raibh sé ag iarraidh cabhrú leo?

19 Bhí a fhios ag Íosa cé na riachtanais a bhí ag daoine agus bhí fonn air cabhrú leo. Bhí sé seo le feiceáil go soiléir nuair a d’úsáid sé cumhacht Dé chun daoine a leigheas. (Matha 14:14) Mar shampla, tháinig lobhar chuig Íosa agus dúirt sé: “Más áil leat é, . . . is féidir duit mé a ghlanadh.” Ghoill fulaingt an fhir seo go mór ar Íosa. Bhí trua aige dó agus bhí sé ag iarraidh cabhrú leis. Mar sin leag Íosa a lámh air agus dúirt sé: “Is áil, . . . glantar thú!” Agus leigheasadh an fear tinn! (Marcas 1:40-42) Meas tú cén chaoi ar mhothaigh an fear sin?

DÍLIS DÁ ATHAIR I gCÓNAÍ

20, 21. Cén cineál eiseamláir a d’fhág Íosa againn?

20 Is é Íosa an eiseamláir is fearr atá againn. Ba chuma céard a tharla nó céard a rinne a naimhde, bhí sé umhal dá Athair. Mar shampla, níor pheacaigh Íosa nuair a chuir Sátan cathú air. (Matha 4:1-11) Níor chreid cuid dá mhuintir féin gurb é Íosa an Meisias agus dúirt siad go raibh sé as “as a mheabhair,” ach lean sé d’obair Dé. (Marcas 3:21) Nuair a bhí a naimhde cruálach leis, d’fhan Íosa umhal do Dhia agus ní dhearna sé iarracht riamh dochar a dhéanamh dóibh.—1 Peadar 2:21-23.

21 Fiú nuair a d’fhulaing Íosa bás cruálach, d’fhan sé umhal d’Iehova. (Léigh 1 Peadar 2:24.) Samhlaigh an méid a d’fhulaing sé an lá a cuireadh chun báis é. Gabhadh é, chuir finnéithe bréagacha diamhasla ina leith, dhaor breithiúna éagóracha é, rinne na sluaite magadh faoi, agus cuireadh chun báis ar chuaille é. Nuair a bhí sé ag fáil bháis dúirt sé: “Tá sé curtha i gcrích.” (Eoin 19:30) Trí lá tar éis a bháis, thóg Iehova ó na mairbh é mar phearsa spioraid. (1 Peadar 3:18) Cúpla seachtain ina dhiaidh sin chuaigh Íosa ar ais ar neamh, chun ‘suí ar dheis Dé,’ ag fanacht go ndéanfadh Dia Rí dó.—Eabhraigh 10:12, 13.

22. Cén deis atá againne anois de bharr go raibh Íosa umhal dá Athair?

22 De bharr go raibh Íosa umhal dá Athair tá an deis againne anois maireachtáil go deo ar an talamh, de réir mar a bhí beartaithe ag Iehova. Sa gcéad chaibidil eile, déanfaidh muid plé ar an mbaint atá ag bás Íosa leis an deis atá againn maireachtáil go deo.

^ Alt 11 Tugtar Athair ar Iehova mar gurb é an Cruthaitheoir é. (Íseáia 64:8) Tugtar Mac Dé ar Íosa mar gur chruthaigh Iehova é. Tugtar mac Dé freisin ar Ádhamh, agus tugtar clann Dé ar na haingil.—Iób 1:6; Lúcás 3:38.