Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL A CÚIG

An Éiric—An Bronntanas Is Fearr Ó Dhia

An Éiric—An Bronntanas Is Fearr Ó Dhia

1, 2. (a) Cén cineál bronntanas is fearr leat? (b) Cén fáth gurb í an éiric an bronntanas is fearr a thug Dia dúinn?

CÉARD é an bronntanas is fearr a fuair tú riamh? Ní gá do bhronntanas a bheith daor le go mbeadh meas agat air. Nuair a fhaigheann tú bronntanas a chuireann áthas ort, nó a theastaíonn go géar uait, bíonn tú an-bhuíoch.

2 Thar na bronntanais ar fad atá tugtha ag Dia dúinn, tá ceann amháin a theastaíonn go géar uainn. Is é an bronntanas is fearr é a thug Dia don duine. Chuir Iehova a mhac, Íosa Críost, uaidh sa gcaoi is go mbeadh muid in ann maireachtáil go deo. (Léigh Matha 20:28.) Chruthaigh Iehova go bhfuil grá aige dúinn nuair a chuir sé Íosa ar fáil dúinn mar cheannach, nó mar éiric.

CÉARD Í AN ÉIRIC?

3. Cén fáth a bhfaigheann an duine bás?

3 Is í an éiric an modh fuascailte a chur Iehova ar fáil chun an duine a shaoradh ón bpeaca agus ón mbás. (Eifisigh 1:7) Chun a fháil amach cén fáth a raibh an éiric ag teastáil ní mór dúinn dul siar go dtí na heachtraí a tharla na mílte bliain ó shin i nGairdín Éidin. Pheacaigh ár gcéad sinsir, Ádhamh agus Éabha. Fuair siad bás mar gur pheacaigh siad. Faigheann muidne bás freisin, mar go bhfuair muid an peaca mar oidhreacht ó Ádhamh agus Éabha.—Féach Aguisín 9.

4. Cérbh é Ádhamh agus cén sórt saoil a bhí amach roimhe?

4 Nuair a chruthaigh Iehova an chéad fhear, Ádhamh, thug sé rud an-luachmhar dó. Thug sé beatha fhoirfe dó. Bhí a intinn agus a cholainn foirfe. Ní bheadh sé tinn, ní thiocfadh seanaois air, agus ní bhfaigheadh sé bás choíche. Bhí Iehova mar athair ag Ádhamh, mar is é a chruthaigh é. (Lúcás 3:38) Labhair Iehova leis go rialta. Thug Dia treoracha soiléire d’Ádhamh, agus thug Sé obair shásúil dó le déanamh.—Geineasas 1:28-30; 2:16, 17.

5. Céard a chiallaíonn sé gur cruthaíodh Ádhamh “ar dheilbh Dé”?

5 Cruthaíodh Ádhamh “ar dheilbh Dé.” (Geineasas 1:27) Chruthaigh Iehova é leis na tréithe céanna atá Aige féin, ina measc grá, eagna, cóir, agus cumhacht. Thug sé saorthoil d’Ádhamh. Ní róbat a bhí ann. Chuir Dia ar a chumas a bheith in ann an mhaith nó an t-olc a roghnú. Dá roghnódh Ádhamh a bheith umhal do Dhia, d’fhéadfadh sé maireachtáil go deo i bParthas.

6. Céard a chaill Ádhamh nuair a bhí sé easumhal do Dhia? Cén tionchar atá aige sin orainne?

6 D’íoc Ádhamh go daor as a chuid easumhlaíochta nuair a daoradh chun báis é. Chaill sé an cairdeas speisialta a bhí aige le hIehova, a bheatha fhoirfe, agus a áit chónaithe i bParthas. (Geineasas 3:17-19) Ós rud é gur roghnaigh Ádhamh agus Éabha a bheith easumhal do Dhia ní raibh aon dóchas ann dóibhsean. Mar thoradh ar an rud a rinne Ádhamh “tháinig an peaca isteach sa saol trí aon duine amháin agus an bás isteach tríd an bpeaca, sa tslí sin leath an bás i measc cách uile de bhrí go ndearna cách uile an peaca.” (Rómhánaigh 5:12) Nuair a pheacaigh Ádhamh, dhíol sé é féin agus muidne mar sclábhaithe faoi chuing an pheaca agus an bháis. (Rómhánaigh 7:14) An bhfuil aon dóchas ann dúinne? Tá.

7, 8. Céard a chiallaíonn an éiric?

7 Céard atá i gceist le héiric? Is praghas í a íoctar chun duine a shaoradh nó chun rud a cheannach ar ais. Chomh maith leis sin, clúdaíonn sí nó íocann sí costas rud éigin.

8 Ní fhéadfadh aon duine íoc as an damáiste ollmhór a rinne Ádhamh nuair a pheacaigh sé agus thug an bás isteach sa saol. Chuir Iehova bealach fuascailte ar fáil dúinn chun muid a shaoradh ón bpeaca agus ón mbás. Breathnóidh muid anois ar an gcaoi a n-oibríonn an éiric agus an chaoi a dtéann sí chun tairbhe dúinn.

AN CHAOI AR CHUIR IEHOVA AN ÉIRIC AR FÁIL

9. Cén chaoi a bhféadfaí an éiric a íoc?

9 Ní raibh sé ar chumas aon duine éiric a thabhairt ar son na beatha foirfe a chaill Ádhamh. Cén fáth? Mar níl aon duine foirfe. (Salm 49:8, 9 [49:7, 8 i mBíoblaí eile]) Bhí beatha fhoirfe eile ag teastáil chun an éiric a íoc. Chaithfeadh an luach céanna a bheith ar an éiric is a bhí ar an mbeatha a chaill Ádhamh.

10. Cén chaoi ar chuir Iehova an éiric ar fáil?

10 Cén chaoi ar chuir Iehova an éiric ar fáil? Chuir Iehova a Mhac muirneach go dtí an talamh. Ba é an Mac seo, Íosa, an chéad neach a chruthaigh sé. (1 Eoin 4:9, 10) Bhí Íosa sásta a Athair agus a áit chónaithe ar neamh a fhágáil. (Filipigh 2:7) D’aistrigh Iehova Íosa ó neamh go dtí an talamh, agus saolaíodh é mar dhuine foirfe, gan pheaca.—Lúcás 1:35.

Thug Iehova a Mhac muirneach mar éiric ar ár son

11. Cén chaoi a bhféadfadh fear amháin a bheith ina éiric ar son an chine dhaonna go léir?

11 Níl beatha fhoirfe ag an gcine daonna de bhrí go raibh an chéad fhear, Ádhamh, easumhal d’Iehova. An bhféadfadh fear eile clann Ádhaimh a shaoradh ón mbás? D’fhéadfadh. (Léigh Rómhánaigh 5:19.) Thug Íosa, nár pheacaigh riamh, a bheatha fhoirfe mar éiric. (1 Corantaigh 15:45) D’fhéadfaí a bheatha fhoirfe a úsáid chun an bás a chur ar ceall ar son chlann Ádhaimh.—1 Corantaigh 15:21, 22.

12. Cén fáth a raibh ar Íosa an oiread sin a fhulaingt?

12 Déanann an Bíobla cur síos ar an méid a d’fhulaing Íosa sula bhfuair sé bás. Sciúrsáladh é agus tairneáladh ar chuaille é. (Eoin 19:1, 16-18, 30) Cén fáth a raibh ar Íosa an oiread sin a fhulaingt? Mar bhí Sátan ag maíomh nach bhfanfadh aon duine umhal do Dhia dá gcuirfí a dhóthain brú air. Chruthaigh Íosa go bhféadfadh fear foirfe fanacht dílis do Dhia fiú dá mbeadh go leor le fulaingt aige. Nach é Iehova a bhí bródúil as Íosa!—Seanfhocail 27:11; féach Aguisín 15.

13. Cén chaoi ar íocadh an éiric?

13 Cén chaoi ar íocadh an éiric? Thug Íosa luach a bheatha d’Iehova. Sa mbliain 33, ar Níosán 14 de réir fhéilire na nGiúdach, lig Iehova do naimhde Íosa é a mharú. (Eabhraigh 10:10) Trí lá ina dhiaidh sin, thóg Iehova Íosa ó na mairbh, ní mar dhuine, ach mar phearsa spioraid. Níos déanaí, nuair a d’fhill Íosa ar neamh go dtína Athair, thug sé luach a bheatha fhoirfe d’Iehova mar éiric. (Eabhraigh 9:24) Anois ó tharla go bhfuil an éiric íoctha, tá deis againn fuascailt a fháil ón bpeaca agus ón mbás.—Léigh Rómhánaigh 3:23, 24.

CÉN CHAOI AR FÉIDIR LEAT TAIRBHE A BHAINT AS AN ÉIRIC?

14, 15. Céard a chaithfidh muid a dhéanamh chun maithiúnas a fháil inár bpeacaí?

14 Tá an éiric ag dul chun tairbhe dúinn cheana féin. Breathnóidh muid ar an gcaoi a dtéann sí chun tairbhe dúinn anois, agus ar an gcaoi a rachaidh sí chun tairbhe dúinn sa todhchaí.

15 Tá ár bpeacaí maite. Tá sé deacair an rud ceart a dhéanamh an t-am go léir. Is minic linn an rud mícheart a rá agus a dhéanamh. (Colosaigh 1:13, 14) Cén chaoi ar féidir linn maithiúnas a fháil? Ba cheart dúinn aiféala a bheith orainn agus maithiúnas a iarraidh ar Iehova. Ansin is féidir linn muinín a bheith againn go bhfuil ár bpeacaí maite.—1 Eoin 1:8, 9.

16. Céard nach mór dúinn a dhéanamh chun coinsias glan a bheith againn?

16 Is féidir linn coinsias glan a bheith againn. Mothaíonn muid go dona nuair a thugann ár gcoinsias le fios dúinn go bhfuil rud éigin mícheart déanta againn. Ach ní gá dúinn ár gcás a thabhairt suas. Má impíonn muid ar Iehova maithiúnas a thabhairt dúinn, is féidir linn a bheith cinnte go n-éistfidh sé linn agus go maithfidh sé dúinn é. (Eabhraigh 9:13, 14) Tá Iehova ag iarraidh orainn labhairt leis faoinár bhfadhbanna agus ár laigí. (Eabhraigh 4:14-16) Dá bhrí sin is féidir linn a bheith ar ár suaimhneas le Dia.

17. Cé na beannachtaí atá le fáil mar thoradh ar bhás Íosa?

17 Tá an deis againn maireachtáil go deo. “Mar phá ón bpeaca is ea an bás, ach tabhartas ó Dhia is ea an bheatha shíoraí in Íosa Críost ár dTiarna.” (Rómhánaigh 6:23) Is féidir linn maireachtáil go deo agus sláinte fhoirfe a bheith againn. (Apacailipsis 21:3, 4) Ach céard a chaithfidh muid a dhéanamh chun na beannachtaí sin a fháil?

AN nGLACFAIDH TÚ LEIS AN ÉIRIC?

18. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go bhfuil grá ag Iehova dúinn?

18 Ardaíonn ár gcroí nuair a fhaigheann muid bronntanas álainn ó dhuine éigin. Ba cheart go mbeadh muid fíorbhuíoch d’Iehova as ucht na héirice, mar is í an bronntanas is luachmhaire ar fad í. Tá sé ráite in Eoin 3:16 gur “ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh.” Chomh maith leis sin tá a fhios againn go bhfuil grá ag Íosa dúinn, mar bhí sé sásta bás a fháil ar ár son. (Eoin 15:13) Bí cinnte go bhfuil grá ag Iehova agus ag Íosa duitse.—Galataigh 2:20.

De réir mar a fhoghlaimíonn muid faoi Iehova, neartóidh ár gcairdeas leis, agus méadóidh ár ngrá dó

19, 20. (a) Cén chaoi ar féidir leat a bheith i do chara ag Iehova? (b) Cén chaoi ar féidir leat a thaispeáint go nglacann tú leis an éiric?

19 Anois ó tá a fhios agat faoi ghrá Dé, cén chaoi ar féidir leat a bheith mar chara aige? Níl sé éasca grá a thabhairt do dhuine nach bhfuil aon aithne agat air. Tá sé ráite in Eoin 17:3 gur féidir linn aithne a chur ar Iehova. De réir mar a dhéanann tú é seo, méadóidh do ghrá dó, beidh tú ag iarraidh é a shásamh, agus beidh tú i do chara aige. Mar sin lean ort ag foghlaim faoi Dhia trí bheith ag staidéar an Bhíobla.—1 Eoin 5:3.

20 Glac le héiric Íosa. Deir an Bíobla: “An té a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoraí aige.” (Eoin 3:36) Céard a chiallaíonn sé creideamh a bheith againn “sa Mhac”? Ciallaíonn sé go ndéanann muid mar a d’iarr Íosa orainn. (Eoin 13:15) Tá níos mó i gceist ná a bheith ag rá go gcreideann muid in Íosa. Chun glacadh leis an éiric ní mór dúinn oibreacha a dhéanamh a léiríonn ár gcreideamh. Mar a léann muid i Séamas 2:26, “Tá an creideamh marbh gan dea-oibreacha.”

21, 22. (a) Cén fáth ar cheart dúinn freastal ar Chuimhneachán Bhás Chríost gach bliain? (b) Cé eile a bhainfidh tairbhe as an éiric?

21 Déan freastal ar Chuimhneachán Bhás Chríost. An oíche sula bhfuair sé bás dúirt Íosa linn a bhás a chomóradh. Déanann muid é seo gach bliain, agus tugtar Cuimhneachán Bhás Chríost air. (1 Corantaigh 11:20; Matha 26:26-28) Is mian le hÍosa go gcoinneodh muid i gcuimhne gur thug sé a bheatha fhoirfe mar éiric ar ár son. Dúirt sé: “Déanaigí é seo mar chuimhne orm.” (Léigh Lúcás 22:19.) Nuair a fhreastalaíonn tú ar an gCuimhneachán taispeánann tú go bhfuil tú ag coinneáil na héirice agus an grá atá ag Iehova agus ag Íosa dúinn i gcuimhne.—Féach Aguisín 16.

22 Is í an éiric an bronntanas is luachmhaire a d’fhéadfadh muid a fháil. (2 Corantaigh 9:14, 15) Bainfidh na milliúin duine atá básaithe fiú, tairbhe as an mbronntanas seo. Déanfar cur síos ar seo i gCaibidlí 6 agus 7.