Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL A SEACHT

Tá Aiséirí Le Bheith Ann!

Tá Aiséirí Le Bheith Ann!

1-3. Cé aige a bhfuil muid inár bpríosúnaigh, agus cén chaoi a saorfaidh Iehova muid?

SAMHLAIGH go bhfuil príosún saoil gearrtha san éagóir ort. Níl aon dul as agat, ná aon dóchas go saorfar thú. Ach ansin, faigheann tú scéala go bhfuil duine ann a bhfuil an t-údarás aige thú a shaoradh agus go bhfuil sé sásta theacht i gcabhair ort! Cén chaoi a mothófá?

2 Tá muid go léir inár bpríosúnaigh ag an mbás. Is cuma céard a dhéanfaidh muid, ní féidir linn éalú uaidh. Ach tá an chumhacht ag Iehova muid a shaoradh ón mbás. Geallann sé: “Is é namhaid deireanach atá le cloí an bás.”—1 Corantaigh 15:26.

3 Nach mór an faoiseamh a bheidh agat nuair nach mbeidh an bás ann níos mó! Ní hé amháin go gcuirfidh Iehova deireadh leis an mbás, tógfaidh sé na mairbh ón mbás freisin. Samhlaigh an difríocht a dhéanfaidh sé sin duitse. Geallann sé: “Beidh saol ag do chuid marbhánach arís.” (Íseáia 26:19) An t-aiséirí a thugtar ar seo sa mBíobla.

NUAIR A FHAIGHEANN DUINE BÁS

4. (a) Céard a thugann sólás dúinn nuair a fhaigheann duine a bhfuil cion againn air bás? (b) Ainmnigh triúr de chairde Íosa?

4 Nuair a fhaigheann duine muinteartha nó cara linn bás, bíonn muid croíbhriste. Goilleann sé go mór orainn. Ní féidir linn dada a dhéanamh chun an duine sin a thabhairt ar ais. Ach tugann an Bíobla sólás dúinn. (Léigh 2 Corantaigh 1:3, 4.) Tá cuntais sa mBíobla a léiríonn an chaoi a mothaíonn Iehova agus Íosa faoin mbás. Nuair a bhí Íosa ar an talamh is minic a thug sé cuairt ar Lazaras agus a chuid deirfiúracha, Marta agus Máire. Bhí Íosa an-mhór leis an triúr acu. Deir an Bíobla: “Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras.” Ansin, lá amháin fuair Lazaras bás.—Eoin 11:3-5.

5, 6. (a) Céard a rinne Íosa nuair a chonaic sé an briseadh croí a bhí ar mhuintir Lazaras agus ar a chairde? (b) Cén fáth arb ábhar sóláis dúinne é an chaoi a mothaíonn Íosa faoin mbás?

5 Chuaigh Íosa go dtí Marta agus Máire chun sólás a thabhairt dóibh. Nuair a chuala Marta go raibh Íosa ag teacht, chuaigh sí amach chun casadh leis. Bhí sí sásta gur tháinig Íosa, ach dúirt sí leis: “Dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.” Bhí Marta ag ceapadh go raibh Íosa ró-dheireanach. Ansin, chonaic Íosa Máire ag caoineadh. Nuair a chonaic sé an briseadh croí a bhí orthu, tháinig buairt air féin agus thosaigh sé ag caoineadh. (Eoin 11:21, 33, 35) Chuaigh brón an bháis go smior ann.

6 Tugann sé sólás dúinn go mothaíonn Íosa agus Iehova an chaoi chéanna faoin mbás is a mhothaíonn muidne. (Eoin 14:9) Tá an chumhacht ag Iehova deireadh a chur leis an mbás, agus is fada leis go ndéanfaidh sé é sin.

“A LAZARAS, TAR AMACH!”

7, 8. Cén fáth nach raibh Marta ag iarraidh an chloch a thógáil as béal an tuama, ach céard a rinne Íosa?

7 Nuair a tháinig Íosa go dtí an uaigh ina raibh corp Lazaras, bhí cloch mhór i mbéal na huaighe. Dúirt Íosa: “Aistrígí an líog [nó, an chloch].” Ní raibh Marta ag iarraidh orthu an chloch a chorraí, mar faoin am seo, bhí corp Lazaras ceithre lá sa tuama. (Eoin 11:39) Ach ní raibh a fhios aici céard a bhí Íosa ar tí a dhéanamh.

Samhlaigh an lúcháir a bhí ar mhuintir agus ar chairde Lazaras nuair a tógadh ó na mairbh é!—Eoin 11:38-44

8 Dúirt Íosa le Lazaras: “Tar amach!” Ansin chonaic Marta agus Máire rud a bhí dochreidte. “Tháinig an marbhán amach agus éadaí báis fillte ar a lámha agus a chosa.” (Eoin 11:43, 44) Bhí Lazaras tógtha ó na mairbh! Bhí sé ar ais lena mhuintir agus a chairde. Bhí siad in ann labhairt leis, agus bhí siad in ann barróg a thabhairt dó. Nárbh iontach an mhíorúilt é! Bhí Lazaras tógtha ón mbás ag Íosa.

“A CHAILÍN BHIG, DEIRIM LEAT, ÉIRIGH!”

9, 10. (a) Cé a thug an chumhacht d’Íosa daoine a thógáil ón mbás? (b) Cén fáth ar féidir linn dóchas a bheith againn san aiséirí?

9 Ar úsáid Íosa a chumhacht féin chun daoine a thógáil ón mbás? Níor úsáid. Sular thóg sé Lazaras ón mbás, ghuigh Íosa chuig Iehova, agus thug Iehova an chumhacht dó Lazaras a thógáil ón mbás. (Léigh Eoin 11:41, 42.) Níorbh é Lazaras an t-aon duine amháin a tógadh ón mbás. Déanann an Bíobla cur síos ar chailín 12 bhliain d’aois a bhí an-tinn. Bhí a hathair Iáras in anchaoi, agus d’impigh sé ar Íosa í a leigheas. Ba í an t-aon duine clainne a bhí aige í. Le linn dó a bheith ag caint le hÍosa, tháinig fir chuige á rá: “Tá d’iníon tar éis bháis; cén fáth a mbeifeá ag cur as don Mháistir níos mó?” Ach dúirt Íosa le hIáras: “Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid, agus beidh sí slán.” Ansin chuaigh siad go dtí teach Iáras. Ag druidim leis an teach dóibh, thug Íosa faoi deara na daoine a bhí ag caoineadh. Dúirt Íosa leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh calláin agus ag gol? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.” Is dócha nár thuig a hathair ná a máthair céard a bhí i gceist aige. D’iarr Íosa ar gach duine dul amach agus thug sé a hathair agus a máthair isteach sa seomra ina raibh a gcailín beag ina luí. Rug Íosa ar lámh uirthi agus dúirt sé: “A chailín bhig, deirim leat, éirigh!” Samhlaigh an lúcháir a bhí ar a tuismitheoirí nuair a d’éirigh an cailín agus thosaigh sí ag siúl! Bhí a n-iníon tógtha ón mbás ag Íosa. (Marcas 5:22-24, 35-42; Lúcás 8:49-56) Ón lá sin amach gach uair a mbreathnóidís ar a gcailín beag, chuirfeadh sé i gcuimhne dóibh an méid a rinne Íosa dóibh le cabhair Iehova. *

10 Fuair na daoine a thóg Íosa ó na mairbh bás arís níos déanaí. Ach is ábhar dóchais dúinne a bheith ag léamh faoina n-aiséirí, mar léiríonn sé go bhfuil Iehova ag iarraidh daoine a thógáil ó na mairbh, agus déanfaidh sé freisin é.

CÚIS DÓCHAIS SAN AISÉIRÍ

Thóg an t-aspal Peadar Dorcas ó na mairbh.—Gníomhartha 9:36-42

Thóg Eilíseá buachaill beag ó na mairbh.—2 Ríthe 4:32-37

11. Céard a mhúineann Cóheilit 9:5 dúinn faoi Lazaras?

11 Deir an Bíobla: “Níl eolas dá laghad ag na mairbh.” Bhí sé sin fíor i gcás Lazaras. (Cóheilit 9:5) Díreach mar a dúirt Íosa, bhí sé mar a bheadh sé ina chodladh. (Eoin 11:11) Le linn dó a bheith san uaigh, ní raibh “eolas dá laghad” ag Lazaras.

12. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn gur tógadh Lazaras ón mbás?

12 Chonaic a lán daoine Íosa ag tógáil Lazaras ón mbás. Bhí a fhios ag naimhde Íosa fiú, go ndearna sé an mhíorúilt seo. Bhí Lazaras beo, rud a chruthaigh gur tógadh ó na mairbh é. (Eoin 11:47) Tháinig a lán daoine eile chun Lazaras a fheiceáil, agus thosaigh siadsan ag creidiúint gurb é Dia a chuir Íosa chucu. Níor thaitin sé sin le naimhde Íosa, mar sin bheartaigh siad Íosa agus Lazaras a mharú.—Eoin 11:53; 12:9-11.

13. Cén fáth ar féidir linn a bheith cinnte go dtógfaidh Iehova daoine ón mbás?

13 Dúirt Íosa go dtógfaí ón mbás “a bhfuil sna tuamaí.” (Eoin 5:28) Ciallaíonn sé seo go dtógfar gach duine atá Dia a choinneáil i gcuimhne ón mbás. Chun duine a thógáil ón mbás caithfidh Iehova a bheith in ann cuimhneamh ar na tréithe go léir a bhaineann leis an duine sin. An féidir leis é sin a dhéanamh? Tá na billiúin réalta sa gcruinne. Deir an Bíobla go bhfuil Iehova in ann na réaltaí go léir a ainmniú. (Léigh Salm 147:4, 5.) Má tá sé in ann cuimhneamh ar ainmneacha na réaltaí go léir, tá sé in ann cuimhneamh ar thréithe na ndaoine a thógfaidh sé ón mbás. Níos tábhachtaí ná sin, is é Iehova a chruthaigh gach uile ní, mar sin tá a fhios againn go bhfuil an chumhacht aige daoine a thógáil ón mbás.

14, 15. Cén chaoi a mothaíonn tú faoin aiséirí?

14 Chreid Iób san aiséirí. Dúirt sé dá bhfaigheadh sé bás go bhfanfadh sé “nó go ndéanfaí fóirithint” air. Ansin dúirt sé le hIehova: “Ghlaofá orm ansin, agus thabharfainn freagra ort, agus bheifeá ag tnúth le radharc a fháil ar shaothar do lámh.” Go deimhin, bhí a fhios ag Iób go raibh Iehova ag tnúth leis an lá a dtógfadh sé na mairbh ón mbás.—Iób 14:13-15.

15 Cén chaoi a mothaíonn tú faoin aiséirí? B’fhéidir go bhfuil tú ag cur na ceiste: ‘Céard faoi mo mhuintir agus mo chairde atá básaithe, an bhfaighidh siadsan aiséirí chomh maith?’ Is mór an sólás dúinn fios a bheith againn go bhfuil Iehova ag iarraidh na mairbh a thógáil ón mbás. Gheobhaidh muid amach anois cé a thógfar ón mbás agus cén áit a gcónóidh siad.

CLUINFIDH SIAD A GHLÓR AGUS TIOCFAIDH SIAD AMACH

16. Cén cineál saoil atá i ndán do na daoine a thógfar ó na mairbh?

16 Bhí na daoine a tógadh ón mbás, san am a caitheadh, ar ais lena ndaoine muinteartha agus a gcairde anseo ar an talamh. Tarlóidh an rud céanna sa todhchaí, ach beidh sé níos fearr ná sin. Cén fáth? Mar beidh an deis acu siúd a thógfar ó na mairbh maireachtáil go deo, gan bás a fháil arís choíche. Beidh an saol an-difriúil ó shaol an lae inniu. Ní bheidh cogadh, coiriúlacht ná tinneas ann.

17. Cé a thógfar ó na mairbh?

17 Cé a thógfar ó na mairbh? Dúirt Íosa: “Tá an uair ag teacht, a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaí glór Mhac Dé agus tiocfaidh siad amach.” (Eoin 5:28, 29) Agus deir Apacailipsis 20:13: “Thug an fharraige uaithi a raibh de mhairbh aici, agus an Bás agus Ifreann [nó, an Uaigh *] a raibh do mhairbh iontu.” Mar sin, beidh na billiúin duine ar ais ina mbeo arís. Dúirt an t-aspal Pól freisin “go bhfuil aiséirí le bheith ag an dea-dhuine agus ag an drochdhuine araon.” (Léigh Gníomhartha 24:15.) Céard a chiallaíonn sé sin?

Tógfar na mairbh ón mbás sa bParthas, agus beidh siad ar ais lena ndaoine muinteartha

18. Cé hiad na “dea-dhaoine” a thógfar ó na mairbh?

18 Tugann an Bíobla ‘dea-dhaoine’ ar shearbhóntaí dílse Iehova. Mhair cuid acu roimh aimsir Chríost, daoine ar nós Naoi, Abrahám, Sárá, Maois, Rút agus Eistir. Tógfar ó na mairbh iad seo. Is féidir leat léamh faoi chuid de na fir agus na mná sin in Eabhraigh caibidil 11. Céard faoi na ‘dea-dhaoine’ atá beo inniu. Má fhaigheann siad seo bás beidh aiséirí i ndán dóibhsean freisin.

19. Cé hiad na ‘drochdhaoine’? Cén deis a thabharfaidh Iehova dóibh?

19 I measc na ‘ndrochdhaoine’ tá na billiúin duine nach raibh an deis acu aithne a chur ar Iehova. Cé go bhfuair siad bás, níl dearmad déanta ag Iehova orthu. Tógfaidh sé ón mbás iad, agus beidh an deis acu aithne a chur air agus a bheith umhal dhó.

20. Cén fáth nach dtógfar gach duine ó na mairbh?

20 An gciallaíonn sé seo go mbeidh aiséirí ag gach duine? Ní chiallaíonn. Dúirt Íosa go raibh daoine ann nach dtógfaí ó na mairbh. (Lúcás 12:5) Cé a dhéanfaidh an cinneadh an dtógfar duine ón mbás nó nach dtógfar? Is é Iehova an Príomh-Bhreitheamh, ach tá Íosa ceaptha freisin aige “ina bhreitheamh ar bheo agus ar mhairbh.” (Gníomhartha 10:42) Ní thógfar ó na mairbh daoine ar thug Dia daorbhreith orthu nuair a bhásaigh siad, daoine urchóideacha nach bhfuil sásta athrú.—Féach Aguisín 19.

NA DAOINE A MHAIRFIDH AR NEAMH TAR ÉIS A nAISÉIRÍ

21, 22. (a) Cén cineál aiséirí a thugtar dóibh siúd atá le maireachtáil ar neamh? (b) Cérbh é an chéad duine a fuair an cineál seo aiséirí?

21 Tugann an Bíobla le fios dúinn freisin go mairfidh líon beag daoine ar neamh. Nuair a thógfar daoine ón mbás atá le maireachtáil ar neamh, ní i gcolainn dhaonna a thógfar iad. Tógfar ón mbás mar phearsana spiorad iad.

22 Ba é Íosa an chéad duine a fuair aiséirí den chineál seo. (Eoin 3:13) Trí lá tar éis a bháis, thóg Iehova ó na mairbh é. (Salm 16:10; Gníomhartha 13:34, 35) Ní i gcolainn dhaonna a tógadh Íosa ó na mairbh. Deir an t-aspal Peadar: “Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad.” (1 Peadar 3:18) Tógadh Íosa ó na mairbh mar phearsa spioraid mhórchumhachtaigh! (1 Corantaigh 15:3-6) Ach tá sé ráite sa mBíobla nach é Íosa an t-aon duine amháin a bheadh ag dul ar neamh.

23, 24. Cé hiad an ‘tréad beag’ ar labhair Íosa fúthu, agus cé mhéad acu a bheidh ann?

23 Díreach sula bhfuair sé bás, dúirt Íosa lena dheisceabail dhílse: “Táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh.” (Eoin 14:2) Ciallaíonn sé seo go dtógfaí cuid dá lucht leanúna ón mbás le maireachtáil in éineacht leis ar neamh. Cé mhéad? Dúirt Íosa gur ‘tréad beag’ a bheadh iontu. (Lúcás 12:32) Cuireadh an líon iomlán in iúl don aspal Eoin nuair a chonaic sé Íosa “ina sheasamh ar chnoc Shíón [ar neamh], agus ina theannta bhí céad agus ceithre mhíle is daichead de dhaoine.”—Apacailipsis 14:1.

24 Cén uair a thógfaí na 144,000 Críostaí ón mbás? Tá sé ráite sa mBíobla go dtarlódh sé seo tar éis do Chríost tosú ag rialú ar neamh. (1 Corantaigh 15:23) Tá Críost ag rialú anois, agus tá an chuid is mó den 144,000 tógtha ón mbás cheana féin, agus tá siad ag maireachtáil ar neamh. De réir mar a gheobhaidh an chuid eile acu bás, tógfar ó na mairbh ar an bpointe iad agus mairfidh siad ar neamh. Ach maidir le formhór na ndaoine, is sa todhchaí a thógfar ón mbás iad, agus mairfidh siadsan sa bParthas a bheidh anseo ar an talamh.

25. Céard a gheobhaidh muid amach sa gcéad chaibidil eile?

25 Saorfaidh Iehova an duine ón mbás go luath, agus beidh deireadh leis an mbás go deo! (Léigh Íseáia 25:8.) Ach céard a bheidh an dream a mhairfidh ar neamh ag déanamh? Deir an Bíobla go mbeidh siad ag rialú in éineacht le hÍosa ina Ríocht. Gheobhaidh muid amach tuilleadh faoin rialtas sin sa gcéad chaibidil eile.

^ Alt 9 Cuireann an Bíobla síos ar dhaoine eile a tógadh ón mbás, ina measc bhí sean agus óg, fir agus mná, Iosraeilítigh agus eachtrannaigh. Is féidir leat léamh fúthu ag 2 Ríthe 4:32-37; Matha 28:5-7; Lúcás 7:11-17; 8:40-56; Gníomhartha 9:36-42.