Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL A hOCHT

Céard í Ríocht Dé?

Céard í Ríocht Dé?

1. Cén phaidir atá ar eolas ag na milliúin duine?

BÍONN na milliúin duine ag rá an Ár nAthair, nó Paidir an Tiarna. D’úsáid Íosa an phaidir shamplach seo chun múineadh dá dheisceabail le guí. Cé na rudaí ar ghuí sé ar a son? Cén tábhacht atá leis an bpaidir seo inniu?

2. Cén trí rud a ndúirt Íosa linn guí ar a son?

2 Dúirt Íosa: “Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí: Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d’ainm; go dtaga do ríocht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.” (Léigh Matha 6:9-13.) Cén fáth ar mhúin Íosa dúinn guí ar son na dtrí rud seo?—Féach Aguisín 20.

3. Céard atá muid chun a fháil amach maidir le Ríocht Dé?

3 D’fhoghlaim muid cheana gurb é Iehova ainm Dé. Ina theannta sin, tá toil Dé don duine agus don talamh pléite againn. Ach céard a bhí i gceist ag Íosa nuair a dúirt sé: “Go dtaga do ríocht”? Gheobhaidh muid amach anois céard í Ríocht Dé, céard a dhéanfaidh sí, agus cén chaoi a naomhóidh sí ainm Dé.

CÉARD Í RÍOCHT DÉ?

4. Céard í Ríocht Dé agus cén Rí atá uirthi?

4 Bhunaigh Iehova rialtas ar neamh agus cheap sé Íosa mar Rí air. Tugann an Bíobla Ríocht Dé ar an rialtas seo. Is é Íosa “tiarna na dtiarnaí agus rí na ríthe.” (Apacailipsis 17:14) Tá Íosa in ann níos mó maitheasa a dhéanamh ná mar a bheadh aon rialtóir daonna, agus is cumhachtaí é ná rialtóirí an domhain go léir le chéile.

5. Cá as a rialaíonn rialtas Dé? Céard a bheidh sé ag rialú?

5 Chuaigh Íosa ar ais ar neamh 40 lá tar éis a aiséirí. In am trátha, cheap Iehova mar Rí ar a Ríocht é. (Gníomhartha 2:33) Rialóidh rialtas Dé an talamh ó na flaithis. (Apacailipsis 11:15) Sin é an fáth a dtugann an Bíobla “ríocht na bhflaitheas” ar Ríocht Dé.—Matha 5:10.

6, 7. Cén fáth a bhfuil Íosa níos fearr ná aon rí daonna?

6 Deir an Bíobla go bhfuil Íosa níos treise ná aon rí daonna mar “nach bhfaighidh sé bás níos mó.” (Rómhánaigh 6:9) I ndeireadh na dála gheobhaidh gach rialtóir daonna bás, ach ní bhfaighidh Íosa bás choíche. Ní bheidh deireadh go deo leis an maitheas atá sé chun a dhéanamh.

7 Deir tairngreachtaí an Bhíobla gur Rí cóir agus truachroíoch a bheidh in Íosa: “Tá spiorad an Tiarna ag lonnú air, spiorad na heagna agus na tuisceana, spiorad na comhairle agus na cumhachta, spiorad an eolais agus eagla an Tiarna. (In eagla an Tiarna is ea tá a dhúil.) Ní thugann sé breith de réir na cosúlachta, ná ní chuireann tuairim de ar scéal scéil. Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha [nó, na boicht].” (Íseáia 11:2-4) An é sin an cineál rí ba mhaith leat?

8. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nach mbeidh Íosa ag rialú ina aonar?

8 Tá daoine roghnaithe ag Dia le rialú in éineacht le hÍosa i rialtas na bhflaitheas. Mar shampla, dúirt an t-aspal Pól le Tiomóid: “Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith.” (2 Tiomóid 2:12) Cé mhéad duine a bheidh ag rialú in éineacht le hÍosa?

9. Cé mhéad duine a rialóidh in éineacht le hÍosa? Cén uair a thosaigh Dia á roghnú?

9 Mar a d’fhoghlaim muid i gCaibidil 7, tugadh fís don aspal Eoin ina bhfaca sé Íosa mar Rí ar neamh agus 144,000 rí eile ina theannta. Cé hiad an 144,000 rí sin? Dúirt Eoin go raibh “ainm [Íosa] agus ainm a athar scríofa ar a n-éadan.” Ansin dúirt sé: “Iadsan lucht leanta an Uain cibé áit ina ngabhann sé. Ceannaíodh iadsan as an gcine daonna.” (Léigh Apacailipsis 14:1, 4.) Is Críostaithe dílse iad an 144,000 atá roghnaithe ag Dia chun an talamh a rialú in éineacht le hÍosa. Nuair a fhaigheann siad bás, tógtar ó na mairbh iad agus maireann siad ar neamh. (Apacailipsis 20:4, 6) Tá Iehova ag roghnú Críostaithe dílse le bheith mar pháirt den 144,000 sin, ó aimsir na n-aspal i leith.

10. Cé atá ceaptha ag Iehova mar rialtóirí orainn agus cén fáth?

10 Shocraigh Iehova go mbeadh daoine ag rialú in éineacht le hÍosa, mar go bhfuil cion Aige orainn. Déanfaidh Íosa rialtóir maith mar tuigeann sé muid. Tá a fhios aige céard atá i gceist le fulaingt, mar mhair sé féin mar dhuine. Dúirt Pól gur féidir le hÍosa “tuiscint a bheith aige dár laigí” agus gur duine é “a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin.” (Eabhraigh 4:15; 5:8) Tuigeann an 144,000 cás an duine chomh maith. Bhí cleachtadh acusan freisin ar a bheith ag sracadh leis an neamhfhoirfeacht agus an tinneas. Mar sin is cinnte go dtuigfidh Íosa agus an 144,000 an chaoi a mothaíonn muid agus muid ag dul i ngleic le fadhbanna an tsaoil.

CÉARD A DHÉANFAIDH RÍOCHT DÉ?

11. Cén fáth a ndúirt Íosa lena dheisceabail guí go ndéanfaí toil Dé ar neamh?

11 Dúirt Íosa lena dheisceabail a bheith ag guí go ndéanfaí toil Dé ar neamh. Cén fáth? D’fhoghlaim muid i gCaibidil 3 gur éirigh Sátan amach in aghaidh Iehova. Tar éis an éirí amach, lig Iehova do Shátan agus do na deamhain, fanacht ar neamh ar feadh scaithimh. Ní raibh Sátan ná na deamhain ag déanamh toil Dé ar neamh. Beidh tuilleadh cur síos ar Shátan agus na deamhain i gCaibidil 10.

12. Cén dá eachtra a bhfuil cur síos orthu in Apacailipsis 12:10?

12 Thuar an Bíobla go ndéanfaí Rí d’Íosa agus ansin go gcuirfeadh sé cogadh ar Shátan. (Léigh Apacailipsis 12:7-10.) Cuireann véarsa 10 síos ar na heachtraí a bhí le tarlú. Thosódh Ríocht Dé ag rialú le hÍosa Críost mar Rí, agus chaithfí Sátan amach as na flaithis síos go dtí an talamh. Tá na heachtraí seo tarlaithe cheana féin—pléifear iad seo arís.

13. Céard a tharla sna flaithis nuair a caitheadh amach Sátan?

13 Cuireann an Bíobla síos ar an lúcháir a bhí ar na haingil nuair a caitheadh Sátan agus a chuid deamhain amach as na flaithis. Seo mar a léann Apacailipsis 12:12: “Bíodh lúcháir oraibh a fhlaitheasa, agus sibhse a chónaíonn iontu.” Tá suaimhneas agus síocháin sna flaithis anois, mar go bhfuil gach a bhfuil ann ag déanamh toil Dé.

Tá méadú tagtha ar an bhfulaingt ó caitheadh Sátan agus a chuid deamhain amach as na flaithis. Beidh deireadh le fulaingt go luath

14. Céard a tharla ar an talamh tar éis do Shátan a bheith caite amach as na flaithis?

14 Ach ní mar sin atá sé ar an talamh. Tarlaíonn rudaí uafásacha do dhaoine “óir chuaigh an diabhal síos chugaibh faoi chuthach feirge agus a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.” (Apacailipsis 12:12) Tá Sátan ar buile. Tá sé caite amach as na flaithis, agus tá a fhios aige go gcuirfear deireadh leis go gairid. Tá sé ag déanamh a mhíle dícheall trioblóid, pian agus fulaingt a tharraingt ar gach a bhfuil ar an talamh.

15. Cén cuspóir atá ag Dia don talamh?

15 Ach níor athraigh Dia a chuspóir. Is é toil Dé fós é go mairfeadh daoine foirfe go deo i bparthas ar an talamh. (Salm 37:29) Cén chaoi a dtabharfaidh Ríocht Dé é seo chun críche?

16, 17. Céard atá ráite i Dainéil 2:44 faoi Ríocht Dé?

16 Thuar an Bíobla ag Dainéil 2:44: “I laethanta na ríthe seo, cuirfidh Dia neimhe ríocht ar bun nach scriosfar choíche, agus nach bhfágfar a fhlaitheas do dhream eile daoine. Smiotfaidh sé agus dítheoidh sé na ríochtaí seo uile, ach seasfaidh sé féin go brách.” Céard a mhúineann an tairngreacht seo dúinn faoi Ríocht Dé?

17 Ar dtús, tugann sí le fios go dtosódh Ríocht Dé ag rialú “i laethanta na ríthe seo.” Ciallaíonn sé seo go mbeadh rialtais eile ag rialú ar an domhan nuair a thosódh Ríocht Dé ag rialú. Ansin, tugann sí le fios go seasfadh Ríocht Dé go brách, agus nach dtógfadh aon rialtas eile a háit. Agus ar deireadh, tugann sí le fios go mbeadh cogadh idir Ríocht Dé agus rialtais an domhain seo. Bheadh an bua ag Ríocht Dé agus ní bheadh aon rialtas eile ag rialú an domhain ach í. Ansin bheadh rialtas den scoth ag an gcine daonna.

18. Cén t-ainm atá ar an gcogadh mór a bheidh idir Ríocht Dé agus rialtais an domhain?

18 Cén chaoi a dtógfaidh Ríocht Dé ceannas ar an domhan? Roimh an gcogadh mór, ar a dtugtar Harmagadón, cuirfidh na deamhain an dallamullóg ar “ríthe an domhain go léir á dtionól le chéile chun catha lá mór Dé Uilechumhachtaigh.” Sea, troidfidh rialtais an domhain in aghaidh Ríocht Dé.—Apacailipsis 16:14, 16; féach Aguisín 10.

19, 20. Cén fáth a bhfuil gá againn le Ríocht Dé?

19 Cén fáth a bhfuil gá againn le Ríocht Dé? Ar an gcéad dul síos, tá muid faoi chuing an pheaca, dá bhrí sin níl i ndán dúinn ach tinneas agus bás. Ach deir an Bíobla go mairfidh muid go deo nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú. Seo é atá ráite in Eoin 3:16: “Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.”

20 Chomh maith leis sin, tá muid inár gcónaí i measc drochdhaoine. Is bréagadóirí, caimiléirí agus daoine mímhorálta iad cuid mhaith acu. Ní féidir linn dada a dhéanamh faoi sin, ach is féidir le Dia. Duine ar bith a leanann air ag déanamh drochrudaí agus nach bhfuil sásta athrú, scriosfaidh Dia é le linn chogadh Harmagadón. (Léigh Salm 37:10.) Agus ar deireadh, is beag maitheasa a bhíonn rialtais an domhain seo in ann a dhéanamh. Bíonn cuid acu cruálach, nó bíonn caimiléireacht ar siúl acu. Níl aon suim acu cabhrú le daoine a bheith umhal do Dhia. Deir an Bíobla go “smachtaíonn duine amháin duine eile chun a aimhleasa.”—Cóheilit 8:9.

21. Cén chaoi a gcinnteoidh Ríocht Dé go ndéanfar toil Dé ar an talamh?

21 Tar éis Harmagadón, déanfaidh Ríocht Dé cinnte go ndéanfar toil Dé ar an talamh. Mar shampla, cuirfidh Ríocht Dé deireadh le Sátan agus a chuid deamhain. (Apacailipsis 20:1-3) In am trátha, ní bheidh tinneas ná bás ann. Mar thoradh ar éiric Íosa, beidh daoine dílse in ann maireachtáil go deo i bParthas. (Apacailipsis 22:1-3) Naomhóidh an Ríocht ainm Dé. Ciallaíonn sé sin go mbeidh urraim ag gach duine d’ainm Dé nuair a bheidh Ríocht Dé ag rialú an domhain.—Féach Aguisín 21.

CÉN UAIR A RINNEADH RÍ D’ÍOSA?

22. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nach ndearnadh Rí d’Íosa nuair a bhí sé ar an talamh ná díreach tar éis a aiséirí?

22 Is mar seo a mhúin Íosa dá dheisceabail le guí: “Go dtaga do ríocht.” Mar sin bhí sé soiléir gur sa todhchaí a thiocfadh Ríocht Dé. Bhunódh Iehova a rialtas ar dtús agus ansin chuirfeadh sé Íosa mar Rí air. An ndearnadh Rí d’Íosa chomh luath is a d’fhill sé ar neamh? Ní dhearnadh, bhí air fanacht scaitheamh. Tamall tar éis aiséirí Íosa dúirt Peadar agus Pól gur bhain an tairngreacht i Salm 110:1 le hÍosa. Deir Pól: “Chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé mar a bhfuil sé ag feitheamh feasta nó go gcuirfear a naimhde mar stóilín faoina chosa.” (Eabhraigh 10:12, 13; Gníomhartha 2:32-35) Cén fhad a bheadh ar Íosa fanacht nó go ndéanfadh Iehova Rí de?

Cinnteoidh Ríocht Dé go ndéanfar toil Dé ar an talamh

23. (a) Cén uair a thosaigh Íosa ag rialú mar Rí? (b) Céard a gheobhaidh muid amach sa gcéad chaibidil eile?

23 I bhfad roimh an mbliain 1914, thuig grúpa Críostaithe go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an mbliain sin ó thaobh tairngreachtaí an Bhíobla de. Cruthaíonn na heachtraí atá ag tarlú ar an domhan ó 1914 i leith go raibh an ceart acu. Thosaigh Íosa ag rialú mar Rí sa mbliain 1914. (Salm 110:2) Go luath ina dhiaidh sin caitheadh anuas Sátan go dtí an talamh, agus tá “a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.” (Apacailipsis 12:12) Sa gcéad chaibidil eile breathnóidh muid ar chomharthaí eile a thugann le fios dúinn go bhfuil muid ag maireachtáil san “uain ghearr” sin. Feicfidh muid freisin go gcinnteoidh Ríocht Dé go ndéanfar toil Dé ar an talamh go luath.—Féach Aguisín 22.