Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL A NAOI

An Bhfuil Deireadh an tSaoil i nGar?

An Bhfuil Deireadh an tSaoil i nGar?

1. Cén áit ar féidir linn fáil amach céard atá chun tarlú sa todhchaí?

AR CHUIR tú an cheist riamh agus tú ag breathnú ar an nuacht, “An féidir le rudaí éirí níos measa?” Tá an oiread sin drochrudaí ag tarlú go gceapann daoine go bhfuil deireadh an tsaoil i ngar. An bhfuil sé sin fíor? An bhfuil bealach ar bith ann chun a fháil amach céard atá chun tarlú sa todhchaí? Tá. Cé nach féidir le haon duine a rá roimh ré céard atá chun tarlú, is féidir le hIehova Dia. Insíonn sé dúinn sa mBíobla céard atá i ndán don duine agus don domhan.—Íseáia 46:10; Séamas 4:14.

2, 3. Céard a bhí deisceabail Íosa ag iarraidh a fháil amach, agus cén chaoi ar fhreagair Íosa iad?

2 Nuair a dhéanann an Bíobla cur síos ar dheireadh an tsaoil, ní hé deireadh an domhain atá i gceist, ach deireadh an oilc. Mhúin Íosa go rialódh Ríocht Dé an domhan. (Lúcás 4:43) Theastaigh ó dheisceabail Íosa fáil amach cén uair a thiocfadh Ríocht Dé, mar sin chuir siad an cheist seo air: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann . . . ar dheireadh an tsaoil.” (Matha 24:3) Níor thug Íosa an dáta dóibh, ach d’inis sé dóibh céard a bheadh ag tarlú ar an domhan díreach roimh dheireadh an tsaoil seo. Tá na rudaí a rinne Íosa cur síos orthu, ag tarlú anois.

3 Sa gcaibidil seo déanfaidh muid plé ar na comharthaí a thugann le fios dúinn go bhfuil muid ag maireachtáil i laethanta deireanacha an tsaoil seo. Chun a fháil amach cén fáth a bhfuil rudaí chomh dona ar an domhan, foghlaimeoidh muid ar dtús faoi chogadh a tharla sna flaithis.

COGADH SNA FLAITHIS

4, 5. (a) Céard a tharla sna flaithis go gairid tar éis d’Íosa tosú ag rialú? (b) De réir Apacailipsis 12:12, céard a tharlódh nuair a chaithfí Sátan anuas chun na talún?

4 I gCaibidil 8 fuair muid amach gur rinneadh Rí d’Íosa sna flaithis i 1914. (Dainéil 7:13, 14) Cuireann leabhar an Apacailipsis síos ar an gcaoi ar tharla sé seo: “Ansin bhris cogadh amach sna flaithis, níor mhór do Mhícheál [Íosa *] agus dá chuid aingeal troid leis an dragan [Sátan]. D’fhreagair an dragan agus a chuid aingeal an cath.” Chaill Sátan agus a chuid deamhain an cath agus caitheadh síos chun na talún iad. Samhlaigh an lúcháir a bhí ar na haingil dá bharr sin! Ach céard faoi na daoine ar an talamh? Deir an Bíobla gur am trioblóideach a bheadh ann don chine daonna. Cén fáth? Mar tá an Diabhal ar buile, mar go bhfuil “a fhios aige nach bhfuil aige ach uain ghearr.”—Apacailipsis 12:7, 9, 12.

5 Tá an Diabhal ag tarraingt oiread trioblóide agus is féidir leis ar an talamh. Tá sé ar buile mar tá a fhios aige gur gearr go bhfaighidh Dia réidh leis. Déanfaidh muid plé anois ar na rudaí a dúirt Íosa a tharlódh le linn na laethanta deireanacha.—Féach Aguisín 24.

NA LAETHANTA DEIREANACHA

6, 7. Céard is féidir a rá faoi chogadh agus faoi ghorta?

6 Cogadh. Dúirt Íosa: “Éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta.” (Matha 24:7) Tá níos mó daoine maraithe i gcogaí lenár linnse ná le linn aon tréimhse staire eile. Deir tuairisc amháin ón Worldwatch Institute gur maraíodh níos mó ná céad milliún duine i gcogaí, ó 1914 i leith. Maraíodh trí oiread daoine i gcogaí idir na blianta 1900 agus 2000 is a maraíodh sna 1,900 bliain roimhe sin. Samhlaigh an phian agus an dobrón atá fulaingthe ag daoine de bharr cogaidh!

7 Gorta. Dúirt Íosa: “Beidh gortaí . . . anseo is ansiúd.” (Matha 24:7) Cé go bhfuil níos mó bia á tháirgeadh anois ná mar a bhí riamh, ní bhíonn a ndóthain le hithe ag go leor daoine. Cén fáth? Níl a ndóthain airgid acu chun bia a cheannach ná talamh lena fhás. Maireann breis agus billiún duine ar níos lú ná dollar amháin sa lá. Deir an World Health Organization go bhfaigheann na milliúin páiste bás gach bliain, de bharr easpa bia.

8, 9. Céard a thaispeánann go bhfuil tairngreachtaí Íosa faoi chreathanna talún agus faoi ghalair comhlíonta?

8 Creathanna talún. Thuar Íosa: “Beidh maidhmeanna móra talún ann.” (Lúcás 21:11) Bíonn creathanna móra talún ann chomh minic sin anois is go mbítear ag súil leo gach bliain. Tá breis agus dhá mhilliún duine maraithe ag creathanna talún ón mbliain 1900 i leith. Cé gur féidir creathanna talún a thuar níos túisce anois le cabhair na teicneolaíochta, tá go leor daoine fós ag fáil bháis dá mbarr.

9 Galar. Thuar Íosa go mbeadh “plánna” ann. Tá galair chontúirteacha ag scaipeadh go tapa agus ag marú go leor daoine. (Lúcás 21:11) Cé go bhfuil dochtúirí in ann a lán galair a leigheas, tá galair ann fós nach bhfuil siad in ann a cheansú. Deir tuairisc amháin go bhfaigheann na milliúin bás gach bliain ó ghalair ar nós na heitinne, na maláire, agus an calar. Chomh maith leis sin, tá 30 galar nua tagtha chun solais, cuid acu nach bhfuil leigheas ar bith orthu.

IOMPAR DAOINE SNA LAETHANTA DEIREANACHA

10. Cén chaoi a bhfuil 2 Tiomóid 3:1-5 á chomhlíonadh inniu?

10 Deir 2 Tiomóid 3:1-5: “Bíodh a fhios seo agat: go bhfuil saol guaisiúil [nó, crua] i ndán sna laethanta deireanacha.” Chuir an t-aspal Pól síos ar an gcaoi a mbeadh daoine sna laethanta deireanacha. Dúirt sé go mbeadh daoine

  • leithleasach

  • santach

  • easumhal dá dtuismitheoirí

  • mídhílis

  • fuarchroíoch

  • gan smacht ná riail

  • gan grá don mhaith

  • ar thóir an phléisiúir in ionad Dé

  • ag maíomh go bhfuil grá acu do Dhia, ach gan iad ag déanamh a thoil

11. Céard a tharlóidh do dhrochdhaoine de réir Salm 37:10?

11 An bhfuil daoine den tsóirt sin san áit a gcónaíonn tusa? Tá a lán daoine mar sin ar fud an domhain. Ach déanfaidh Dia gníomh go luath. Geallann sé: “Ní fada go mbeidh deireadh leis an drochdhuine Féach a ionad! ní ann dó feasta.”—Salm 37:10.

DEA-SCÉAL SNA LAETHANTA DEIREANACHA

12, 13. Céard atá múinte ag Iehova dúinn le linn na laethanta deireanacha?

12 Thuar an Bíobla go mbeadh pian agus fulaingt go forleathan le linn na laethanta deireanacha. Ach thuar an Bíobla freisin go dtarlódh dea-rudaí.

“Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir.”—Matha 24:14

13 Tuiscint ar an mBíobla. Scríobh an fáidh Dainéil faoi na laethanta deireanacha. Dúirt sé: “Méadóidh ar an eolas.” (Dainéil 12:4) Ciallaíonn sé seo go gcuirfeadh Dia ar chumas a shearbhóntaí tuiscint níos fearr a fháil ar an mBíobla. Tá sé seo déanta ag Iehova go mór mór ó 1914 i leith. Mar shampla, mhúin sé dúinn an tábhacht atá lena ainm, an cuspóir atá aige don domhan, cá dtéann muid nuair a fhaigheann muid bás, an fhírinne faoin éiric agus faoin aiséirí. Tá sé foghlamtha againn gur ag Dia amháin atá leigheas ár bhfadhbanna. D’fhoglaim muid freisin an chaoi le bheith sona sásta, agus an bealach le Dia a shásamh. Céard a dhéanann searbhóntaí Dé leis an eolas seo go léir? Tá an freagra le fáil i dtairngreacht eile.—Féach Aguisíní 21 agus 25.

14. Cén áit a bhfuil an dea-scéal á chraobhscaoileadh, agus cé atá á dhéanamh?

14 Craobhscaoileadh an dea-scéil. Dúirt Íosa agus é ag cur síos ar na laethanta deireanacha: “Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir.” (Matha 24:3, 14) Tá dea-scéal na Ríochta á chraobhscaoileadh i mbreis agus 230 tír agus i mbreis agus 700 teanga. Sea go deimhin, tá Finnéithe Iehova “as gach cine agus treibh” ag múineadh do dhaoine faoin Ríocht agus an méid a dhéanfaidh sí don chine daonna go léir. (Apacailipsis 7:9) Déanann siad é seo saor in aisce. Cé go bhfuil an ghráin ag a lán daoine orthu agus go ndéantar géarleanúint orthu, ní féidir le dada iad a stopadh ó bheith ag craobhscaoileadh, díreach mar a thuar Íosa.—Lúcás 21:17.

CÉARD A DHÉANFAIDH TUSA?

15. (a) An gcreideann tú go bhfuil muid ag maireachtáil sna laethanta deireanacha? Cén fáth? (b) Céard a tharlóidh don té atá umhal d’Iehova agus don té nach bhfuil?

15 An gcreideann tú go bhfuil muid inár gcónaí sna laethanta deireanacha? Tá na tairngreachtaí atá sa mBíobla faoi na laethanta deireanacha á gcomhlíonadh. Is gearr go stopfaidh Iehova craobhscaoileadh an dea-scéil agus “is ansin a thiocfaidh an deireadh.” (Matha 24:14) Céard é an deireadh? Harmagadón, nó cogadh Dé chun deireadh a chur le gach olc. Scriosfaidh Íosa agus a chuid aingil chumhachtacha na daoine nach bhfuil sásta a bheith umhal do Iehova agus dó féin. (2 Teasalónaigh 1:6-9) Ina dhiaidh sin ní chuirfidh Sátan agus a chuid deamhain an dallamullóg ar dhaoine feasta. Feicfidh an dream atá umhal do Dhia agus dá Ríocht gealltanais Dé go léir á gcomhlíonadh.—Apacailipsis 20:1-3; 21:3-5.

16. Ó tharla go bhfuil an deireadh chomh gar sin, céard nach mór duit a dhéanamh?

16 Is gearr go mbeidh deireadh leis an saol seo atá faoi cheannas Shátain. Mar sin tá sé an-tábhachtach go bhfiafródh muid, ‘Céard nach mór dom a dhéanamh?’ Tá Iehova ag iarraidh ort an oiread agus is féidir leat a fhoghlaim ón mBíobla. Ní mór duit a bheith lándáiríre faoi do staidéar ar an mBíobla. (Eoin 17:3) Bíonn cruinnithe ag Finnéithe Iehova gach seachtain chun cabhrú le daoine tuiscint a fháil ar an mBíobla. Déan iarracht a bheith ag na cruinnithe seo go rialta. (Léigh Eabhraigh 10:24, 25.) Má tá athruithe le déanamh agat, ná bíodh faitíos ort iad a dhéanamh. De réir mar a dhéanann tú iad méadóidh do chairdeas le hIehova.—Séamas 4:8.

17. Cén fáth nach mbeidh súil ar bith ag an gcuid is mó de na daoine leis an deireadh?

17 Dúirt an t-aspal Pól go dtiocfadh an léirscrios ag am nach mbeadh an chuid is mó de na daoine ag súil leis, “mar a bheadh bithiúnach san oíche.” (1 Teasalónaigh 5:2) Thuar Íosa go ndéanfadh an chuid is mó de na daoine neamhshuim de na comharthaí a thugann le fios go bhfuil muid ag maireachtáil sna laethanta deireanacha. Dúirt sé: “Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine [nó, na laethanta deireanacha]. Óir, faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc, agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile; is mar sin freisin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.”—Matha 24:37-39.

18. Cén foláireamh a thug Íosa dúinn?

18 Thug Íosa foláireamh dúinn gan ligean do “ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil” muid a stopadh ó aird a bheith againn ar na comharthaí go bhfuil muid ag maireachtáil sna laethanta deireanacha. Dúirt sé go dtiocfadh an deireadh go tobann, “mar a bheadh gaiste.” Dúirt sé freisin go dtiocfadh sé “ar chách a bheidh ina gcónaí ar aghaidh na talún go léir.” Ansin dúirt sé: “Bígí gach uile thráth do bhur bhfaire féin agus ag guí chun go mbeadh ar chumas daoibh dul slán ó na nithe sin uile atá le teacht, agus seasamh díreach os comhair Mhac an Duine.” (Lúcás 21:34-36) Cén fáth a bhfuil sé chomh tábhachtach sin go n-éistfeadh muid leis an bhfoláireamh a thug Íosa? Mar scriosfar domhan urchóideach Shátain go luath. Ní thiocfaidh slán ach iad siúd a bhfuil Iehova agus Íosa sásta leo, agus mairfidh siad go deo ar an domhan nua.—Eoin 3:16; 2 Peadar 3:13.

^ Alt 4 Is ainm eile é Mícheál ar Íosa Críost. Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar Aguisín 23.