Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL A DEICH

An Fhírinne Faoi Na hAingil

An Fhírinne Faoi Na hAingil

1. Cén fáth ar cheart foghlaim faoi na haingil?

TUGANN an Bíobla “clann Dé” ar na haingil. (Iób 38:7) Céard a dhéanann na haingil? Cén chaoi ar chabhraigh siad le daoine fadó? An féidir leo cabhrú linne inniu?—Féach Aguisín 8.

2. Cá as ar tháinig na haingil? Cé mhéad aingeal a cruthaíodh?

2 Tar éis d’Iehova Íosa a chruthú “cruthaíodh a bhfuil ar neamh agus ar talamh,” na haingil san áireamh. (Colosaigh 1:16) Deir an Bíobla go bhfuil na céadta milliún aingeal ann.—Salm 103:20; Apacailipsis 5:11.

3. Cén cur síos a dhéanann Iób 38:4-7 ar na haingil?

3 Múineann an Bíobla freisin gur chruthaigh Iehova na haingil sular chruthaigh sé an domhan. Cén chaoi ar mhothaigh siad nuair a chonaic siad an domhan? Tá sé ráite i leabhar Iób go raibh lúcháir orthu. Bhí siad ar fad ar aon intinn ag tabhairt seirbhíse d’Iehova le chéile.—Iób 38:4-7.

CABHRAÍONN NA hAINGIL LE POBAL DÉ

4. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go bhfuil suim ag na haingil sa duine?

4 Bhí suim i gcónaí ag na haingil i gcuspóir Dé don duine. (1 Peadar 1:11, 12) Is dócha go bhfuil siad an-bhrónach anois de bhrí go bhfuil formhór an chine dhaonna easumhal d’Iehova. Ach bíonn lúcháir orthu nuair a dhéanann duine aithrí agus filleann sé ar Dhia. (Lúcás 15:10) Tá an-suim ag na haingil iontu siúd atá umhal do Dhia. Úsáideann Iehova iad chun teacht i gcabhair ar a shearbhóntaí. (Eabhraigh 1:7, 14) Breathnóidh muid anois ar chúpla sampla.

“Tá a aingeal curtha ag Dia chugam; tá clab na leon dúnta aige.”—Dainéil 6:23 (6:22 i mBíoblaí eile)

5. Cén chaoi ar chabhraigh aingil le searbhóntaí Dé fadó?

5 Chuir Iehova dhá aingeal chuig Lót chun é féin agus a chlann a tharrtháil nuair a scriosadh Sodom agus Gomorá. (Geineasas 19:15, 16) Caitheadh Dainéil isteach i bpluais na leon, ach ní dhearnadh aon dochar dó mar chuir Dia aingeal chuige agus dhún sé “clab na leon.” (Dainéil 6:23 [6:22 i mBíoblaí eile]) Nuair a bhí Peadar sa bpríosún, chuir Iehova aingeal chuige chun é a shaoradh. (Gníomhartha 12:6-11) Thug aingil cabhair d’Íosa freisin. Nuair a baisteadh é, “bhí na haingil ag freastal air.” (Marcas 1:13) Tháinig “aingeal ó neamh” chuige chun é a neartú sula bhfuair sé bás.—Lúcás 22:43.

6. (a) Cén chaoi a bhfuil a fhios againn go gcabhraíonn na haingil le searbhóntaí Dé inniu? (b) Cé na ceisteanna a fhreagróidh muid anois?

6 Ní thaispeánann na haingil iad féin do dhaoine níos mó. Ach tá Dia fós ag úsáid na n-aingeal chun cabhrú lena shearbhóntaí. Deir an Bíobla: “Bíonn aingeal an Tiarna i gcampa thart ar lucht a eaglaithe, á bhfuascailt.” (Salm 34:8 [34:7 i mBíoblaí eile]) Cén fáth a dteastaíonn muid a chosaint? Mar tá naimhde cumhachtacha againn atá ag iarraidh dochar a dhéanamh dúinn. Cé hiad féin? Cá as a dtagann siad? Cén chaoi a bhfuil siad ag iarraidh dochar a dhéanamh dúinn? Chun na ceisteanna sin a fhreagairt, breathnóidh muid ar na heachtraí a tharla go gairid tar éis do Dhia Ádhamh agus Éabha a chruthú.

ÁR NAIMHDE DOFHEICTHE

7. Céard atá déanta ag cuid de na daoine de bharr cleasaíochta Shátain?

7 D’fhoghlaim muid i gCaibidil 3 gur éirigh aingeal amach in aghaidh Dé mar go raibh sé féin ag iarraidh a bheith i gceannas. Tugann an Bíobla Diabhal agus Sátan air. (Apacailipsis 12:9) Bhí Sátan ag iarraidh ar dhaoine eile freisin éirí amach in aghaidh Dé. Bhí sé in ann an dallamullóg a chur ar Éabha, agus ó shin i leith tá an dallamullóg curtha aige ar an gcuid is mó den chine daonna. Mar sin féin, d’fhan daoine ar nós Áibil, Eineoc, agus Naoi, umhal d’Iehova.—Eabhraigh 11:4, 5, 7.

8. (a) Cén chaoi ar iompaigh cuid de na haingil ina ndeamhain? (b) Céard a rinne na deamhain chun a theacht slán ón díle?

8 In aimsir Naoi d’éirigh aingil eile amach in aghaidh Dé, d’fhág siad a n-áit chónaithe sna flaithis agus tháinig siad anuas ar an talamh le maireachtáil air mar dhaoine. Cén fáth? Deir an Bíobla go raibh siad ag iarraidh mná céile a bheith acu. (Léigh Geineasas 6:2.) Níor cheart dóibh é sin a dhéanamh. (Iúd 6 *) Dá thoradh sin, d’iompaigh an chuid is mó den chine daonna amach ar nós na ndrochaingeal. Bhí siad urchóideach agus foréigneach. Chinn Iehova ansin na drochdhaoine a scriosadh le díle. Ach shábháil sé a shearbhóntaí dílse. (Geineasas 7:17, 23) Chun a theacht slán, d’fhill na drochaingil ar na flaithis. Tugann an Bíobla deamhain ar na drochaingil sin. Thaobhaigh siad le Sátan agus bhí sé i gceannas orthu as sin amach.—Matha 9:34.

9. (a) Céard a tharla do na deamhain nuair a d’fhill siad ar na flaithis? (b) Céard a gheobhaidh muid amach anois?

9 Níor ghlac Iehova na deamhain ar ais mar bhaill dá chlann. (2 Peadar 2:4 *) Ní féidir leis na deamhain teacht i gcruth daonna ó shin i leith, ach tá siad fós ag ‘mealladh an tsaoil go léir.’ (Apacailipsis 12:9; 1 Eoin 5:19) Cén chaoi a bhfuil siad in ann an oiread sin daoine a mhealladh? Gheobhaidh muid amach faoi sin anois.—Léigh 2 Corantaigh 2:11.

CLEASAÍOCHT NA nDEAMHAN

10. Cén chaoi a gcuireann na deamhain an dallamullóg ar dhaoine?

10 Is iomaí bealach atá ag na deamhain chun an dallamullóg a chur ar dhaoine. Bíonn daoine ann a théann i dteagmháil leis na deamhain. Téann cuid acu i dteagmháil leo trí fhear nó bean feasa. Spioradachas nó deamhnacht a thugtar ar seo. Tugann an Bíobla foláireamh dúinn fanacht glan ar gach a mbaineann leis na deamhain. (Galataigh 5:19-21) Cén fáth? Díreach mar a bheireann sealgaire ar ainmhithe i ngaiste, úsáideann na deamhain cleasaíocht chun breith ar dhaoine agus forlámhas a fháil orthu.—Féach Aguisín 26.

11. Céard a chiallaíonn fáistineacht, agus cén fáth ar cheart dúinn fanacht glan uirthi?

11 Tá fáistineacht ar cheann de na cleasa a bhíonn acu. Sé sin, a bheith ag úsáid cumhachtaí osnádúrtha chun a fháil amach céard atá le tarlú sa todhchaí. Déanann daoine é seo trí bheith ag scrúdú na réalta, ag cuardach comharthaí, ag léamh cártaí tarot, ag úsáid liathróid chriostail, nó ag léamh na línte atá ar lámh dhuine. Ceapann go leor daoine nach bhfuil aon dochar sna rudaí seo, ach tá. Tá siad an-chontúirteach. Taispeánann an Bíobla go mbíonn na deamhain agus fir agus mná feasa ag obair as lámha a chéile. Cuireann Gníomhartha 16:16-18 síos ar “spiorad feasa” a chuir ar chumas cailín fáistineacht a dhéanamh. Tar éis do Phól an spiorad a ruaigeadh, ní raibh sé ar a cumas fáistineacht a dhéanamh ní ba mhó.

12. (a) Cén fáth a bhfuil sé contúirteach a bheith ag iarraidh dul i dteagmháil leis na mairbh? (b) Cén fáth nach mbíonn aon bhaint ag searbhóntaí Dé le spioradachas?

12 Tá cleas eile ag na deamhain chun an dallamullóg a chur ar dhaoine. Cuireann siad chun cinn an tuairim go bhfuil na mairbh beo in áit éigin eile, gur féidir linn dul i dteagmháil leo, agus gur féidir leo dochar a dhéanamh dúinn. Is minic a théann daoine a bhfuil duine muinteartha nó cara leo tar éis bháis, go dtí fear nó bean feasa, agus iad ag iarraidh dul i dteagmháil leis na mairbh. B’fhéidir go dtabharfadh an fear nó bean feasa eolas faoin duine atá básaithe, nó b’fhéidir go ndéanaidís aithris ar a ghlór. (1 Samúéil 28:3-19) Chomh maith leis sin, leanann daoine go leor traidisiúin mar go gcreideann siad go bhfuil an duine beo in áit éigin eile. Ina measc tá cuimhneacháin báis, Aifrinn ar son na marbh, agus deasghnátha a bhaineann le tórraimh agus sochraidí. Nuair nach mbíonn aon bhaint ag Críostaithe leis na gnásanna seo, is minic a iompaíonn a ndaoine muinteartha agus a gcomharsana ina n-aghaidh. Ach tá a fhios ag Críostaithe nach bhfuil na mairbh beo in áit éigin eile. Ní féidir linne dul i dteagmháil leo agus ní féidir leosan dochar a dhéanamh dúinn. (Salm 115:17) Bí an-chúramach. Ná déan iarracht choíche teagmháil a dhéanamh leis na mairbh ná na deamhain, agus ná bíodh aon bhaint agat le spioradachas.—Léigh Deotranaimí 18:10, 11; Íseáia 8:19.

13. Céard a bhí daoine a mbíodh faitíos orthu roimh na deamhain in ann a dhéanamh?

13 Cuireann siad faitíos ar dhaoine freisin. Tá a fhios ag Sátan agus a chuid deamhain nach bhfuil acu ach “uain ghearr” sula bhfaighidh Dia réidh leo. Dá bhrí sin, tá siad níos fíochmhaire agus níos trodaí ná mar a bhí siad riamh. (Apacailipsis 12:12, 17) Mar sin féin, tá go leor daoine a mbíodh faitíos orthu roimh na deamhain, nach bhfuil aon fhaitíos orthu níos mó. Cén fáth?

DIÚLTAIGH DO NA DEAMHAIN

14. Cén chaoi ar féidir linn éalú ó smacht na ndeamhan, mar a rinne Críostaithe na chéad aoise?

14 Déanann an Bíobla cur síos ar an mbealach leis an bhfód a sheasamh agus éalú ó smacht na ndeamhan. Bhí daoine i gcathair Eifeasas a bhíodh i dteagmháil leis na deamhain sular fhoghlaim siad an fhírinne. Cén chaoi ar éalaigh siad ó smacht na ndeamhan? Deir an Bíobla: “Cuid mhaith acu siúd a bhíodh ag cleachtadh na draíochta, thug siad leo a gcuid leabhar agus dhóigh iad i bhfianaise chách.” (Gníomhartha 19:19) Scrios siad a gcuid leabhar draíochta de bhrí go raibh siad ag iarraidh a bheith ina gCríostaithe. Caithfear an rud céanna a dhéanamh inniu. Gach duine ar mian leis a bheith umhal d’Iehova caithfidh sé fáil réidh le gach rud a bhaineann leis na deamhain. Ina measc tá leabhair, irisí, scannáin, ceol, cluichí, agus póstaeir. Ina dteannta sin, tá rudaí ar nós boinn, scabaill, nó cros a chaitheann daoine chun iad féin a chosaint ón olc. De bhrí go bhfuil na rudaí seo chomh forleathan inniu ceapann daoine nach bhfuil aon dochar i spioradachas.—1 Corantaigh 10:21.

15. Céard eile a chaithfidh muid a dhéanamh chun an fód a sheasamh in aghaidh Shátain agus na ndeamhan?

15 Roinnt blianta tar éis dóibh sin in Eifeasas a gcuid leabhar draíochta a scriosadh, dúirt an t-aspal Pól go raibh orthu fós dul “i ngleic” agus a bheith ag coimhlint “le hainspridí.” (Eifisigh 6:12) Cé go raibh a gcuid leabhar dóite acu, bhí na deamhain fós ag iarraidh dochar a dhéanamh dóibh. Mar sin, céard eile a bhí orthu a dhéanamh? Dúirt Pól leo: “Gabhaigí chugaibh i gcónaí an creideamh mar sciath lena bhféadfaidh sibh gach diúracán dearg de chuid an namhad mhallaithe a mhúchadh.” (Eifisigh 6:16) Díreach mar a chosnaíonn sciath saighdiúir sa gcath, is féidir lenár gcreideamh muidne a chosaint. Má bhíonn muinín thar cuimse againn go gcosnóidh Iehova muid, beidh muid in ann an fód a sheasamh in aghaidh Shátain agus na ndeamhan.—Matha 17:20.

16. Cén chaoi ar féidir linn ár gcreideamh in Iehova a neartú?

16 Cén chaoi ar féidir linn ár gcreideamh in Iehova a neartú? Ní mór dúinn an Bíobla a léamh gach lá agus foghlaim le brath ar Iehova chun muid a chosaint. Má bhíonn muinín láidir againn in Iehova, ní bheidh Sátan ná na deamhain in ann aon dochar a dhéanamh dúinn.—1 Eoin 5:5.

17. Céard eile a choinneoidh slán muid ó na deamhain?

17 Céard eile a bhí ar na Críostaithe in Eifeasas a dhéanamh? Bhí siad ina gcónaí i gcathair a bhí lán le spioradachas. Mar sin dúirt Pól leo: “Bígí ag guí le hurnaí agus le himpí gach uair.” (Eifisigh 6:18) Bhí orthu a bheith ag guí chuig Iehova an t-am go léir chun iad féin a chosaint. Céard fúinne? Tá spioradachas forleathan inniu. Ní mór dúinne freisin achainí a dhéanamh ar Iehova chun muid a chosaint, agus a ainm a úsáid nuair a bhíonn muid ag guí. (Léigh Seanfhocail 18:10.) Má leanann muid orainn ag achainí ar Iehova, freagróidh Sé ár bpaidreacha.—Salm 145:19; Matha 6:13.

18, 19. (a) Cén chaoi ar féidir linn an ceann is fearr a fháil ar Shátan? (b) Cén cheist a fhreagrófar sa gcéad chaibidil eile?

18 Má fhaigheann muid réidh le gach a mbaineann leis na deamhain agus brath ar chosaint Iehova, beidh muid in ann an fód a sheasamh in aghaidh Shátain agus na ndeamhan. Ní gá dúinn faitíos a bheith orainn rompu. (Léigh Séamas 4:7, 8.) Tá Iehova i bhfad níos cumhachtaí ná na deamhain. Chuir sé pionós orthu in aimsir Naoi, agus scriosfaidh sé iad amach anseo. (Iúd 6 *) Coinnigh i gcuimhne nach bhfuil muid asainn féin sa gcath seo. Tá Iehova ag úsáid na n-aingeal chun muid a chosaint. (2 Ríthe 6:15-17) Is féidir linn a bheith muiníneach go bhfuil muid in ann an fód a sheasamh in aghaidh Shátain agus na ndeamhan, le cabhair ó Iehova.—1 Peadar 5:6, 7; 2 Peadar 2:9.

19 Ach má tá Sátan agus a chuid deamhain ag tarraingt an oiread sin trioblóide, cén fáth nár scrios Dia fós iad? Freagrófar an cheist seo sa gcéad chaibidil eile.

[Fonótaí]