Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL A hAON DÉAG

Cén Fáth An Fhulaingt?

Cén Fáth An Fhulaingt?

1, 2. Cén cheist a chuireann go leor daoine?

CLOISEANN muid faoi na tragóidí éagsúla a tharlaíonn ar fud an domhain. Bailte á scriosadh ag súnámaí. Daoine á ndúnmharú. Máthair a bhfuil cúigear clainne uirthi básaithe de bharr ailse.

2 Nuair a tharlaíonn tragóidí den tsóirt sin, is minic a fhiafraíonn daoine “Cén fáth?” Fiafraíonn siad freisin cén fáth a bhfuil fuath agus fulaingt chomh forleathan. Ar chuir tusa an cheist sin riamh?

3, 4. (a) Cé na ceisteanna a chuir Habacúc? (b) Cén chaoi ar fhreagair Iehova é?

3 Tá a fhios againn ón mBíobla gur chuir fir a raibh creideamh láidir acu i nDia na ceisteanna céanna. D’fhiafraigh an fáidh Habacúc d’Iehova: “Cad chuige nach dtaispeánann tú dom ach an urchóid amháin? Cén fáth a mbíonn tú féin ag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom? Déantar slad agus foréigean os mo chomhair agus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann.”—Habacúc 1:3.

4 Tá an freagra a thug Dia ar Habacúc le fáil i Habacúc 2:2, 3, chomh maith lena ghealltanas go gcuirfeadh sé rudaí ina gceart. Tá an-ghrá ag Iehova do dhaoine. Deir an Bíobla: “Tugann sé aire daoibh.” (1 Peadar 5:7) Is mó go mór an ghráin atá ag Iehova ar an bhfulaingt ná mar atá againne. (Íseáia 55:8, 9) Mar sin, pléifidh muid an cheist, Cén fáth an fhulaingt?

CÉN FÁTH AN FHULAINGT?

5. Céard a mhúineann sagairt agus a leithéidí faoin bhfulaingt? Céard a mhúineann an Bíobla?

5 Is minic a chloistear sagairt agus a leithéidí ag rá gurb é toil Dé go mbeadh daoine ag fulaingt. Ceapann daoine go bhfuil gach a dtarlaíonn do dhuine, bíodh sé maith nó olc, leagtha amach roimh ré ag Dia agus nach féidir aon tuiscint a fháil air. Ceapann daoine eile go dtógann Dia daoine, páistí óga ina measc, le bheith in éineacht leis féin sna flaithis. Níl sé sin fíor. Ní hé Iehova is cúis leis na drochrudaí a tharlaíonn. Mar atá ráite sa mBíobla, “Is fada ó Dhia an choirpeacht agus an éagóir ón Uilechumhachtach.”—Iób 34:10.

6. Cén fáth a gcuirtear an milleán ar Dhia faoin bhfulaingt?

6 Cuirtear an milleán ar Dhia faoin bhfulaingt, mar ceaptar go bhfuil Dia ag rialú an domhain. Ach mar a d’fhoghlaim muid i gCaibidil 3, is é Sátan atá ag rialú an domhain.

7, 8. Cén fáth an fhulaingt?

7 Tá sé ráite sa mBíobla go bhfuil “an saol le chéile faoi thionchar an diabhail.” (1 Eoin 5:19) Tá rialtóir an domhain seo, Sátan, oilbhéasach agus cruálach. Is é Sátan “an té a mheallann an saol go léir.” (Apacailipsis 12:9) Bíonn a lán daoine ag déanamh aithris air. Sin cúis amháin a bhfuil an saol lán de bhréaga, d’fhuath agus de chruálacht.

8 Tá cúiseanna eile leis an bhfulaingt. Tar éis d’Ádhamh agus d’Éabha éirigh amach in aghaidh Dé, d’fhág siad an peaca mar oidhreacht ag a gclann. Mar gheall ar an bpeaca is minic a tharraingíonn daoine fulaingt ar dhaoine eile. Bíonn duine amháin ag iarraidh a bheith níos tábhachtaí ná duine eile. Bíonn siad ag troid, ag cur cogaidh ar a chéile, agus ag déanamh bulaíochta ar dhaoine. (Cóheilit 4:1; 8:9) Uaireanta tarlaíonn timpistí agus drochrudaí do dhaoine mar go mbíonn siad san áit chontráilte ag an am contráilte.—Cóheilit 9:11.

9. Cén fáth ar féidir linn a bheith cinnte go bhfuil údar maith ag Iehova gan deireadh a chur leis an bhfulaingt go dtí seo?

9 Ní hé Iehova is cúis le fulaingt. Ní hé is cúis le cogadh, coiriúlacht, ná drochíde. Ní hé atá taobh thiar de thubaistí ar nós creathanna talún, hairicíní agus tuilte. Is dóigh go bhfuil tú ag rá leat féin, ‘Más é Iehova an té is cumhachtaí sa gcruinne, cén fáth nach gcuireann sé stop leis na rudaí uafásacha seo?’ Tá a fhios againn go bhfuil an-chion ag Iehova orainn, mar sin chaithfeadh sé go bhfuil údar maith aige gan deireadh a chur leis an bhfulaingt go dtí seo.—1 Eoin 4:8.

CÉN FÁTH A gCEADAÍONN DIA AN FHULAINGT?

10. Cén chaoi ar thug Sátan dúshlán Iehova?

10 Chuir an Diabhal an dallamullóg ar Ádhamh agus Éabha i ngairdín Éidin. Chuir Sátan i leith Dé gur dhrochrialtóir a bhí ann. Bhí sé ag maíomh go raibh Dia ag ceilt rud éigin fiúntach ar Ádhamh agus Éabha. Bhí Sátan ag iarraidh a chur ina luí orthu gur fearr an rialtóir a dhéanfadh sé féin, agus nár theastaigh Dia uatha.—Geineasas 3:2-5; féach Aguisín 27.

11. Cén cheist atá le freagairt againn?

11 D’éirigh Ádhamh agus Éabha amach in aghaidh Iehova. Cheap siad go raibh sé de cheart acu féin a rá céard a bhí ceart agus céard a bhí mícheart. Cén chaoi a bhféadfadh Iehova a chruthú go raibh siad mícheart agus gurb aigesean is fearr atá a fhios céard a théann chun tairbhe dúinn?

12, 13. (a) Cén fáth nár chuir Iehova Ádhamh agus Éabha chun báis ar an bpointe? (b) Cén fáth ar lig Iehova don chine daonna iad féin a rialú faoi threoir Shátain?

12 Níor chuir Iehova Ádhamh agus Éabha chun báis ag an am sin. Lig sé cead dóibh páistí a bheith acu. Ansin thug sé an deis do shliocht Ádhamh agus Éabha a rialtóir féin a roghnú. Ba é cuspóir Iehova go mbeadh an domhan lán de dhaoine foirfe, agus bhí sé sin chun tarlú beag beann ar iarrachtaí an Diabhail.—Geineasas 1:28; Íseáia 55:10, 11.

13 Thug Sátan dúshlán Iehova os comhair na milliúin aingeal. (Iób 38:7; Dainéil 7:10) Mar sin, thug Iehova tréimhse ama do Shátan chun na líomhaintí seo a chruthú. Thug sé tréimhse ama freisin don chine daonna chun a rialtais féin a bhunú faoi threoir Shátain. Gheofaí amach in am tráth an éireodh leo rialú ar son leasa an chine dhaonna.

14. Céard atá cruthaithe le himeacht ama?

14 Tá an cine daonna ag déanamh iarracht iad féin a rialú leis na mílte bliain, ach níl ag éirí leo. Tá sé cruthaithe gur bréagadóir é Sátan. Tá gá ag an gcine daonna le cabhair Dé. Bhí an ceart ag an bhfáidh Irimia nuair a dúirt sé: “Is maith atá a fhios agat, a Thiarna, nach ann féin atá slí duine, ná ní sa duine a shiúlann atá díriú a choiscéimeanna.”—Irimia 10:23.

CÉN FÁTH AR FHAN IEHOVA CHOMH FADA SEO?

15, 16. (a) Cén fáth a bhfuil Iehova ag ceadú na fulaingthe? (b) Cén fáth nár leigheas Iehova na fadhbanna atá cruthaithe ag Sátan?

15 Cén fáth ar cheadaigh Iehova don fhulaingt a dhul ar aghaidh chomh fada seo? Bhí tréimhse ama ag teastáil chun a chruthú go dteipfeadh ar riail Shátain. Tá gach cineál rialtas triailte ag an gcine daonna agus níl aon mhaith déanta. Cé go bhfuil go leor dul chun cinn déanta acu san eolaíocht agus sa teicneolaíocht, tá níos mó éagóir, bochtaineacht, coiriúlacht, agus cogadh ann ná mar a bhí riamh. Tá sé soiléir nach bhfuil an cine daonna in ann iad féin a rialú d’uireasa Dé.

16 Mar sin féin, níor leigheas Dia na fadhbanna atá cruthaithe ag Sátan. Dá leigheasfadh, bheadh Sé ag tacú le riail Shátain, agus sin rud nach ndéanfaidh Sé. Chomh maith leis sin, bheadh an cine daonna ag ceapadh go raibh ag éirí go maith lena gcuid rialtais féin. Ach is bréag a bheadh ansin, agus ní bhíonn Iehova páirteach i mbréaga riamh.—Eabhraigh 6:18.

17, 18. Céard atá Iehova chun a dhéanamh faoin dochar atá déanta ag Sátan?

17 An féidir le hIehova an dochar go léir atá déanta de bharr éirí amach Shátain agus an chine dhaonna a chur ina cheart? Is féidir, mar tá sé ar chumas Dé gach rud a dhéanamh. Tá a fhios ag Iehova cén uair a bheidh freagraí sásúla tugtha ar na bréaga ar fad a chuir Sátan ina leith. Ansin, déanfaidh sé parthas den talamh, mar a bhí i gceist aige ón tús. Beidh aiséirí ag gach “a bhfuil sna tuamaí.” (Eoin 5:28, 29) Ní bheidh tinneas ná bás ann go deo arís. Cuirfidh Íosa ina cheart an dochar go léir atá déanta ag Sátan. Úsáidfidh Iehova Íosa chun “saothar an diabhail” a scrios. (1 Eoin 3:8) Tá muid an-bhuíoch go bhfuil Iehova foighneach linn i gcaitheamh an ama seo. Tugann sé deis dúinn aithne a chur air agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil muid á iarraidh mar rialtóir nó nach bhfuil. (Léigh 2 Peadar 3:9, 10.) Idir an dá linn cabhraíonn sé linn coinneáil ag imeacht.—Eoin 4:23; léigh 1 Corantaigh 10:13.

18 Ní chuireann Iehova brú orainn é a roghnú mar Rialtóir. Thug sé saorthoil mar bhronntanas don duine. Gheobhaidh muid amach anois cén tairbhe atá sa mbronntanas luachmhar seo.

CÉN CHAOI A N-ÚSÁIDFIDH TUSA DO SHAORTHOIL?

19. Cén bua atá tugtha ag Iehova dúinn agus céard a chuireann sé ar ár gcumas a dhéanamh?

19 Tá saorthoil ag an duine, rud nach bhfuil ag an ainmhí. Feidhmíonn ainmhithe de réir a n-instinn, ach tá saoirse againne maidir leis an gcaoi a gcaitheann muid ár saol. Roghnaíonn muid a bheith umhal d’Iehova nó gan a bheith. (Seanfhocail 30:24-28) Níl muid ar nós innill nach ndéanann ach an rud atá siad ceaptha a dhéanamh. Tá sé ar ár gcumas roghanna a dhéanamh, maidir leis an sórt duine a bheidh ionainn, na cairde a bheidh againn, agus an chaoi a gcaithfidh muid ár saol. Tá Iehova ag iarraidh orainn só a bhaint as an saol.

20, 21. Céard é an rogha is fearr is féidir leat a dhéanamh anois?

20 Tá Iehova ag iarraidh go mbeadh grá againn dó. (Matha 22:37, 38) Tá sé ar nós athair a mbíonn ríméad air nuair a chloiseann sé a pháiste ag rá óna chroí “Tá mé an-mhór leat.” Thug Iehova saorthoil dúinn, mar sin is féidir linn a bheith umhal dó nó gan a bheith. Bhí Sátan, Ádhamh agus Éabha easumhal d’Iehova. Céard a dhéanfaidh tusa?

21 Bí umhal d’Iehova. Tá na milliúin eile ann atá umhal d’Iehova agus a bhfuil droim láimhe tugtha acu do Shátan. (Seanfhocail 27:11) Céard is féidir leat a dhéanamh anois ionas go mbeidh tú in ann maireachtáil ar dhomhan nua Dé? Freagrófar an cheist sin sa gcéad chaibidil eile.