Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL A SÉ DÉAG

Déan Dia a Adhradh

Déan Dia a Adhradh

1, 2. Cén cheist ar cheart duit a chur agus cén fáth a bhfuil sé seo tábhachtach?

TÁ SÉ foghlamtha agat ó do staidéar ar an mBíobla gur iomaí duine a mhaíonn go bhfuil siad ag adhradh Dé, ach ag an am céanna tá siad ag déanamh rudaí ar fuath le Dia iad. (2 Corantaigh 6:17) Sin é an fáth a n-ordaíonn Iehova dúinn reiligiúin bhréagacha, nó “An Bhablóin Mhór” a fhágáil. (Apacailipsis 18:2, 4) Céard a dhéanfaidh tusa? Tá rogha le déanamh ag gach duine againn. Caithfidh muid fiafraí dínn féin ‘An bhfuil mé ag iarraidh Dia a adhradh mar is toil leisean, nó an bhfuil mé ag iarraidh mo bhealach féin a leanúint?’

2 Má tá reiligiún bréagach fágtha agat cheana féin, tá sé sin go maith. Ach b’fhéidir go bhfuil tú fós ag cleachtadh traidisiúin a bhaineann leis an reiligiún sin. Scrúdóidh muid cuid de na traidisiúin seo, agus feicfidh muid cén fáth ar cheart dúinn dearcadh Iehova a bheith againn orthu.

ÍOMHÁNNA AGUS NA MAIRBH

3. (a) Cén fáth a mbíonn sé deacair ag daoine Dia adhradh d’uireasa íomhánna? (b) Céard a deir an Bíobla faoi bheith ag úsáid íomhánna in adhradh Dé?

3 Tá íomhánna agus altóirí ag daoine ina gcuid tithe le blianta fada chun Dia a adhradh. Má bhí siad agatsa b’fhéidir go mothaíonn tú nach bhfuil sé ceart Dia a adhradh dá n-uireasa. Cuimhnigh gurb é Iehova a mhúineann dúinn len é a adhradh mar is ceart. Tá sé ráite go soiléir sa mBíobla nach bhfuil Iehova ag iarraidh orainn íomhánna a úsáid agus muid á adhradh.—Léigh Eaxodus 20:4, 5; Salm 115:4-8; Íseáia 42:8; 1 Eoin 5:21.

4. (a) Cén fáth nach gá dúinn imní a dhéanamh faoi na mairbh? (b) Cén fáth a ndúirt Iehova lena shearbhóntaí gan teagmháil a dhéanamh leis na mairbh?

4 Is minic a bhíonn imní ar dhaoine faoina ndaoine muinteartha atá básaithe. Caitheann siad airgead chun Aifrinn, nó seirbhísí eaglaise eile, a fháil léite do na mairbh. Bíonn daoine eile ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leo. Ach tá sé foghlamtha againn nach bhfuil na mairbh beo in áit éigin eile. Tá sé contúirteach freisin a bheith ag déanamh iarrachtaí dul i dteagmháil leis na mairbh. Cé go gceapann daoine go mbíonn siad ag caint leis na mairbh, is iad na deamhain a bhíonn i dteagmháil leo i ndáiríre. Sin é an fáth ar ordaigh Iehova do na hIosraeilítigh gan teagmháil a dhéanamh leis na mairbh, ná páirt a ghlacadh in aon chineál spioradachas.—Deotranaimí 18:10-12; féach Aguisíní 26 agus 31.

5. Céard a chabhróidh leat éirí as a bheith ag úsáid íomhánna agus tú ag adhradh Dé?

5 Céard a chabhróidh leat éirí as a bheith ag úsáid íomhánna agus tú ag guí chun Dé? Ní mór duit an Bíobla a léamh agus machnamh a dhéanamh air chun dearcadh Iehova a fháil. Is “gráin” leis iad. (Deotranaimí 27:15) Guigh chuig Iehova gach lá chun cabhair a fháil len é a adhradh ar an mbealach is mian leisean. (Íseáia 55:9) Cabhróidh Iehova leat fáil réidh le haon rud a bhaineann le hadhradh bréagach.

AR CHEART AN NOLLAIG A CHEILIÚRADH?

6. Cén fáth a ndéantar breithlá Íosa a cheiliúradh ar an 25ú lá de Mhí na Nollag?

6 Tá an Nollaig ar cheann de na féilte is mó le rá ar fud an domhain, agus ceapann formhór na ndaoine gur ag ceiliúradh breithlá Íosa atá siad. Tá an Nollaig bunaithe ar adhradh bréagach. Deir ciclipéid amháin go mbíodh na págánaigh Rómhánacha ag ceiliúradh breithlá na gréine ar an 25ú lá de Mhí na Nollag. Bhí ceannairí na heaglaise ag iarraidh tuilleadh págánaigh a mhealladh chun na Críostaíochta. Mar sin, cé nár rugadh Íosa ar an 25ú lá de Mhí na Nollag, chinn siad a bhreithlá a cheiliúradh ar an lá sin. (Lúcás 2:8-12) Ní bhíodh deisceabail Íosa ag ceiliúradh na Nollag. De réir leabhar tagartha amháin, le linn an 200 bliain tar éis a bheirthe, “ní raibh a fhios ag aon duine, agus ba chuma leo, cén uair go díreach a rugadh é.” (Sacred Origins of Profound Things) Tosaíodh ag ceiliúradh na Nollag cúpla céad bliain tar éis bhás Íosa.

7. Cén fáth nach gceiliúrann fíorChríostaithe an Nollaig?

7 Tá a fhios ag go leor daoine faoin mbunús págánta atá ag an Nollaig, agus ag na traidisiúin a bhaineann léi, ar nós na gcóisirí, agus na mbronntanas. Mar shampla, bhí sé in aghaidh an dlí an Nollaig a cheiliúradh ar feadh tamaill i Sasana agus in áiteanna i Meiriceá, mar gheall ar an mbunús págánta atá aici. Gearradh pionós ar aon duine a rinne an Nollaig a cheiliúradh. Ach tar éis tamaill thosaigh daoine ag ceiliúradh na Nollag arís. Cén fáth nach gceiliúrann fíorChríostaithe an Nollaig? Mar tá siad ag iarraidh Dia a shásamh i ngach a ndéanann siad.

AR CHEART LÁ BREITHE A CHEILIÚRADH?

8, 9. Cén fáth nach ndearna na chéad Chríostaithe a mbreithlá a cheiliúradh?

8 Ócaid mhór ceiliúrtha is ea an lá breithe. Ar cheart do Chríostaithe a lá breithe a cheiliúradh? Is ag daoine nach mbíodh ag adhradh Iehova a bhí an dá chóisir breithlá atá luaite sa mBíobla. (Geineasas 40:20; Marcas 6:21) Is chun onóir a thabhairt do dhéithe bréige a cheiliúrtaí breithlá. Sin é an fáth a raibh na chéad Chríostaithe den tuairim “gur ghnás págánta é a bheith ag ceiliúradh breithlá.”—The World Book Encyclopedia.

9 Chreid na sean-Rómhánaigh agus na sean-Ghréagaigh go raibh spiorad i láthair nuair a shaolaítí duine, agus gur chosain an spiorad sin an duine an chuid eile dá shaol. De réir an leabhair The Lore of Birthdays “bhí caidreamh misteach idir an spiorad seo agus an dia a rugadh cothrom an lae ar saolaíodh an duine.”

10. Cén fáth nár cheart do Chríostaithe breithlá a cheiliúradh?

10 Meas tú an maith le hIehova féilte nó ócáidí a bhfuil baint acu le reiligiúin bhréagacha? (Íseáia 65:11, 12) Ní maith. Sin é an fáth nach gceiliúrann muid lá breithe, ná aon fhéilte eile a bhfuil baint acu le reiligiúin bhréagacha.

AN BHFUIL AON DOCHAR ANN?

11. Cén fáth a mbíonn daoine ag ceiliúradh féilte agus ócáidí eile? Cé dó ar cheart duit tús áite a thabhairt?

11 Tá a fhios ag formhór na ndaoine faoin mbunús págánta atá leis an Nollaig agus féilte eile, ach leanann siad orthu á gceiliúradh. Feictear dóibh gur deis iontach é seo le ham a chaitheamh lena gclann. An mar sin a mhothaíonn tusa? Níl dada mícheart le bheith ag caitheamh ama le do chlann. Is é Iehova a bhunaigh an teaghlach, agus is mian leis go mbeadh caidreamh maith againn lenár gclann. (Eifisigh 3:14, 15) Ag an am céanna, ní mór dúinn tús áite a thabhairt dár gcaidreamh le hIehova, agus ócáidí atá bunaithe ar reiligiúin bhréagacha a sheachaint. Sin é an fáth a ndúirt an t-aspal Pól: “Aimsígí cad é an ní is áil leis an Tiarna.”—Eifisigh 5:10.

12. Cén cineál féilte nach dtaitníonn le hIehova?

12 Bíonn daoine den tuairim gur cuma cén bunús a bhíonn ag féilte nó ócáidí eile, ach ní shin é tuairim Iehova. Ní maith leis féilte ná ócáidí atá bunaithe ar thraidisiúin phágánta, nó a thugann glóir do dhuine nó do náisiún. Mar shampla, bhíodh go leor féilte ag na hÉigiptigh dá ndéithe bréige. Tar éis do na hIosraeilítigh éalú ón Éigipt, rinne siad aithris ar cheann de na féilte sin agus thug siad “lá féile don Tiarna [Iehova]” air. Ghearr Iehova pionós orthu de bhrí go ndearna siad é sin. (Eaxodus 32:2-10) Is í comhairle an fháidh Íseáia: “Ná bainigí le rud ar bith atá neamhghlan!”—Léigh Íseáia 52:11.

BÍ CINEÁLTA LE DAOINE EILE

13. Cén sórt ceisteanna a bheidh agat nuair a bheartaíonn tú gan féilte agus ócáidí eile a cheiliúradh?

13 Nuair a bheartaíonn tú gan féilte agus ócáidí a cheiliúradh níos mó, beidh go leor ceisteanna agat. Mar shampla: Céard is ceart dom a dhéanamh má fhiafraíonn mo chomhoibrithe díom cén fáth nach bhfuil mé ag ceiliúradh leo? Céard is ceart dom a dhéanamh má thugann duine éigin bronntanas Nollag dom? Céard is ceart dom a dhéanamh má bhíonn mo chéile pósta ag súil go nglacfaidh mé páirt i gceiliúradh féile nó ócáide? Cén chaoi ar féidir liom cabhrú le mo chuid páistí ionas nach mbeidh siad buartha de bhrí nach bhfuil siad ag ceiliúradh féile nó a mbreithlá?

14, 15. Céard is féidir leat a dhéanamh má ghuíonn duine éigin Nollaig shona ort, nó má thugtar bronntanas duit?

14 Ní mór duit labhairt go deas lách nuair a bhíonn tú ag freagairt daoine. Mar shampla, má ghuíonn duine éigin Nollaig Shona ort, ní gá duit cluas bhodhar a thabhairt dó. D’fhéadfá “Go raibh maith agat” a rá. Má tá duine ag iarraidh tuilleadh eolais, d’fhéadfá an fáth nach bhfuil tú ag ceiliúradh na féile a mhíniú dó. Bí cineálta, tuisceanach, agus ómósach i gcónaí. Deir an Bíobla: “Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfadh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.” (Colosaigh 4:6) D’fhéadfá a rá leo gur breá leat a bheith ag caitheamh ama le daoine, agus ag tabhairt bronntanais, agus go ndéanann tú é sin, ach nach mbíonn aon pháirt agat i bhféilte agus ócáidí a bhfuil bunús págánta acu.

15 Céard is ceart duit a dhéanamh má thugann duine éigin bronntanas duit? Ní thugann an Bíobla aon rialacha dúinn maidir leis seo, ach deir sé linn “coinsias glan” a choinneáil. (1 Tiomóid 1:18, 19) B’fhéidir nach bhfuil a fhios ag an duine a thug an bronntanas duit nach gceiliúrann tú an fhéile. Nó b’fhéidir go ndéarfadh sé: “Tá a fhios agam nach gceiliúrann tú an fhéile, ach tá mé ag iarraidh é seo a thabhairt duit.” Ar aon chaoi, is féidir leat féin an cinneadh a dhéanamh an bronntanas a ghlacadh nó gan é a ghlacadh. Pé cinneadh a dhéanfaidh tú, déan cinnte go mbeidh do choinsias glan. Níl muid ag iarraidh aon rud a dhéanamh a chuirfeadh isteach ar ár gcaidreamh le hIehova.

TUSA AGUS DO THEAGHLACH

Bíonn adhraitheoirí Iehova sona sásta

16. Céard is ceart duit a dhéanamh má bhíonn do chlann ag iarraidh féile a cheiliúradh?

16 Céard is ceart duit a dhéanamh má bhíonn do chlann ag iarraidh féile a cheiliúradh? Ní gá duit a bheith ag troid leo. Cuimhnigh go bhfuil sé de cheart acu a n-intinn féin a dhéanamh suas. Bí cineálta agus bíodh ómós agat do na roghanna a dhéanann siad, díreach mar atá tusa ag iarraidh orthusan ómós a bheith acu do na roghanna a dhéanann tusa. (Léigh Matha 7:12.) Má bhíonn do chlann ag iarraidh ort am a chaitheamh leo le linn na féile, céard is ceart duit a dhéanamh? Sula ndéanann tú suas d’intinn, guigh chuig Iehova chun cabhair a fháil leis an gcinneadh ceart a dhéanamh. Déan machnamh ar an gcás, agus déan taighde. Cuimhnigh gurb é Iehova atá tú ag iarraidh a shásamh i gcónaí.

17. Céard is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú le do chuid páistí nuair a fheiceann siad daoine eile ag ceiliúradh féilte?

17 Cén chaoi ar féidir leat cabhrú le do chuid páistí nuair a fheiceann siad daoine eile ag ceiliúradh féilte? D’fhéadfá cóisir speisialta a eagrú dóibhsean ó am go ham. D’fhéadfá freisin bronntanais a thabhairt dóibh nuair nach mbíonn súil ar bith acu leo. Ar ndóigh, is iad d’am agus do ghrá na bronntanais is fearr is féidir leat a thabhairt do do pháistí.

AN FÍOR-ADHRADH

18. Cén fáth ar cheart dúinn dul chuig na cruinnithe go rialta?

18 Chun Iehova a shásamh, ní mór dúinn diúltú don reiligiún bréagach, a chuid traidisiúin agus féilte. Ní mór dúinn freisin an fíor-adhradh a chleachtadh. Cén chaoi? Trí fhreastal go rialta ar na cruinnithe Críostaí. (Léigh Eabhraigh 10:24, 25.) Is cuid an-tábhachtach den fhíor-adhradh iad na cruinnithe. (Salm 22:23 [22:22 i mBíoblaí eile]; 122:1) Spreagann muid a chéile ag na hócáidí sonasacha seo.—Rómhánaigh 1:12.

19. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach fírinní an Bhíobla a roinnt le daoine eile?

19 Is cuid den fhíor-adhradh freisin an rud atá foghlamtha agat ón mBíobla a roinnt le daoine eile. Bíonn daoine go leor buartha faoi na drochrudaí atá ag tarlú ar an domhan. B’fhéidir go bhfuil aithne agat féin ar chuid acu. Inis dóibh faoin dóchas iontach atá agat don todhchaí. Má fhreastalaíonn tú go rialta ar na cruinnithe agus fírinní an Bhíobla a roinnt le daoine eile, de réir a chéile caillfidh tú do dhúil i dtraidisiúin na reiligiúin bhréagacha. Beannóidh Iehova na hiarrachtaí a dhéanann tú chun é a adhradh mar is ceart.—Malaicí 3:10.