Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CAIBIDIL A SEACHT DÉAG

Ag Guí Chun Dé

Ag Guí Chun Dé

Is mian leis an “té a rinne neamh agus talamh” éisteacht lenár bpaidreacha.—Salm 115:15

1, 2. Cén fáth gur pribhléid speisialta é a bheith in ann guí chuig Iehova?

TÁ AN domhan an-bheag i gcomparáid leis an chruinne. Nuair a bhreathnaíonn Iehova ar an domhan, is gearr le braonacha beaga uisce i mbuicéad na náisiúin uile. (Salm 115:15; Íseáia 40:15) Cé go bhfuil muid beag bídeach i gcomparáid leis an chruinne, deir Salm 145:18, 19: “Is gairid é an Tiarna dá ngaireann air, dá ngaireann air go fírinneach ó chroí. Déanann sé toil an dreama lenarb eagal é; éisteann sé lena n-éamh agus fóireann orthu.” Nach mór an phribhléid atá againn! Is mian le Iehova, an Cruthaitheoir uilechumhachtach, teanntás a dhéanamh orainn agus éisteacht lenár nguí. Is pribhléid é a bheith in ann guí chuig Iehova.

2 Ach ní éistfidh Iehova linn mura labhróidh muid leis ar an mbealach atá leagtha amach aige. Cén bealach é sin? Breathnóidh muid anois ar an méid atá ráite sa mBíobla faoi phaidreacha.

GUIGH CHUIG IEHOVA

3. Cén fáth ar cheart duit guí chuig Iehova?

3 Tá Iehova ag iarraidh orainn guí chuige, nó labhairt leis. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn é sin? Léigh Filipigh 4:6, 7 le do thoil. Déan machnamh ar an gcuireadh sin. Tá an-suim ag Rialtóir na cruinne ionat, agus tá sé ag iarraidh ort labhairt leis faoin gcaoi a mothaíonn tú agus faoi do chuid fadhbanna.

4. Cén chaoi a neartaíonn muid ár gcairdeas le hIehova?

4 Cabhraíonn guí linn cairdeas a chothú le hIehova. Nuair a labhraíonn cairde le chéile faoina smaointe, a ngnóthaí agus a gcuid mothúcháin neartaíonn an cairdeas eatarthu. Is amhlaidh a bhíonn nuair a ghuíonn muid chuig Iehova. Insíonn Iehova dúinn sa mBíobla faoina smaointe agus a chuid mothúcháin féin, agus faoi na rudaí atá sé chun a dhéanamh sa todhchaí. Is féidir leat na smaointe is doimhne atá agat a insint dó nuair a labhraíonn tú leis go rialta. Neartóidh sé sin an cairdeas idir tú féin agus Iehova.—Séamas 4:8.

CÉN CHAOI AR FÉIDIR LEAT CLUAS ÉISTEACHTA A FHÁIL Ó DHIA

5. Cén chaoi a bhfuil a fhios againn nach n-éisteann Iehova le gach guí?

5 An éisteann Dia le gach guí? Ní éisteann. Dúirt Iehova leis na hIosraeilítigh le linn aimsir an fháidh Íseáia: “A liacht paidreacha a deir sibh, níl mise ag éisteacht. Tá bhur lámha lán fola.” (Íseáia 1:15) Mar sin, mura mbíonn muid cúramach d’fhéadfadh muid a bheith ag cur chnámh spairne idir muid féin agus Iehova.

6. Cén fáth a bhfuil creideamh chomh tábhachtach sin? Cén chaoi a léiríonn tú do chreideamh?

6 Má tá muid ag iarraidh ar Iehova éisteacht linn nuair atá muid ag guí, ní mór dúinn creidiúint ann. (Marcas 11:24) Deir an t-aspal Pól: “Gan chreideamh ní féidir le duine a bheith taitneamhach leis mar an té atá ag teacht chun Dé ní mór dó a chreidiúint go bhfuil Dia ann agus go dtugann sé luach saothair dá mbíonn á lorg.” (Eabhraigh 11:6) Ach ní leor a rá go gcreideann muid i nDia. Ní mór dúinn ár gcreideamh a chruthú trí a bheith umhal d’Iehova gach lá.—Léigh Séamas 2:26.

7. (a) Cén fáth ar chóir dúinn a bheith uiríseal agus ómósach nuair a bhíonn muid ag labhairt le hIehova? (b) Cén chaoi ar chóir dúinn labhairt le hIehova?

7 Is cóir dúinn a bheith uiríseal agus ómósach nuair a bhíonn muid ag guí chuig Iehova. Cén fáth? Dá mbeadh muid ag caint le rí nó le huachtarán, dhéanfadh muid go hómósach é. Is é Iehova an Dia Uilechumhachtach, mar sin tá breis ómóis ag dul dó agus muid ag labhairt leis. (Geineasas 17:1; Salm 138:6) Is cóir dúinn labhairt le hIehova ónár gcroí amach, seachas a bheith ag athrá paidreacha atá de ghlanmheabhair againn.—Matha 6:7, 8.

8. Cén fáth ar cheart dúinn gníomhú de réir ár nguí?

8 Ar deireadh, nuair a ghuíonn muid faoi rud éigin, ní mór dúinn gníomhú de réir ár nguí. Mar shampla, má dhéanann muid achainí ar Iehova riar ár gcáis a thabhairt dúinn, agus gan dada a dhéanamh muid féin, ní féidir linn a bheith ag súil go sínfidh Iehova isteach inár lámh é. Ní mór dúinn oibriú go crua agus glacadh le haon phost atá muid in ann a dhéanamh. (Matha 6:11; 2 Teasalónaigh 3:10) Nó má bhíonn muid ag iarraidh cúnamh Iehova le go stopadh muid ag déanamh rud éigin mícheart, ní mór dúinn aon rud a chuirfeadh cathú orainn a sheachaint. (Colosaigh 3:5) Freagróidh muid ceisteanna anois a bhíonn ag daoine go minic faoi phaidreacha.

CEISTEANNA A CHUIRTEAR FAOI PHAIDREACHA

9. Cé chuige is cóir dúinn guí? Céard a mhúineann Eoin 14:6 dúinn faoi ghuí?

9 Cé chuige is cóir dúinn guí? Mhúin Íosa dá dheisceabail guí chuig “ár nAthair, atá ar neamh.” (Matha 6:9) Dúirt sé freisin: “Is mise an tslí, an fhírinne agus an bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.” (Eoin 14:6) Mar sin, is chuig Iehova amháin is cóir dúinn guí, agus é a dhéanamh trí Íosa. Céard is brí lena bheith ag guí trí Íosa? Chun go n-éistfidh Iehova lenár bpaidreacha, caithfidh muid ómós a thaispeáint don ról speisialta a thug Iehova d’Íosa. Mar a d’fhoghlaim muid, tháinig Íosa go dtí an talamh chun muid a fhuascailt ón bpeaca agus ón mbás. (Eoin 3:16; Rómhánaigh 5:12) Tá Íosa ceaptha mar Ardshagart agus mar Bhreitheamh ag Iehova.—Eoin 5:22; Eabhraigh 6:20.

Is féidir leat guí aon am

10. Cén chaoi ar cheart dúinn guí?

10 An gá dúinn dul ar ár nglúine nuair a ghuíonn muid? Ní gá. Ní iarrann Iehova orainn a bheith ar ár nglúine, ná inár suí, ná inár seasamh, nuair a bhíonn muid ag guí. Múineann an Bíobla dúinn gur féidir linn labhairt le hIehova, is cuma inár suí nó inár seasamh muid, ach é a dhéanamh go hómósach. (1 Croinicí 17:16; Nihimiá 8:6; Dainéil 6:11 [6:10 i mBíoblaí eile]; Marcas 11:25) Is é an rud is tábhachtaí d’Iehova ná go mbeadh an meon ceart againn nuair a ghuíonn muid chuige. Is féidir linn guí amach os ard nó go ciúin pé áit a bhfuil muid, ag am ar bith de ló nó d’oíche. Nuair a ghuíonn muid chuig Iehova, is féidir linn muinín a bheith againn go gcloiseann sé muid, fiú nuair nach gcloiseann aon duine eile muid.—Nihimiá 2:1-6.

11. Céard iad cuid de na rudaí ar féidir linn guí ar a son?

11 Céard iad na rudaí ar féidir guí ar a son? Is féidir linn guí ar son aon rud a bhfuil glacadh ag Iehova leis. Deir an Bíobla: “Seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n-éisteann linn.” (1 Eoin 5:14) An féidir linn guí faoi rudaí pearsanta? Is féidir. Is cóir dúinn labhairt le hIehova mar a labhródh muid le dlúthchara. Is féidir linn insint d’Iehova faoi aon rud atá ar ár n-intinn nó inár gcroí. (Salm 62:9 [62:8 i mBíoblaí eile]) Is féidir linn a spiorad naomh a iarraidh air chun cabhrú linn an rud ceart a dhéanamh. (Lúcás 11:13) Is féidir linn freisin eagna a iarraidh air chun cinntí maithe a dhéanamh, agus chun muid a neartú chun déileáil le deacrachtaí agus fadhbanna an tsaoil. (Séamas 1:5) Is cóir dúinn iarraidh ar Iehova ár gciontaí a mhaitheamh dúinn. (Eifisigh 1:3, 7) Is cóir dúinn freisin guí ar son daoine eile, ár gclann agus ár mbráithre san áireamh.—Gníomhartha 12:5; Colosaigh 4:12.

12. Céard dó ar cheart dúinn tús áite a thabhairt inár bpaidreacha?

12 Céard dó ar cheart tús áite a thabhairt inár bpaidreacha? D’Iehova agus dá thoil. Is cóir dúinn buíochas a ghlacadh leis as a bhfuil déanta aige dúinn. (1 Croinicí 29:10-13) Is mar sin a mhúin Íosa dá dheisceabail le guí nuair a bhí sé ar an talamh. (Léigh Matha 6:9-13.) Ar dtús, dúirt sé gur cheart dóibh guí go naomhófaí ainm Dé. Ansin, dúirt sé leo guí go dtiocfadh Ríocht Dé agus go ndéanfaí toil Iehova ar fud an domhain. Dúirt Íosa linn guí ar son na rudaí tábhachtacha seo ar dtús, sula nguífeadh muid ar son ár riachtanais phearsanta. Nuair a thugann muid tús áite inár bpaidreacha d’Iehova agus dá thoil, léiríonn muid céard atá tábhachtach dúinne.

13. Cén fhad ar cheart dár bpaidreacha a bheith?

13 Cén fhad ar cheart dár bpaidreacha a bheith? Níl dada ráite sa mBíobla faoi seo. Is féidir lenár bpaidreacha a bheith fada nó gearr. Braitheann sé. Mar shampla, b’fhéidir go ndéarfadh muid paidir ghearr sula n-itheann muid béile, agus paidir níos faide nuair atá muid ag glacadh buíochais le Dia nó ag insint dó faoi na rudaí atá ag déanamh imní dúinn. (1 Samúéil 1:12, 15) Ní cheart dúinn a bheith ag déanamh gaisce as ár gcuid paidreacha, mar a rinne daoine in aimsir Íosa. (Lúcás 20:46, 47) Ní maith le hIehova paidreacha mar sin. Is tábhachtaí go mór d’Iehova go nguífeadh muid ónár gcroí amach.

14. Cé chomh minic is ar cheart dúinn guí, agus céard a thugann sé seo le fios dúinn faoi Iehova?

14 Cé chomh minic is ar cheart dúinn guí? Tugann Iehova cuireadh dúinn guí chuige go rialta. Deir an Bíobla gur cheart dúinn a bheith “ag guí gan staonadh.” (Matha 26:41; Rómhánaigh 12:12; 1 Teasalónaigh 5:17) Tá Iehova sásta éisteacht linn i gcónaí. Is féidir linn buíochas a ghlacadh leis gach lá as ucht a ghrá agus a fhlaithiúlacht. Is féidir linn achainí a dhéanamh air muid a neartú agus a threorú, agus sólás a thabhairt dúinn. Más mór againn an phribhléid guí chuig Iehova, labhróidh muid leis go minic.

15. Céard a chiallaíonn “áiméan”?

15 Cén fáth ar cheart “áiméan” a rá? Ciallaíonn an focal “áiméan” “cinnte,” nó “bíodh sé mar atá ráite.” Léiríonn sé go bhfuil muid dáiríre faoi gach a ndúirt muid inár bpaidir. (Salm 41:14 [41:13 i mBíoblaí eile]) Múineann an Bíobla dúinn freisin gur cheart “áiméan” a rá, go ciúin nó amach os ard, ag deireadh paidir phoiblí chun a thaispeáint go n-aontaíonn muid leis an méid a dúradh.—1 Croinicí 16:36; 1 Corantaigh 14:16.

AN CHAOI A bhFREAGRAÍONN DIA ÁR bPAIDREACHA

16. An bhfreagraíonn Iehova ár bpaidreacha?

16 An bhfreagraíonn Dia ár bpaidreacha? Freagraíonn. Deir an Bíobla faoi Dhia: “Ós tú a éisteann lenár nguí.” (Salm 65:3 [65:2 i mBíoblaí eile]) Éisteann Iehova leis na milliúin paidir ionraic, agus freagraíonn sé iad ar go leor bealaí difriúla.

17. Cén chaoi a n-úsáideann Iehova aingil agus a shearbhóntaí ar an talamh chun ár bpaidreacha a fhreagairt?

17 Úsáideann Iehova aingil agus a shearbhóntaí ar an talamh chun freagra a thabhairt ar ár bpaidreacha. (Eabhraigh 1:13, 14) Is iomaí duine a d’iarr cabhair ar Dhia leis an mBíobla a thuiscint, agus ar thug Finnéithe Iehova cuairt orthu go luath ina dhiaidh sin. Taispeánann an Bíobla go bhfuil na haingil páirteach i gcraobhscaoileadh an “dea-scéala” ar fud an domhain. (Léigh Apacailipsis 14:6.) Chomh maith leis sin, is iomaí duine againn a ghuí chuig Iehova faoi fhadhb ar leith agus a fuair an chabhair a bhí ag teastáil uainn ónár mbráithre.—Seanfhocail 12:25; Séamas 2:16.

Is féidir le hIehova ár bpaidreacha a fhreagairt tríd an gcabhair a fhaigheann muid ó Chríostaithe eile

18. Cén chaoi a n-úsáideann Iehova a spiorad naomh agus an Bíobla chun ár bpaidreacha a fhreagairt?

18 Úsáideann Iehova a spiorad naomh chun ár bpaidreacha a fhreagairt. Mar shampla, treoraíonn sé agus neartaíonn sé muid nuair a ghuíonn muid chuige faoi fhadhb a bhfuil muid ag déileáil léi. (2 Corantaigh 4:7) Úsáideann sé an Bíobla freisin chun ár bpaidreacha a fhreagairt agus chun cabhrú linn cinntí maithe a dhéanamh. Nuair a léann muid an Bíobla b’fhéidir go bhfaigheadh muid scrioptúr a chabhródh linn. Le linn cruinnithe, is féidir le hIehova duine éigin a spreagadh chun rud a rá a chabhródh linn, nó seanóir a spreagadh chun scrioptúr ar leith a roinnt linn.—Galataigh 6:1.

19. Cén fáth a bhfeictear dúinn uaireanta nach bhfuil Iehova ag freagairt ár bpaidreacha?

19 Ach b’fhéidir go bhfiafraíonn muid dínn féin uaireanta ‘Meas tú cén fáth nár fhreagair Iehova mo phaidreachasa fós?’ Cuimhnigh go bhfuil a fhios ag Iehova an uair is fearr agus an chaoi is fearr lenár bpaidreacha a fhreagairt. Tá a fhios aige céard a theastaíonn uainn. B’fhéidir go gcaithfeadh muid guí go minic faoin fhadhb chéanna chun a thaispeáint dó go bhfuil muid dáiríre faoin rud atá muid ag iarraidh air agus go bhfuil muinín againn as. (Lúcás 11:5-10) Uaireanta freagraíonn Iehova ár bpaidreacha ar bhealach nach mbíonn muid ag súil leis. Mar shampla, b’fhéidir go nguífeadh muid chuige faoi dheacracht éigin, ach in áit fáil réidh leis an deacracht sin, tugann sé cúnamh dúinn cur suas léi.—Léigh Filipigh 4:13.

20. Cén fáth ar cheart dúinn guí chuig Iehova go minic?

20 Nach iontach an phribhléid atá againn a bheith in ann guí chuig Iehova! Is féidir linn a bheith cinnte go n-éistfidh sé linn. (Salm 145:18) Agus dá mhéid ama a chaitheann muid ag guí chuig Iehova ónár gcroí amach, is ea is láidre a bheidh ár gcaidreamh leis.