Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEIST 4

Cén Chaoi a gCeartóidh Mé Mo Bhotúin?

Cén Chaoi a gCeartóidh Mé Mo Bhotúin?

TÁBHACHT NA CEISTE

Má admhaíonn tú do bhotúin léireoidh sé go bhfuil tú in ann freagracht a ghlacadh agus gur féidir brath ort.

CÉARD A DHÉANFÁ?

Samhlaigh é seo: Le linn dó a bheith ag spraoi, buaileann Tadhg liathróid agus briseann sé fuinneog ar charr a chomharsan.

Céard a dhéanfá dá mbeifeá i mbróga Thaidhg?

STOP AGUS SMAOINIGH ORT FÉIN!

TÁ TRÍ ROGHA AGAT:

  1. Rith.

  2. An milleán a chur ar dhuine éigin eile.

  3. É a insint do do chomharsa agus a rá leis go n-íocfaidh tú as an damáiste.

B’fhéidir go mbeadh fonn ort A a roghnú. Ach tá cúiseanna maithe ann do bhotúin a admháil—bídís beag nó mór.

TRÍ CHÚIS AR CHEART BOTÚIN A ADMHÁIL

  1. Is é an rud ceart é le déanamh.

    Deir an Bíobla: “Is mian linn sinn féin a iompar mar is cóir i ngach rud.”—Eabhraigh 13:18.

  2. Tá seans maith go dtabharfaidh daoine maithiúnas dóibh siúd a admhaíonn a gcuid botún.

    Deir an Bíobla: “Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.”—Seanfhocail 28:13.

  3. Níos tábhachtaí fós, cuireann sé gliondar ar Dhia.

    Deir an Bíobla: “Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh [nó, an bhréagadóra]; ach is gean leis lucht labhartha na fírinne.”—Seanfhocail 12:22

Ní raibh Karina ag iarraidh insint dá hathair go raibh pointí pionóis faighte aici. Ach ní raibh sí in ann é a choinneáil faoi rún go deo. Deir Karina: “Thug m’athair faoi deara go raibh pointí pionóis curtha ar mo cheadúnas timpeall is bliain ina ndiaidh sin. Bhí mé i dtrioblóid!”

An ceacht? Deir Karina: “Déanann sé rudaí níos measa má choinníonn tú botúin faoi rún. Íocann tú astu níos déanaí!”

FOGHLAIM Ó DO CHUID BOTÚN

Deir an Bíobla: “Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir.” (Séamas 3:2) Nuair a adhmhaíonn tú do chuid botún láithreach bonn, is comhartha é go bhfuil tú uiríseal agus aibí.

An chéad chéim eile: foghlaim ó do chuid botún. Deir Vera: “Déanaim iarracht ceacht a fhoghlaim ó gach botún, rud a chabhraíonn liom déileáil níos fearr leis na fadhbanna sin arís.” Feicfidh muid anois an chaoi ar féidir leat é sin a dhéanamh.

Faigheann tú rothar ar iasacht ó d’athair agus déanann tú damáiste dó. Céard a dhéanfaidh tú anois?

  • Ní insíonn tú do d’athair faoi, ag súil nach dtabharfaidh sé an damáiste faoi deara.

  • Insíonn tú do d’athair faoin méid a tharla.

  • Insíonn tú do d’athair faoi, ach cuireann tú an milleán ar dhuine éigin eile.

Teipeann ort sa scrúdú mar gheall nach ndearna tú aon staidéar. Céard a dhéanfaidh tú anois?

  • Cuireann tú an milleán ar an scrúdú.

  • Admhaíonn tú gur ort féin atá an locht.

  • Maíonn tú go bhfuil rud éigin ag an múinteoir i d’aghaidh.

Má bhíonn muid go síoraí ag cuimhneamh ar ár mbotúin, tá sé mar a bheadh muid ag tiomáint cairr agus ag breathnú sa scáthán cúil ag an am céanna

Anois déan athbhreithniú ar na cásanna sin agus samhlaigh gur tú (1) d’athair agus (2) do mhúinteoir. Céard a cheapfadh d’athair agus do mhúinteoir duit dá n-admhófá do chuid botún? Céard a cheapfaidís duit dá gceilfeá iad?

Anois cuimhnigh ar bhotún a rinne tú le bliain anuas agus freagair na ceisteanna seo a leanas.

Cén botún a rinne tú? Cén chaoi ar láimhseáil tú é?

  • Cheil mé é.

  • Chuir mé an milleán ar dhuine éigin eile.

  • D’admhaigh mé é.

Má cheil tú do bhotún, cén chaoi ar mhothaigh tú?

  • Iontach—D’éirigh liom!

  • Ciontach—Ba cheart dom an fhírinne a insint.

An raibh bealach níos fearr ann chun an cás a láimhseáil?

Céard atá foghlamtha agat ó do bhotún?

MEAS TÚ:

Cén fáth nach n-admhaíonn cuid de na daoine a gcuid botún?

Céard a cheapfaidh daoine duit má bhíonn tú ag ceilt do chuid botún i gcónaí? Céard a cheapfaidh siad duit má admhaíonn tú do chuid botún?—Lúcás 16:10