Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEIST 5

Céard a Dhéanfaidh Mé Faoin mBulaíocht?

Céard a Dhéanfaidh Mé Faoin mBulaíocht?

TÁBHACHT NA CEISTE

Is féidir leis an gcaoi a láimhseálann tú bulaíocht, rudaí a dhéanamh níos fearr—nó níos measa.

CÉARD A DHÉANFÁ?

Samhlaigh é seo: Níl Tomás ag iarraidh a dhul ar scoil inniu. Ná amárach. Ná go deo arís. Thosaigh sé seo trí mhí ó shin, nuair a scaip a chomhscoláirí ráflaí mailíseacha faoi. Ansin thosaigh na leasainmneacha. Is minic a bhuaileann duine éigin faoi Thomás, de thimpiste mar dhea, ag cur a chuid leabhair amach as a lámh. Uaireanta eile, brúitear sa droim é agus faoin am a n-iompaíonn sé thart, ní bhíonn sé in ann a dhéanamh amach cé a bhrú é. Inné, chuaigh a chás in olcas nuair a rinneadh bulaíocht ar líne air.

Céard a dhéanfá dá mbeifeá i mbróga Thomáis?

STOP AGUS SMAOINIGH ORT FÉIN!

Tá bealach amach as seo. Is féidir leat an ceann is fearr a fháil ar bhulaí gan buille a bhualadh. Cén chaoi?

  • COINNIGH SRIAN ORT FÉIN. Deir an Bíobla: “Scaoileann an t-amadán lena racht feirge, ach cuireann an saoi srian leis.” (Seanfhocail 29:11) Má fheiceann na bulaithe nach bhfuil tú ag cailleadh an chloiginn, b’fhéidir go stopfaidís.

  • NÁ BAIN DÍOLTAS AMACH. Deir an Bíobla linn gan a bheith ag déanamh ‘an oilc in aghaidh an oilc.’ (1 Teasalónaigh 5:15) Má théann tú ar thóir an díoltais, déanfaidh sé rudaí níos measa duit.

  • SEACHAIN AN TRIOBLÓID. Deir an Bíobla: “Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh.” (Seanfhocail 22:3) Más féidir, fan glan ar áiteanna a dtarlaíonn bulaíocht agus ar dhaoine a bhíonn ag tarraingt trioblóide.

  • TABHAIR FREAGRA NACH BHFUIL AON SÚIL ACU LEIS. Deir an Bíobla: “Cuireann freagra séimh an fhearg ar gcúl.” (Seanfhocail 15:1) Is féidir leat greann a úsáid freisin. Mar shampla, má deir an bulaí go bhfuil tú róthrom, d’fhéadfá a rá leis: “Is dóigh go bhféadfainn cúpla punt a chailleadh!”

  • IMIGH LEAT. “Taispeánfaidh sé seo go bhfuil tú níos aibí ná an bulaí,” a deir Nora atá 19. “Léiríonn sé go bhfuil féinsmacht agat—rud nach bhfuil ag an mbulaí.”—2 Tiomóid 2:24.

  • BÍODH FÉINMHUINÍN AGAT. De ghnáth, piocann bulaithe orthu siúd nach bhfuil mórán muiníne acu, ach ní bhacann siad leis an té atá in ann seasamh suas dó féin.

  • INIS DO DHUINE ÉIGIN FAOI. Dúirt iar-mhúinteoir scoile: “Tá mé ag impí ar aon duine atá bulaíocht á dhéanamh air, labhairt faoi. B’fhéidir go stopfadh sé bulaíocht á dhéanamh ar dhuine éigin eile.”

Tabharfaidh féinmhuinín misneach duit, sin rud nach bhfuil ag an mbulaí