CEIST 6
Cén Chaoi a Seasfaidh Mé In Aghaidh Piarbhrú?
CÉARD A DHÉANFÁ?
Samhlaigh an cás seo: Tá a chroí ina bhéal ag Brian agus beirt dá chomhscoláirí ag siúl ina threo. Tá siad tar éis brú a chur air faoi dhó le gairid, toitín a chaitheamh. Is í seo an tríú hiarracht acu.
Labhraíonn an chéad bhuachaill:
“Leat féin arís? Fág seo go gcuirfidh mé cara in aithne duit.”
Chaoch sé an tsúil agus “cara” á rá aige. Tógann sé rud éigin amach as a phóca agus síneann sé ag Brian é.
Feiceann Brian an toitín ina lámh. Tagann tuilleadh imní air.
“Tá brón orm,” arsa Brian. “Tá sé ráite cheana agam libh nach . . . ”
Gearrann an dara buachaill trasna air: “Ná bí i do chladhaire!”
Ghlac Brian misneach agus dúirt: “Ní cladhaire mé!”
Cuireann an dara buachaill a lámh timpeall ar ghuaillí Bhriain. “Ara tóg é,” a deir sé go séimh.
Cuireann an chéad bhuachaill an toitín níos gaire d’éadan Bhriain, ag rá: “Ní bheidh a fhios ag aon duine faoi.”
Céard a dhéanfá dá mbeifeá i mbróga Bhriain?
STOP AGUS SMAOINIGH ORT FÉIN!
Meas tú ar smaoinigh comhscoláirí Bhriain orthu féin? An ag déanamh a gcinntí féin atá siad? Ní dócha é. Tá siad ag iarraidh go nglacfaidh daoine eile leo, mar sin leanann siad an slua.
Céard a dhéanfá dá mbeifeá sa mbád céanna?
-
BÍ FAOI RÉIR
Deir an Bíobla: “Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.”—Seanfhocail 22:3.
Is minic gur féidir leat trioblóid a fheiceáil amach romhat. Mar shampla, b’fhéidir go bhfeicfeá grúpa de do chomhscoláirí ag caitheamh tobac. Má bhíonn tú faoi réir, beidh tú réidh le dul i ngleic leis an bhfadhb.
-
SMAOINIGH
Deir an Bíobla: “Coinnigh . . . an coinsias glan.”—1 Tiomóid 1:19.
Fiafraigh díot féin, ‘Cén chaoi a mothóinn dá leanfainn an slua?’ B’fhéidir go mbeifeá in ann do chomhscoláirí a shásamh ar feadh tamaill, ach cén chaoi a mothóidh tú níos déanaí? An bhfuil tú sásta a dhul in aghaidh an rud a sheasann tú dó?—Eaxodus 23:2.
-
DÉAN CINNEADH
Deir an Bíobla: “Mar a chuireann duine an síol is ea a bhainfidh sé an fómhar.”—Galataigh 6:7.
Luath nó mall, caithfidh tú rogha a dhéanamh agus maireachtáil leis an toradh a bheidh air. Déanann an Bíobla cur síos ar fhir ar nós Iósaef, Iób, agus Íosa, a rinne an rogha ceart. Déanann sé cur síos freisin ar fhir ar nós Cháin, Éasau agus Iúdás, a rinne an rogha mícheart. Céard a dhéanfaidh tusa?
Deir an Bíobla: “An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán.” (Lúcás 16:10) Má dhéanann tú suas d’intinn roimh ré, beidh iontas ort cé chomh héasca agus chomh sásúil is a bheidh sé an fód a sheasamh.
Ná bíodh imní ort—ní gá duit léacht a thabhairt do do chomhscoláirí. Is leor iad a dhiúltú, agus freagra láidir a thabhairt ar nós:
-
“Ná bac liomsa!”
-
“Ní bhacaim leis an gcineál sin rud!”
-
“Nach bhfuil aithne níos fearr ná sin agaibh orm!”
Ní mór duit labhairt amach go misniúil ar an bpointe. Má dhéanann tú é sin, b’fhéidir go gcuirfeadh sé iontas ort cé chomh tapa is a éireoidh siad as!
AG DÉILEÁIL LE MAGADH
Má ghéilleann tú don bhrú a thagann ó do phiarghrúpa, beidh tú mar a bheadh róbat ann atá faoina smacht
Céard is féidir leat a dhéanamh má bhíonn do phiarghrúpa ag magadh fút—ag rá rudaí ar nós, “Céard atá mícheart—an bhfuil eagla ort?” Cén chaoi ar féidir leat déileáil leis an bpiarbhrú seo? Tá ar a laghad dhá rogha agat.
-
D’fhéadfá “Tá an ceart agat, tá eagla orm!” a rá. Ansin, mínigh cén fáth.
-
D’fhéadfá an brú a chur ar ais orthu. Mínigh an chúis a bhfuil tú á ndiúltú, agus cuir ag cuimhneamh orthu féin iad. (“Cheap mé go raibh tú róchliste le tobac a chaitheamh!”)
Má leanann do chomhscoláirí orthu ag magadh fút, imigh leat! Ós faide a fhanann tú is ea is mó a mhéadóidh an brú ort. Nuair a imíonn tú leat, tugann tú le fios nach gceadaíonn tú d’aon duine tú a athrú.
I ndáiríre, ní féidir éalú ó phiarbhrú. Ach is féidir leat a roghnú céard atá tú ag iarraidh a dhéanamh faoi. Is fút féin atá sé an rogha sin a dhéanamh!—Iósua 24:15.