Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEIST 8

Céard a Dhéanfaidh Mé Faoi Ionsaí Gnéis?

Céard a Dhéanfaidh Mé Faoi Ionsaí Gnéis?

TÁBHACHT NA CEISTE

Gach bliain éignítear nó déantar mí-úsáid gnéis ar na milliúin duine, agus is ar dhaoine óga is minice a dhéantar ionsaí.

CÉARD A DHÉANFÁ?

Sula raibh a fhios aici céard a bhí ag tarlú chaith an té a d’ionsaigh Annette ar an talamh í. “Rinne mé gach iarracht é a throid,” a dúirt sí. “Rinne mé iarracht scread a ligean ach ní raibh mé in ann. Bhí mé ag brú, ag ciceáil, ag bualadh, agus ag scríobadh. Ach ansin mhothaigh mé an scian á shá ionam agus d’imigh an mothú asam.”

Céard a dhéanfá dá dtarlódh sé seo duitse?

STOP AGUS SMAOINIGH ORT FÉIN!

Cé go mb’fhéidir go mbíonn tú ar an airdeall—mar shampla, agus tú ag taisteal san oíche—fós féin, tarlaíonn drochrudaí. Deir an Bíobla nach é an duine is sciobtha a bhuann an rás i gcónaí, mar go dtarlaíonn drochrudaí nach mbíonn súil ar bith leo.—Cóheilit 9:11

Cé gur minic gur strainséir a ionsaíonn daoine óga, cosúil le hAnnette, is duine a bhfuil aithne acu air nó fiú duine muinteartha, a ionsaíonn daoine óga eile. Ní raibh Natalie ach deich mbliana d’aois nuair a rinne déagóir a bhí ina chónaí in aice léi, ionsaí gnéis uirthi. “Bhí mé chomh scanraithe agus chomh náirithe sin nár dhúirt mé dada le haon duine faoi ar dtús,” a dúirt sí.

NÍ ORTSA ATÁ AN MILLEÁN

Mothaíonn Annette ciontach fós faoin méid a tharla di. “Bím i gcónaí ag cuimhneamh ar an rud a tharla an oíche sin,” a deir sí. “Mothaím gur cheart dom níos mó a bheith déanta agam. Ach nuair a sháigh sé mé bhí mé scanraithe. Ní raibh mé in ann aon rud eile a dhéanamh.”

Mothaíonn Natalie ciontach freisin. “Ba cheart dom a bheith níos airdeallaí,” a deir sí. “Bhí riail ag mo thuismitheoirí go bhfanfainn féin agus mo dheirfiúr le chéile agus muid ag spraoi taobh amuigh; ach níor thug mé aon aird orthu. Dá bhrí sin mothaím gur thug mé an deis do mo chomharsa mé a ghortú. Ghoill an méid a tharla go mór ar mo chlann, agus mothaím gur mise a tharraing an trioblóid seo orthu. Sin é is mó a chuireann isteach orm.”

Má tá tú ag mothú an chaoi chéanna le hAnnette nó Natalie, smaoinigh gur in aghaidh a thola a éignítear duine. Is minic a dhéanann daoine beag den éigniú, ag rá gurb é nádúr na mbuachaillí rud mar sin a dhéanamh, nó gur ar an té a héigniú a bhí an milleán. Ach níl éigniú tuillte ag aon duine. Is coir uafásach é. Má tharla sé duitse, ní ortsa atá an milleán!

I ndáiríre, tá sé éasca an ráiteas “ní ortsa atá an milleán” a léamh, ach níl sé éasca é a chreidiúint. Tá daoine ann nach labhraíonn amach de bhrí go mothaíonn siad go dona fúthu féin. Ach cé dó a rachaidh sé chun tairbhe mura labhraíonn tú amach—duitse nó don té a d’ionsaigh thú? Ní mór duit an rogha a thiocfaidh chun tairbhe duit féin a dhéanamh.

INIS DO SCÉAL

Déanann an Bíobla cur síos ar an méid a dúirt Iób nuair a bhí sé i gcruachás: “Labhróidh mé ó shearbhas [nó, ó chruachás] m’anama.” (Iób 10: 1) D’fhéadfá féin an rud céanna a dhéanamh. Má labhraíonn tú le cara cabhróidh sé leat dul i ngleic le gach ar tharla duit, agus faoiseamh a fháil.

B’fhéidir go bhfuil an t-ualach róthrom le hiompar leat féin. Cén fáth nach labhraíonn tú le duine éigin faoin gcaoi a mothaíonn tú?

Bhí sé seo fíor i gcás Annette. Dúirt sí: “Labhair mé le mo chara faoi, agus mhol sí dom labhairt le beirt de na seanóirí i mo phobal. Tá mé sásta gur labhair. Labhair siad go minic liom agus d’inis siad an fhírinne dom—sé sin, nach ormsa a bhí an milleán faoin méid a tharla. Ní raibh neart ar bith agam air.”

Labhair Natalie lena tuismitheoirí. “Thug siad tacaíocht dom,” a deir sí. “Mhol siad dom labhairt faoi, agus chabhraigh sé sin liom déileáil leis an mbrón agus leis an bhfearg.”

Fuair Natalie sólás i nguí freisin. “Ba mhór an cúnamh é labhairt le Dia,” a deir sí, “ach go háirithe nuair a mhothaigh mé nach raibh mé in ann labhairt le haon duine eile. Nuair a bhím ag guí, bíonn saorchead cainte agam. Is mór an faoiseamh dom é.”

Is fíor go bhfuil “tráth leighis” ann duitse freisin. (Cóheilit 3:3) Tabhair aire do do shláinte coirp agus intinne. Lig do scíth. Agus thar aon ní eile, cuir do mhuinín in Iehova, Dia an tsóláis uile.—2 Corantaigh 1:3, 4.

MÁ TÚ SÁCH SEAN CHUN SIÚL AMACH LE DUINE

Más cailín thú agus má tá brú á chur ort páirt a ghlacadh in iompar neamhghlan, ná bíodh eagla ort labhairt amach agus, “Ná déan é sin!” nó, “Bain díom do chuid lámha!” a rá. Labhair amach agus ná bíodh eagla ort go mbrisfidh do bhuachaill suas leat. Má bhriseann, ní fiú é a choinneáil! Tá fear maith tuillte agat—fear a bhfuil meas aige ar do cholainn agus ar do chuid prionsabail.

CEISTEANNA FAOI CHIAPADH GNÉIS

“Nuair a bhí mé ar scoil, tharraingíodh na buachaillí mo chíochbheart (nó, bra) agus mhaslaídís mé ag rá go mothóinn níos fearr dá mbeadh gnéas agam leo.”—Coretta.

An ndéarfá go raibh na buachaillí

  1. Ag spochadh aisti?

  2. Ag radaireacht?

  3. Ag déanamh ciapadh gnéis uirthi?

“Ar an mbus, thosaigh buachaill ag rá rudaí gránna liom agus ag breith orm. Bhuail mé ar an lámh é agus dúirt mé leis imeacht. Bhreathnaigh sé orm amhail is go raibh mé imithe as mo mheabhair.”—Candice.

An ndéarfá go raibh na buachaillí

  1. Ag spochadh aisti?

  2. Ag radaireacht?

  3. Ag déanamh ciapadh gnéis uirthi?

“Anuraidh, choinnigh buachaill ag rá liom gur thaitin mé leis agus go raibh sé ag iarraidh a dhul amach liom, cé go raibh mé á dhiúltú go seasta. Chuimlíodh sé mo lámh. Dúirt mé leis stopadh, ach ní stopadh sé. Ansin bhuail sé ar an tóin mé nuair a bhí mé ag ceangal mo bhróg.”—Bethany.

An ndéarfá go raibh na buachaillí

  1. Ag spochadh aisti?

  2. Ag radaireacht?

  3. Ag déanamh ciapadh gnéis uirthi?

Is é C an freagra ceart i ngach cás.

Cén difríocht atá idir ciapadh gnéis agus radaireacht nó spochadh?

Tá ciapadh gnéis aontaobhach. Ní stopann an té atá á dhéanamh, fiú nuair a deirtear leo stopadh.

Is rud tromchúiseach é an ciapadh gnéis. D’fhéadfadh ionsaí gnéis tarlú dá bharr.