Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEIST 10

Cén Chaoi a gCabhróidh an Bíobla Liom?

Cén Chaoi a gCabhróidh an Bíobla Liom?

TÁBHACHT NA CEISTE

Deir an Bíobla: “Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh [nó, inspioráid] Dé faoi.” (2 Tiomóid 3:16) Más fíor é seo, is féidir leis an mBíobla an treoir a theastaíonn uait a thabhairt duit.

CÉARD A DHÉANFÁ?

Samhlaigh an cás seo: Tá David ag tiomáint, ach níl a fhios aige cá bhfuil sé. Feiceann sé ó na comharthaí sráide nach bhfuil sé san áit cheart. Tuigeann David go bhfuil sé imithe amú. Is dócha gur thóg sé an bóthar mícheart ag pointe éigin.

Céard a dhéanfá dá mbeifeá i mbróga David?

STOP AGUS SMAOINIGH ORT FÉIN!

Tá roinnt roghanna agat:

  1. Fiafraigh fios an bhealaigh ar dhuine éigin.

  2. Féach ar léarscáil, nó úsáid córas suite domhanda (GPS).

  3. Lean ort ag tiomáint ag súil go dtiocfaidh tú ar an mbóthar ceart.

Is léir nach bhfuil mórán maitheasa le Rogha C.

Tá Rogha B níos fearr, mar dá mbeadh léarscáil nó GPS agat i rith an turais, chabhródh sé leat an cúrsa ceart a aimsiú.

Is féidir leis an mBíobla treoir a thabhairt duit chomh maith!

Is féidir leis an leabhar clúiteach seo

  • treoir a thabhairt duit chun déileáil le fadhbanna an tsaoil

  • cabhrú leat aithne a chur ort féin agus tú féin a fheabhsú mar dhuine

  • cabhrú leat saol maith a bheith agat

AG FREAGAIRT CEISTEANNA MÓRA AN tSAOIL

Ón nóiméad a thosaíonn muid ag caint, cuireann muid ceisteanna.

  • Cén fáth a bhfuil dath gorm ar an spéir?

  • Cé as atá na réaltaí déanta?

Níos déanaí tosaíonn muid ag cur ceisteanna faoin saol.

  • Cén fáth a dtarlaíonn drochrudaí?

  • Cén fáth a bhfaigheann daoine bás?

Cén chaoi a mbeadh sé dá mba rud é go raibh na freagraí sa mBíobla an t-am go léir?

Bíonn go leor daoine ag rá go bhfuil an Bíobla lán de mhiotais agus d’fhinscéalta, go bhfuil sé as dáta, nó go bhfuil sé ródheacair le tuiscint. Ach an é an Bíobla an fhadhb, nó an é an rud a cheapann daoine atá sa mBíobla an fhadhb? Meas tú an bhfuil an t-eolas ceart acu?

Mar shampla, ceapann daoine go bhfuil sé ráite sa mBíobla go bhfuil Dia ag rialú an domhain. Ach an bhfuil sé seo fíor? Tá an saol imithe ó smacht! Tá sé lán de phian agus d’fhulaingt, tinneas agus bás, bochtaineacht agus tubaiste. Cén chaoi a bhféadfadh Dia grámhar a bheith freagrach as seo go léir?

Ar mhaith leat freagra na ceiste sin a fháil? B’fhéidir go gcuirfeadh an méid atá ráite sa mBíobla faoin té atá i gceannas an domhain iontas ort!

Is dócha gur thug tú faoi deara go bhfuil an chomhairle atá sa mbróisiúr seo bunaithe ar an mBíobla. Tá Finnéithe Iehova cinnte gur féidir muinín a chur i dtreoir an Bhíobla. Is é an chúis atá leis sin ná go bhfuil “tinfeadh [nó, inspioráid] Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhréagnú, chun daoine a cheartú.” (2 Tiomóid 3:16, 17) Is fiú go mór duit an leabhar ársa seo a scrúdú, mar tá a threoir chomh héifeachtach céanna inniu is a bhí nuair a scríobhadh é!