Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 3

Bhí Ádhamh agus Éabha Easumhal do Dhia

Bhí Ádhamh agus Éabha Easumhal do Dhia

Lá amháin nuair a bhí Éabha aisti féin labhair nathair léi. D’fhiafraigh sé di: ‘An bhfuil sé fíor nach ligfidh Dia cead duit ithe de gach crann sa ngairdín?’ Dúirt Éabha: ‘Is féidir linn ithe de gach crann sa ngairdín, ach de chrann amháin. Má itheann muid de thoradh an chrainn sin gheobhaidh muid bás.’ Dúirt an nathair: ‘Ní bhfaighidh tú bás. Ach má itheann tú de, beidh tú cosúil le Dia.’ An raibh sé sin fíor? Ní raibh, bréag a bhí ann. Ach chreid Éabha é. Dá mhéad a bhreathnaigh Éabha ar an toradh is ea is mó a mhéadaigh a dúil ann. D’ith sí an toradh agus thug sí cuid de d’Ádhamh. Bhí a fhios aigesean go bhfaighidís bás dá mbeidís easumhal do Dhia. Mar sin féin, d’ith sé an toradh.

Níos déanaí sa lá, labhair Iehova le hÁdhamh agus Éabha. D’fhiafraigh sé díobh cén fáth a raibh siad easumhal dó. Chuir Éabha an milleán ar an nathair, agus chuir Ádhamh an milleán ar Éabha. Chuir Iehova Ádhamh agus Éabha amach as an ngairdín mar gheall go raibh siad easumhal dó. Chun a chinntiú nach dtiocfaidís ar ais sa ngairdín, chuir sé aingil agus claíomh lasrach ag gardáil an bhealaigh isteach ann.

Dúirt Iehova freisin go mbeadh pionós le cur ar an té a d’inis an bhréag d’Éabha. Níorbh é an nathair a labhair le hÉabha. Níor chruthaigh Iehova nathracha a bhí in ann caint. Ba dhrochaingeal a bhain caint as an nathair. Rinne sé é seo chun cleas a imirt ar Éabha. Tugtar Sátan agus Diabhal mar ainm ar an aingeal sin. Cuirfidh Iehova deireadh le Sátan amach anseo, agus ní bheidh sé in ann daoine a mhealladh le drochrudaí a dhéanamh níos mó.

“Ba dhúnmharfóir é [an Diabhal] ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann.”—Eoin 8:44