Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 5

Áirc Naoi

Áirc Naoi

De réir a chéile, mhéadaigh líon na ndaoine ar an talamh. Ba dhrochdhaoine iad a bhformhór. In imeacht ama, d’iompaigh cuid de na haingil amach go dona freisin. D’fhág siad a n-áit chónaithe ar neamh le teacht anuas ar an talamh. An bhfuil a fhios agat cén fáth a ndearna siad é sin? Bhí siad ag iarraidh cruth daonna a chur orthu féin sa gcaoi is go mbeidís in ann mná a phósadh.

Bhí clann mhac ag na haingil leis na mná. Ba bhulaithe móra láidre a bhí sna mic seo, nuair a d’fhás siad suas. Bhídís ag gortú daoine. Níor lig Iehova cead do rudaí leanúint ar aghaidh mar a bhí. Bheartaigh sé na drochdhaoine go léir a scriosadh le díle.

Ach bhí fear maith amháin ann. Bhí grá aige d’Iehova. Naoi an t-ainm a bhí air. Bhí bean ag Naoi agus triúr mac, Séam, Hám agus Iáfat. Bhí bean an duine ag an triúr mac. Dúirt Iehova le Naoi áirc mhór a thógáil chun é féin agus a chlann a choinneáil slán nuair a thiocfadh an Díle Mhór. Bosca mór millteach is ea áirc, atá in ann snámh ar uisce. Ansin dúirt Iehova le Naoi ainmhithe a thabhairt isteach san áirc, le go dtiocfaidís-san slán freisin.

Thosaigh Naoi ag tógáil na háirce. Chaith Naoi agus a chlann tuairim is 50 bliain á tógáil. Thóg siad an áirc díreach mar a bhí leagtha síos ag Iehova dóibh. Le linn an ama sin, bhí Naoi ag tabhairt foláireamh do na daoine go raibh an Díle ag teacht. Ach níor éist aon duine leis.

Faoi dheireadh, bhí sé in am a dhul isteach san áirc. Céard a tharla ansin?

“Amhail mar a bhí laethanta Naoi, is amhlaidh sin a bheidh téarnamh Mhac an Duine.”—Matha 24:37