Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 6

Tagann Ochtar Slán ón Díle

Tagann Ochtar Slán ón Díle

Chuaigh Naoi, a chlann agus na hainmhithe isteach san áirc. Dhún Iehova an doras, ansin thosaigh an bháisteach. Chaith sé an oiread sin báistí gur shnámh an áirc. Tar éis tamaill, bhí an domhan ar fad faoi uisce. Fuair na drochdhaoine ar fad, a bhí taobh amuigh den áirc, bás. Ach bhí Naoi agus a chlann slán sábháilte taobh istigh. Samhlaigh an ríméad a bhí orthu gur fhan siad umhal d’Iehova!

Thit an bháisteach ar feadh 40 lá agus 40 oíche, agus ansin stop sí. De réir a chéile thráigh an t-uisce. Sa deireadh, thriomaigh an áirc ar shliabh. Ach fós féin bhí go leor uisce i ngach áit, agus ní raibh Naoi ná a chlann in ann a dhul amach as an áirc.

In imeacht ama, thriomaigh an talamh. Chaith Naoi agus a chlann os cionn bliana san áirc. Ansin dúirt Iehova leo go bhféadfaidís a dhul amach as an áirc le cónaí ar dhomhan nua suaimhneach. Bhí siad an-bhuíoch gur shábháil Iehova iad agus rinne siad ofráil dó lena mbuíochas a chur in iúl.

Bhí Iehova sásta leis an ofráil seo. Gheall sé nach scriosfadh sé gach ní ar an talamh le díle arís go deo. Mar chomhartha ar an ngealltanas sin chuir sé an tuar ceatha sa spéir. An bhfaca tusa tuar ceatha riamh?

Ansin dúirt Iehova le Naoi agus lena chlann páistí a bheith acu agus an domhan a líonadh.

“Faoi mar a bhí siad sna laethanta úd roimh an díle . . . go dtí an lá a ndeachaigh Naoi san áirc, agus gan a fhios acu aon ní gur tháinig an díle agus gur sciob léi iad uile.”—Matha 24:38, 39